Méadú 62% ar Chiste na Gaeilge, faic breise don bhForas

Caithfear a rá gurb é an ceannlíne don Ghaeilge ón mBuiséad an ardú shuntasach do Chiste na Gaeilge, is é sin an chiste discréideach faoi lámha an Aire, agus an cinneadh gan oiread is pingin rua sa bhreis a thabhairt don bhForas.   Tá na firicí iomlána ar fáil anseo, i mBéarla, ar Lgh 60/61. 

Tá méadú de 62% ar Chiste na Gaeilge agus an bhliain seo chughainn beidh €8.61m i sparán an Aire le caitheamh ar imeachtaí Ghaeilge taobh amuigh den nGaeltacht.  Is ón gCrannchar Náisiúnta a thagann an t-airgead seo.  Suimiúil go leor tá furmhór an airgid seo dírithe ar chaiteachas reatha seachas ar chaipitil rud a thugann le fios nach bhfuil aon clár oibre suntasach ann go fóill chun cultúrlannaí a mhaoiniú ar fuaid na tíre mar a gealladh dhá bhliain ó shin ag OIreachtas na Samhna i nDoire. 

I gcodarsnacht ar sin tá airgead an Fhorais Teanga mar a bhí sé – ag €18.6m agus ciallóidh sin nach mbeidh aon laghdú nó méadú ar mhaoiniú Fhoras na Gaeilge.  Ní feidir ach meabhrú go bhfuil sé aisteach go mbeadh Ciste na Gaeilge á mhéadú go suntasach agus gan aon airgead breise a bheith ag dul don bhForas – ar ndoigh is institiúid uile Eireann atá i gceist leis an bhForas agus is ciste 26 contae atá i gceist le Ciste na Gaeilge agus b’fheidir nár mhaith leis an Roinn go mbeadh airgead na Gaeilge á chaitheamh ó thuaidh den teorainn an oiread is go gceapann siad é sin a bheith ag tarlú. 

Tá laghdaithe suntasacha sa mhaoiniú sa Ghaeltacht – san iomlán tá laghdú de 14% ar mhaoiniú na nGaeltachtaí agus na h-Oileáin, sin laghdú ó €105m go €90m.    Laghdófar maoiniú an Udaráís ó €27m go dtí €25m an bhliain seo chughainn.   Tá laghdú freisin ar an maoiniú d’Oifig an Choimisinéara Teanga, laghdú de 7% ó €1.04m anuraidh go dtí €9.6m i 2009. 

Cad iad na h-iarmhairtí uaidh seo ar fad – níl a fhios go fóill.  Ach gach seans má tá tusa ag obair in earnáil na Gaeilge nó na Gaeltachta go mbeidh púca an Bhuiséid ag teacht chomh fada leat go luath.

Chuaigh mé ag lorg aon daileadh airgid don Ghaeilge i mbuiséad na Roinne Oideachais – agus ní raibh morán ann.  Go deimhin an t-aon rud ar thug mé faoi ndeara go bhfuil an chiste a bhíodh ann chun maoiniú a dhéanamh ar na Coláistí Samhraidh, cothrom le €1.25m nó €50 in aghaidh an dalta, á chealú ar fad.

2 thuairim ar “Méadú 62% ar Chiste na Gaeilge, faic breise don bhForas

  1. Ping: An Ghaeilge agus an Bhuisad - Politics.ie

  2. aonghus

    Is cúis dóchais dar liom go bhfuiltear ag cuir airgead isteach i gciste na Gaeilge – ó tharla nach féidir cuir le hairgead an Fhorais gan an Feidhmeannas ó Thuaidh a bheith ag cuir trian den mhéid céanna leis.

    Tá Ó Cuív glic, agus bealach thart ar an gconstaic úd atá i gCiste na Gaeilge. Níos glice fós nuair a chuirtear san áireamh nach airgead an cháiníocóra atá i gceist, ach brabach ó chearrbhachas!

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s