Tuigim a bpian….

Is uafásach an rud é nuair nach mbionn daoine buioch as do chuid iarrachtaí.  Is léir ón mhéid atá scríofa ag Ciaran Dunbar ina cholún i Lá Nua inniu go bhfuil ionadaithe phairtí pholatúil áirithe ag mothú gur beag an bhuiochas atá á fháil acu as ucht na h-éachtaí atá á dhéanamh acu ar son na teanga. 

Is cinnte, mar shampla, go bhfuil ionadaithe Shinn Féin ar bhórd Fhoras na Gaeilge tugtha faoi agamsa anseo de bharr an bhotúin ollmhór a rinne siad gan labhairt amach in éadan an chinnidh gan conradh do nuachtán laethúil a thairiscint. 

Is é an easpa ghnímh níos luaithe i mbliana an oiread is an feall bheart a rinne siad le déanaí is údar leis an íonsaí uaimse.  I mí Feabhra agus mise i lár feachtais chun Lá Nua a tharrtháil, bhí mé ag cur glaochanna ar bhaill an Fhorais agus i measc iad san a ghlaoigh mé orthu bhí ionadaithe Shinn Féin.  Bhí mé buartha nach raibh an Fhoras fiú chun cruinniú eigeandála a reachtáil chun teacht i gcabhair ar an nuachtán agus bealach eigean chun tosaigh a aimsiú a bheadh ar leas gach duine. 

In áit sin shuigh Bord an Fhorais go docht daingean ar a lámha.  Ní raibh cruinniú eigeandála ann agus, mar a tharla sé ag an am, tháinig Gaeil aitheanta i gcabhair ar an nuachtán le h-infheistíocht dá gcuid féin.  De bharr go raibh caillteanas á dhéanamh ag an nuachtán agus de bharr go raibh fostaí eile le h-imeacht ar mhaithe le roinnt eigean coigealtas a dhéanamh, chinneas gur fearr gur mise a imeodh ionas go bhféadfadh na fostaithe eile a chuid postanna a choinneáil.  B’shin a tharla.     Tá Lá Nua fós ag foilsiú – ar éigean – agus an foireann gearrtha go smior an chnáimh.  Tuigtear dom anois nach mbionn ach duine nó beirt uaireannta i mbun an nuachtáin a fhoilsiú agus, mar sin, cé go gceapaim ó am go cheile go mbionn rudaí lag go maith, is miorúilt é go bhfuil an nuachtán fós á fhoilsiú ar chorr ar bith. 

Níorbh é sin an cineal todhchaí a shamhlaigh mise do Lá/Lá Nua nuair ar thosnaigh mé leis.  Chreid mise go mór go mbeadh gá le nuachtán a bheadh ag fás, ag cur leis an bhfoireann, ag cur le teigear an nuachtáin i rith an ama.  Bhí curtha le teigear an nuachtáin agus mise ann – ó 12 leathnach mór bhileog in aghaidh na seachtaine i 2001 go dtí 16 leathnach tablóideach cúig lá na seachtaine i 2008 nuair a d’fhag mé.  Bhí tuilleadh fáis á bheartú – bhíos ag diriú ar 20 leathnach gach lá Luan go hAoine roimh dheireadh na bliana seo. 

Ag an am céanna, bhí an fhoireann gann go maith i gcónaí agus nuair a d’imigh daoine ón bhfoireann, bhí moill i gcónaí fear nó bean ionaid a fháíl.  I mí Iúil anuraidh fuair leas eagarthóir an nuachtáin tairiscint ó Aonad na Gaeilge ag an BBC agus nuair a d’fhag sé bhí bearna nár líonadh go dtí mí Feabhra nuair a d’earcaíodh Michelle Nic Phaidín.  Seachtain i ndiaidh di tosnú, bhí fógra le déanamh go raibh an nuachtán le druidim ag deireadh na míosa ceal miorúilt. 

An uair sin, b’uair dhorcha é dom féin go pearsanta agus don nuachtán.  Ní h-amháin nach raibh aon cabhair á fháíl againn ónár maoinitheoir – Foras na Gaeilge – ach, go deimhin, ba léir dom go raibh siad ag tapú na deise an uaigh a thochailt ar ár son cé go raibh, mar a dúirt siad minic go leor ar na meáin, a lámha ceangailte. 

Cuma cad é tuairim Foras na Gaeilge faoi Lá Nua, is féidir seo a rá go cinnte.  Tá an nuachtán ar na tograí is mó agus is uaillmhianaí ar thug an Fhoras tacaíocht ar bith do – bíodh is nár thug siad riamh a dhothain tacaíochta do.   Dá mba rud é go raibh tacaíocht den tsort sin á thabhairt ag maoinitheoir ar bith eile do thogra agus an togra sin ag rá os ard agus litreacha a seoladh chuig an Mhaoinitheoir go raibh siad i dtrioblóid ó thaobh cúrsaí airgeadais, bheadh cruinnithe loirgthe ag an mhaoinitheoir leis an dtogra chun féachaint an raibh aon ní a fhéadfaí déanamh taobh istigh de na cúinsí éagsúla chun cuidiú.  Níor tharla a leitheid de chruinniú.   Chomh fada is gur cuimhin liom, níor bhac an Fhoras fiú litir a sheoladh ar ais chughainn ag diultú dár n-achainí.   Tharla an neamhshuím sin, an suí ar a lámha sin, agus Sinn Féin ar bhórd an Fhorais.  B’fheidir nach iad na h-ionadaithe céanna a bhí ann – nó d’athraigh comhdhéanamh an bhoird i lár mí na Nollag [tar éis moill bliana agus de bharr brú leanúnach ó Lá Nua faoi chur i bhfeidhm reachtaíochta bhunaigh an Fhorais] 

Anois deirtear linn, i gcolún Chiaráin: 

“Ar an ábhar seo, cuirigí ceist ar Shinn Féineach ar bith a bhfuil Gaeilge aige agus déarfaidh sé leat: “Ní chuidíonn lucht na Gaeilge leo leis an teanga agus cás na teanga a bhrú chun tosaigh sa pháirtí de bhrí go dtuigeann na baill eile nach bhfaighidh siad buíochas ar bith as agus is ar an bhuíochas agus ar na vótaí atá an pholaitíocht bunaithe.” 

Ní mór buiochas a shaothrú.   Is cosúil ón ráiteas sin thuas go bhfuil SF ag súil le buiochas sara ndeineann siad an beart.   Go bhfuil an phairtí ag súil le vota sara gcruthaíonn siad go bhfuil an vóta tuillte acu.   Tá súil agam go léiríonn an méid atá tuairiscthe agam anseo gur creimeadh muiníne thar treimhse fada a bhí i gceist maidir leis an slí ar chaill mise muinín as Sinn Féin bheith ag déanamh beart de reir briathar ar son na teanga.

Mar leid eile do Chiarán, is cinnte go bhfuil go leor i Sinn Féin atá gaelach go smior ach is léir domsa gur togra eile ar fad atá ar bun ag ceannasaíocht an phairti agus gur lú leo an Ghaeilge dá bharr sin.  Tá easpa comhthuisceana ar an gceist seo, creidim, idir an dream atá ag obair leo i measc an phobail ar son an teanga agus iad san atá ag plé le príomh airi agus taoisigh ó lá go lá.

Ag an am céanna, baineann ceannasaíocht SF feidhm as an nGaeilge agus mar sin tógann siad dóchas lucht na Gaeilge faoin mbeart a dhéanfaidh siad ar son na teanga.  An t-é a thogann dóchas mar sin, bíodh sé airdeallach go ndéanfaidh sé beart de reir briathar nó tá sé i bhfad níos deacra a thogáíl an uair tar éis go dteiptear ar an ngeallúint a chomhlíonadh sa chéad dul síos. 

Tá pointe ag Ciarán nuair a deir sé gur cheart gan an dosaen ball Foras eile a ligint i ndearmad – cén fath nach bhfuil an lucht á chur orthu sa tslí céanna is a chuirtear ar mhuintir SF é.  Bhuel tá muintir SF ar ár n-aithne – an bhfuil aithne ag aon duine amuigh ansin ar bhaill eile an Fhorais.  

D’ainmneoinn anseo iad le go dtuigfidh sibh gur dream geall leis anaithnid iad ó thaobh an bhaint a bhí acu le saol na Gaeilge sarar ceapadh iad ina baill den bhForas – ach ar an droch uair níl na h-ainmneacha ar fáil ar shuíomh Fhoras na Gaeilge nó ar shuíomh an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas.  D’fhéadfainn roinnt acu a ainmniú ó bharr mo chinn – ach nior mhaith liom duine ar bith a fhágáíl amach.    Beidh an liosta agam go luath. 

Ar aon nós tá sé caothúil a bheith ag íonsaí SF mar is iad is mó dheineann gleo ar chúrsaí teanga agus is polaiteoirí iad, ba cheart go dtuigfeadh siad go meallann polaiteoirí cáineadh.  Ní fiú bheith ag dul ag caoineadh uiscí a gcinn nuair nach bhfaigheann siad moladh. 

An rud amháin eile a dhéarfaidh mé, go mothaím go laidir go mbeidh deireadh leis an socrú seo faoi roinnt cumhachta taobh istigh de chúpla seachtain ar a mhoille.  An uair sin deinfear siocadh ar na h-institiúidí tras teorainn ar fad, Foras na Gaeilge san áireamh.  An deacracht le sin nach dtabharfar faoi ndeara cé acu an bhfuil an Fhoras siocaithe nó nach bhfuil de bhrí a laghad ghnímh ar féidir a lua leo thar cúpla bliain. 

Beidh aiféaltas ar Shinn Féin go raibh láimh acu, agus iad neamh leithscéalach faoi, san ghníomh amháin seo, an feallbheart Lá Nua a chur ó mhaith.  Dar le Ciarán, ní leor frith Shinn Féineachas agus tagaim leis. 

Ach tá sé tabhachtach a chur in iúl go neamh bhalbh don phairtí nach bhfuil aon buiochas tuillte acu as an feall bheart a rinne siad ar Lá Nua, feall bheart a spreagadh, b’fheidir, ag an cháineadh a deineadh sa nuachtán nuair nár chuir Sinn Féin stop leis an Aire Poots agus é ag baint na cosa ón gCiste Craoltóireacht ionas nach leanfadh sé i ndiaidh Márta 2009.  D’eirigh le Lá Nua an brú a chur ar Shinn Féin agus mar thoradh ar an mbrú sin, nuair a fuair an phairtí deis, fuarthas síneadh ama don chiste.  Anois beidh sé ann go dtí 2011 ach ní bheidh fás air sa treimhse sin, rud a chiallaíonn go mbeidh meath air i gcomórtas le boilsciú.  Gan dabht táim buioch go bhfuil an ciste ann go fóill, fiú táim buioch do Shinn Féin agus do Gerry Adams as ucht sin.  Le bheith firinneach iomlán, ba cheart go mbeadh an Ciste Craoltóíreachta á mhéadú go súntasach anois seachas a bheith siocaithe ag an libhéal céanna go ceann dhá bhliana.  Tharla sin ar sheal faire Shinn Féin.   Ar cheart dúinn bheith buioch as sin? Nior cheart!

Má tá buiochas ag teastáil ó Shinn Féin as ucht an meid a deir siad bheith déanta acu ar son na teanga, déanfaidís beart i gceart agus saothraídís an buiochas sin.  An chéad rud ar an gclár oibre, pacáiste chun Lá Nua a tharrtháíl.   Nuair a bhíodh Harland agus Wolff agus Shortts i mbaol go trath rialta in oirthear Bhéal Feirste, bhíodh polaiteoirí aondachtacha ag taisteal go Sraid Downing agus ag déanamh achainí ar son na tionscail laidre siombalacha seo.  Bhí rath ar a gcuid iarrachtaí i gcónaí, nach mór, agus fuair siad airgead is fuiollach.  Is tionscal tabhachtach siombalach é Lá Nua in Iarthar Bhéal Feirste, toghcheantar cheannaire SF, Gerry Adams.   Nach dtuigeann sé murar feidir leis an nuachtán seo, a bunaíodh an lá céanna ar maraíodh Seán Downes i 1984 agus a bhí ann i rith na dtioblóídí ar fad ina dhiaidh sin, a sheas go neamhspleach ar son phobal na Gaeilge i rith an ama sin agus, ar uairibh, a thug tacaíocht do Shinn Féin nuair a bhí na meáín ar fad ag tromaíocht orthu [rud eile nach dtuigeann Ciarán faoi stair Lá agus Sinn Féin], nach dtuigeann sé murar feidir leis seo a dhéanamh, go bhfuil sé chomh maith do eirí as ar fad!

5 thuairim ar “Tuigim a bpian….

  1. séamus Mac Seáin

    Tá gach ceart agat A Choncubhair a bheith tógtha faoin chinniú a rinne an Foras mar gheall ar “Lá ” ach tá an fealbheart déanta agus caithfear féacháint anois le gléas cumarsáide laethúil eile a chruthú do Ghaeil sul a mbíonn deireadh le “Lá” i gcionn shé mí.Tá tús maith déanta agat féin leis an bhlag seo.An bhfuil sé indéanta na blaganna eile ar nós “an Druma mór” agus na blaganna eile atá dá scríobh go laethúil a chomhnascadh in aon fhoilseachan amháin?.An féidir toiseacht agus an crut céanna a úsáid atá ar shuíomh “Lá”faoi lathair?.Sílim go bhfuil an tionntú leathanach go maith.
    mar fhocal scoir.Na bímis ró chrua ar Shinn Féin na ar Pháirtí ar bith eile nó tá cuspóir athbheochana teanga thar á gcumas. Tá sé chomh radacach agus chomh réabhlóideach sin gur ar éigean go dtuigfeadh siad cad atá ann.Cuimhnigh i gcónaí gurbh iad na poblachtóirí a ba thréise i stair ár dtíre go minic a ba lú radachas.Is féidir gur cheart dúinn an deatach a bhaint de “IRISH ABOVE POLITICS” le Máirtín Ó Caadhain agus é a léamh athuair.

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Tá obair ar bun agam ar fhoilseachán ar líne agus feicfear toradh an tsaothair amach anseo, tá súil agam. Ní fheadar afach an mbeidh ‘tionntú leathnach’ i gceist cé go dtaitníonn fuaim an tionntuithe liom. Ní miste liom agus mé ag obair le gléas cumarsáide laethúil eile a chruthú do Ghaeil freagra a thabhairt ar an méid a dúradh san alt sin i Lá Nua, ag gabhail leithscéala dar liom ar an rud nach bhfuil aon leithscéal ann do.
    Is cinnte go bhfuil tú ag smaoineamh sa treo ceart nuair atá ag smaoineamh ar chomhnascadh blaganna. Ag an am chéanna tá toscaí eile le cur san áireamh. Is maith an rud é go mbeadh éagsúlacht bhlaganna ann i nGaeilge – is poblachtaí beaga neamhspleacha gach ceann acu agus nior mhaith liom an neamhspleachas sin a mhilleadh. Mar sin féin, is féidir laithreán ar líne a thogáíl atá cuimsitheach agus úr, le scéalta nuachta ann, spórt, cúrsaí reatha, cultúr/ealaíon/litríocht, siamsaíocht, faisean fiú, stíl beatha, gach ábhar. B’fheidir go mbeidh lucht bhlaganna na Gaeilge, cuid acu ar aon nós, sásta cuidiú leis an bhfiontar sin tre altanna a sholathar (mar a dheintear ar sluggerotoole mar shampla)….
    Sin é an sprioc. Agus tá sé réabhlóideach freisin
    Maidir le Sinn Féin, mura dtaitníonn teas leo, fanfadh siad amach as an gcistin. Ar an láimh eile, mar a dúirt Peadar Ó Riada le déanaí, agus é ag trácht ar an argóint faoi chraoladh Chorn Uí Riada ar TG4/RnaG, ní feidir bácáil gan teas.
    Tá SInn Féin i gcumhacht anois le breis is 17 mhí agus sa treimhse sin tá deireadh curtha le hAcht na Gaeilge, tá an tua tugtha do Chiste Craoltóireachta na Gaeilge [agus gan brú ó Ghaeil agus ó Lá Nua ní bheadh loirgthe ar ais agus faighte ag Gerry ó Gordon] agus anois tá deireadh curtha le Lá Nua gan trácht ar chúrsaí Gaelscolaíochta/Coláiste Speirín agus eile. Dá mbeinn i bpairtí Shinn Féin ní bheinn go díreach chomh bródúil agus neamhleithscéalach faoin dtaifead sin. Níl rud ar bith úr déanta ag an phairtí as a stuaim féin ar son na teanga – an bhfuil aon smid den réabhlóíd fagtha i Sinn Féin ar chorr ar bith nó an pairtí é nach bhfuil de sprioc aige ach sean óglaigh a ghléasadh in éidí na bpoilíní?
    Lorgóídh mé an leabhar sin le Mairtín O Cadhain.

    Freagra
  3. Ping: Plus ça change, plus ça la meme chose…. « iGaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s