An GAA ‘quasi’ Gaelach

 

Danny Lynch, iar Oifigeach Caidrimh Poibli an GAA

Danny Lynch, iar Oifigeach Caidrimh Poiblí an GAA

Gach seans go dtarlóidh sé uair eigean go luath, go mbeidh agallamh sna meáin Ghaeilge leis an iar stiurthóir caidrimh phoiblí ag CLG – nó an GAA mar a thugann siad orthu féin anois – sé sin Danny Lynch. 

Táim tar éis tagairt a dhéanamh anseo roimhe seo don dearcadh aisteach atá ag Danny Lynch don Ghaeilge.  Anois in agallamh eile le nuachtán Bhéarla, tá an tUasal Lynch tar éis a thuairim a nochtadh faoi cheist práinneach eile atá ag dó na geiribe aige.  Táim buioch do Foinse as ucht cuid den agallamh a bhí san Irish Daily Mail a thuairisciú – níl suíomh idirlíne ag an Irish Daily Mail agus ní feidir teacht ar an mbunagallamh agus, ar an droch uair, níl teacht ar an alt i bhFoinse ar a suíomh ach an oiread.  

Is cosúil, dar le Danny, go bhfuil an polasaí atá ag an GAA ainmneacha a gcuid imreoirí a chlarú i nGaeilge ‘craiceáilte’.   Is cosúil go bhfuil an polasaí ‘as dáta’ agus nach bhfuil ‘ciall ná réasún leis’.

Deir Danny go bhfuil dúil mhór aige sa Ghaeilge.  “Is brea liomsa an Ghaeilge. Labhraím í.  Is as an quasi Ghaeltacht ó dhúchas mé ach an bhfuil tú in ann a shamhlú ainm Pholainneach a chur síos i nGaeilge.”

Is as don quasi Gaeltacht do – ach tugann sé Danny Lynch air féin in áit Dónal O Loingsigh. Le linn a sheal mar OCP ar an GAA, deineadh an eagras Gaelach seo a bhrandáil leis an ainm Bhéarla amháin.  Agus anois tá sé ag maíomh gur polasaí craiceáilte atá ann go mbeadh ainmneacha imreoirí an GAA á thabhairt i nGaeilge.  Is léir domsa go bhfuil ‘patrún’ i gceist. 

Ní miste liomsa cé acu an dtugtar ainmneacha imreoirí an GAA i mBéarla nó i nGaeilge.  Sin suas don imreoir.  Ní bheinn ag aistriú a n-ainmneacha go tuatach faoi mar a dheineann daoine iarracht a dhéanamh liomsa.  “Concubhar – what’s that the Irish for?”  Uair nó dhó táim tar éis an leagan fada a thabhairt doibh – go gciallaíonn ‘Con-cubhar’ an duine go raibh uabhar nó meas aige faoi a gcuid con.  Ná bac leis, bheadh ort bheith ann.

Is féidir na h-imreoirí a thugann a gcuid ainmneacha i nGaeilge a liostáil tá siad chomh gann….Muintir Uí Shé – pé rud a chuirfeá i leith sar laochra Ard a’Bhóthair, nior thug siad cúl don teanga arís, Seán Óg Ó hAilpín, Seán Óg de Paor, Seán Ó Domhnaill, Dara Ó Cinnéide….

Deirtear liom go raibh an baol ann go ndícháíleofaí imreoir murar tugadh a ainm i nGaeilge ar liosta na fóirne san am atá cáite.  Ní fheadar an dtarlódh a leitheid anois.   Ní h-é afach go raibh ainmneacha na n-imreoirí móra, leitheidí Christy Ring nó Mick Mackey nó Mick O’Connell nó a leitheid i mbéal an phobail i nGaeilge, ní raibh.    Ní raibh ann ach maorláthas de chuid an CLG agus ní raibh aon feidhm leis sa saol lasmuigh. 

Aisteach go leor tá an t-é a tháinig i gcomharbacht ar Danny, stiurthóir cumarsáide nua an GAA, Lisa Clancy, ag rá go bhfuil an GAA ag seasamh lena polasaí teanga.   Deir sí go bhfuil cur chun na Gaeilge fite fuaite le bunfhís an “GAA”.   B’fheidir gur cheart di dul i gcomhairle le Danny ar an gceist seo nó seo é a bhí le rá ag a réamhchomharba in agallamh tamall ó shin:

“I think for the 125th anniversary the GAA should refocus, and concentrate on promotion of the main games. Coming from a quasi-Gaeltacht area I have a huge interest in the Irish language, my kids are involved in it, but there are a multiplicity of highly-funded State agencies dealing with the Irish language, and I don’t think we should be taking on the amount of responsibility in that regard that we do. 

Tá port níos tuisceanaí faoi fheallsúnacht an GAA le braistint i gcaint Lisa:

“Cuid den fháth go bhfuil muid an ó thús ná cultúr na hÉireann a chur chun cinn.  Cinnte tá spórt agus cluichí Gaelacha chun tosaigh leis seo, ach tá gné chultúrtha leis an obair atá mar bhunchloch againn.  Tá cur chun cinn agus úsáid na Gaeilge mar chuid lárnach de sin.”

Mór an trua, mar sin, nach bhfuil focal Ghaeilge ar léine nua na hÉireann, an léine a bheidh á chaitheamh ag ár laochra peile na tíre nuair a thugann siad aghaidh ar an Astráil roimh dheireadh na míosa.   Go deimhin is mór an náire é.  Bheadh luach níos mó le focal amháin ar an léine seo, Éire, ná mar a bheadh ag an polasaí craiceáilte a chiallaíonn go mbionn ainmneacha na n-imreoirí i nGaeilge ar fhoirm nach léann ach cúpla oifigeach GAA agus iad ag iarraidh bealaí a aimsiú chun laincis eigean a chur ar a gcéilí comhraic ar pháirc na h-imeartha. 

 

Léine nua an GAA d'fhoirean na hÉireann - nil An Ghaeilge 'lárnach' ann

Léine nua an GAA d'fhoireann na hÉireann ach níl an Ghaeilge ‘lárnach' ann

 

 

Thóg mé an cheist seo le linn an tSamhraidh, trath go raibh an léine seo á ath-dhearadh ag an GAA chun aitheantas a thabhairt don bhranda Bhéarla.  Tá an branda seo aitheanta ar an léine nua – ach níl an Ghaeilge, atá, mar a deir Lisa, “larnach” do bhunfhís an GAA. 

Ba cheart do Chonradh na Gaeilge tabhairt faoin gceist seo anois agus iarraidh ar an GAA dea shampla Cumann Peile na hÉireann a leanúint.  Is é seo feachtas ar feidir é a bhuachaint ach tabhairt faoi i gceart.   Mór an tubaiste nach féidir é a dhéanamh i mbliana ach beidh na hAstrálaigh anseo an bhlian seo chughainn nó an blian ina dhiaidh sin agus ba cheart go mbeadh léine le focal Ghaeilge amháin air bainte amach fán am sin!

Idir an dhá linn, b’fheidir go bhféadfadh Danny Lynch nó Lisa Clancy labhairt in agallamh le RTÉ Raidio na Gaeltachta agus polasaí Ghaeilge an GAA a mhíniú don phobal. 

6 thuairim ar “An GAA ‘quasi’ Gaelach

  1. aonghus

    Tá gnéithe de pholasaí Ghaeilge CLG calctha agus aisteach – mar shampla, tuigtear dom nach ngclacfar le tuairisc réiteora ach é bheith sínithe i nGaeilge aige, pé ar bith brí atá leis sin.

    Agus mar an gcéile an seafóid faoi ainmneacha imreoirí a “ghaelú” agus gan amhras ainmneacha i nGaeilge a Bhéarlú chomh maith!

    Freagra
  2. aonghus

    Seo é:

    “Official Documents/Correspondence
    Official documents and correspondence shall have the
    following in Irish.
    (a) The name of the Club/Committee being represented
    (where a Club/Committee is involved).
    (b) The signature of the sender, subject to Rule 100(d).
    (c) The name and address of the addressee, where used,
    including on envelopes.
    (d) Printing and signatures on official cheque books and
    cheques in payment of fees.
    (e) Full names of players and signature of Secretary or
    Assistant Secretary, or in the case of Under 16 and
    younger grade competitions, the authorised official in
    charge of the team as per Rule 99, on official list of
    players for games.
    Correspondence and documents not complying shall be
    ruled out of order.”

    http://www.gaa.ie/files/official_guides/official_guide1_june10.pdf

    Freagra
  3. Barry

    Níl a lán Gaeilge agamsa. Beidh mé ag scríomh as Béarla.
    I have been active in hurling team management for a number of years. I always get my players’ names as Gaeilge and use them on every team sheet, along with opposition team, date, etc., in Irish.
    Even though I don’t speak much Irish, I think the language should have dual recognition with English on all official documents, signs, etc., from government, all local authorities, public services, etc.
    Rather than shrinking from the language, the GAA should stand up and be counted. It sickens me every time I see CLCG, instead of CLG, in wrought iron gates at grounds and on teams’ emblems and indeed jerseys.
    It is synptomatic of the near destruction of the language by those who don’t speak it and couldn’t give a damn about it.

    Freagra
  4. aonghus

    An dtuigeann tú Gaeilge Barry? (If you don’t I’ll translate my comment later)
    Molaim thú as an iarracht.
    Ach feictear dom gurbh ionann ainm duine a Ghaelú in ainneoin an duien sin agus ainm duine a Bhéarlú.

    Aonghus Ó hAlmhain is ainm domsa – as Gaeilge, as Béarla nó as Hindustani!

    Dáta, Ainm Club, seoladh, ceart go leor.

    Ach ainm duine – braitheann sin ar an duine.

    Freagra
  5. Philip Cummings

    Cén nuactán náisiúnta Gaeilge nach bhfuair ticéad preasa do na cluichí ceannais iománaíocht i mbliana? Bigí cinnte de go raibh ionadaithe i láthair ó nuachtáin a bhfuil an Ghaeilge lán chomh “lárnach’ iontu is atá an Ghaeilge sa CLG. Bitter? Qui moi?

    Freagra
  6. igaeilge Údar an Ailt

    Is cinnte go bhfuil an tosaíochtaí an GAA go h-iomlán mí cheart. Ní fiú faic na foirmeacha éagsúla a luaigh Barry bheith i nGaeilge nuair nach bhfuil rudaí ar féidir leis an cumann a dhéanamh chun imeacht i bhfeidhm ar an bpobal á dhéanamh. Is sean phort agam é bheith ag dul don léine gan Gaeilge a chaitheann na laochra a imríonn na rialacha idirnáisiúnta – agus tá gá laochas tabhairt chun páirce in éadan na nAstrálach fiain! – agus is mór an náire doibh é nach ligfidh an chumann don t-aon nuachtán náisiúnta laethúil Gaeilge bheith i láthair chun tuairisciú a dhéanamh ar an imeacht is mó i saol na nGael, cluiche ceannais na h-iomána, ó Pháirc an Chrócaigh i nGaeilge, an teanga a deir siad bheith ‘larnach’ dá bhfealsúnacht. Tá áthas orm go bhfuil baill ar nós Barry ag labhairt amach ar an gceist – ba bhrea liom dá dtogfadh sé an cheist anois lena chumann agus an cás a throid ar son na Gaeilge taobh istigh den eagras. Táím cinnte go mbeadh go leor cumainn ar aon fhocal le moladh ag tabhairt ar cheannasaíocht an chumainn a bport a athrú.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s