Plus ça change, plus ça le meme chose….

Tá sé spéisiúil féachaint siar ar na blianta atá thart agus strac fhéachaint a thogaint ar na h-iarrachtaí a deineadh, agus an scagadh a deineadh orthu, an Ghaeilge a athbheochan.   Tá cuid de lucht leitheoireachta iGaeilge a bhí beo sna 60í, sara thánas féin ar an saol, agus mhol siad an paimpfléad seo, Irish Above Politics le Máirtín O Cadhain, mar abhar leitheoireachta. 

Táim tar éis é a ordú ó Chló Iar Chonnachta theana féin – €1 an costas.  Ach cheana féin, tá sé feicthe agus léite agam nó d’fhoilsíodh é tamall ó shin ar bhlag Ghael Gan Náire.   

Seo chughaibh cúpla sliocht atá abharach, creidim, don diospóireacht a bhí againn ar ball beag. 

I may say that those proposed momentary alignments are from my own point of view extremely distasteful, running counter to a life-long attitude. I have never voted for any political party, Labour or Fianna Fail, no more than for Fine Gael, Clann na Poblachta or Sinn Fein. I am also well aware that Fianna Fail have precious little to show in. the language promotion line in thirty years of power, in fact less than Cumann na nGael, the forerunner of Fine Gael, had in ten or twelve.

I know that neither Fianna Fail nor Labour will have anything to show in the future unless constant intelligent pressure and, at times, doses of prudently administered compulsion are brought to bear on them. Their answer to everything will be more and more commissions relegated to dead letter boxes, huge dumps of fish offals for Revival land lubbers, if they do not see that there is sufficient courage and determination to change caterwauling into action.

Sin atá i gceist agam leis an mbrú a bhíonn á dhíriú agam ar na pairtithe pholatúla – ‘intelligent pressure’.  Bhuel, is brú atá ann ar aon nós agus séard a bhím ag súil leis go mbionn sé ciallmhar.   Thuig mé gur eirigh go réasúnta maith leis an straitéis sin agus Lá Nua ag brú ag tús na bliana seo agus go déanach anuraidh ar son Chiste Craoltóíreachta na Gaeilge a tharrtháil.    Anois, agus mé ag brú ar son Lá Nua a choinneáil beo, táim ag smaoineamh gur féidir ná raibh an straitéis chomh ciallmhar nó, mar atá’s againn, bhí láimh ag Sinn Féin, a chaineamar go tréan roimhe seo mar gheall ar easpa chur chuige an phairtí ar cheist an Chiste agus a bheartaigh, is cosúil, de réir an cháineadh sin chun an Chiste a tharrtháil, sa chinneadh conradh nua a shéanadh ar nuachtán laethúil na Gaeilge, Lá Nua. 

Mar sin de, an bhfuil ceacht le foghlaim as seo?  Tá, dar liom,  agus is é an ceacht go bhfuil gá le brú a choinneáil ar phairtithe pholatúla chun torthaí pholatúla a bhaint amach.  Cinnte tá ionadaithe eile ar bhórd an Fhorais, ach is ionadaithe iad atá roghnaithe ag an Aire Uí Chuív agus fiú má tá siad ceangailte le pairtí pholatúil amháin nó eile, níl an cheangal sin chomh soiléir is chomh follasach is atá sé i gcás ionadaithe Shinn Féin ar bhórd an Fhorais.   Is féidir a rá le lucht tacaíochta SF, mar shampla, má tá siad ag iarraidh do vóta an chéad toghchán eile agus beidh toghcháin ann an bhliain seo chughainn, idir áitiúil agus Eorpach, iarr orthu beart a dhéanamh ar son nuachtán laethúil Ghaeilge, nó Coláiste Speirín, nó an Ghaeloideachas, nó Ciste Craoltóireachta níos mó agus níos fearr, nó Acht Ghaeilge a reachtú [seachas gan ach t-léine a chaitheamh ar shon na cúise].  

Nuair a thagann an deis a chur ar Fhianna Fáil, ar Fhine Gael, ar an Lucht Oibre, ar an gComhaontas Glas, ar an bPáirtí Daonláthach, úps, ar an iar Pháirtí Daonláthach agus eile, déanfaidh mé amhlaidh.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s