Dí-larú an Fhorais go Gaoth Dobhair ar ceal

Is olc an ghaoth nach séideann do dhuine éigean.  Sin a bheidh feidhmeanaigh an Fhorais ag rá leo féin nuair a léifidh siad an phrionta bheag sa bhuiséad ar maidin amarach. 

Nó, ansin, ar liosta d’aisínteachtaí nach mbeidh ag bogadh go dtí 2011 ar a laghad agus an uair sin féin beidh gá le h-athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar an dtionscnamh, tá Foras na Gaeilge agus an 25 post nach mbeidh ag bogadh go Gaoth Dobhair sa ghearr treimhse pé scéal é, má bhion siad ag bogadh ann ar chorr ar bith. 

Is athrú poirt é seo gan amhras. Nó le linn an tSamhraidh ag cruinniú den taoscán teanga den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas, socraíodh an méid seo: 

5.  The Council noted the work that has been done to date to progress the decentralization from Dublin of 30 posts of  Foras na Gaeilge to Gaoth Dobhair in accordance with the announcement made by the Irish Government in December 2003. The Council also approved, for immediate implementation seven additional posts for Foras na Gaeilge from their approved staffing complement and noted that five of these would be located in Gaoth Dobhair and two in Belfast.  It looked forward to a further progress report at its next meeting.

I láthair ag an gcruinniú bhí Conor Murphy, Aire Forbartha Reigiúnda an Tuaiscirt, Gregory Campbell, Aire Cultúr, Ealaíon agus Foilíochta an Tuaiscirt, agus Éamon O’Cuív, Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an deiscirt.   Reachtáladh an cruinniú ar 4 Iúil i Léim a’ Mhadaidh san Ostán Radisson ansin.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s