Is leor leid…

Beidh an cháinaisnéis á fhogairt amarach agus cé nach é an ceist is mó atá á chur faoi lathair, tá ceist ann faoin libhéal tacaíochta a bheidh ann don Ghaeilge is don Ghaeltacht sa bhliain atá romhainn. 

Is léir ón strac fhéachaint seo ar na meastúcháin ar fhoilsíodh, go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla, ar an Aoine go bhfuil teanntú criosanna le déanamh.  Ach ní léir go bhfuil morán teannú le déanamh. 

Beagán níos lú de €1m de ísliú a bheidh ar bhuiséad na Roinne Ghnóthaí Pobail, Tuaithe is Gaeltachta don bhlian atá romhainn, laghdú ó €364m.519 i 2008 go €363m.718 i 2009.  Ciallaíonn sin laghdú phraicticiúil nuair a chuireann tú boilsciú san áireamh.   

Fagann san, chomh fada agus go bhfeictear domsa é, nach mbeidh laghdú ar bith mar shampla ar bhuiséad an Udaráis nó ar bhuiséad an Fhorais.   Níl a fhios agam, áfach, an gciallaíonn sé go gcuirfear deireadh leis an bpleán roinnt post Forais a dhílarú go dtí Gaoth Dobhair nó bheadh sé aisteach dá mba é sin an t-aon dílarú a tharlódh agus an chuid eile den chlár dílaraithe, an méid nár baineadh amach go dtí seo, ar ceal. 

Tugaim faoi ndeara, áfach, go bhfuil méadú súntasach ar an mbuiséad d’Oifig an Ard Reachtaire, suas ó €50m go €56m (ardú níos mó ná 10%), rud a thugann le fios dom go mbeidh súil níos géire á choimeád ar chaiteachas agus scrúdú á dhéanamh b’fheidir ar eagrais nach bhfuil ag foilsiú cúntais le tamall – ie Foras na Gaeilge.

Aon tuairim amháin ar “Is leor leid…

  1. Fearn

    An cnoc oighear ag scríobadh chabhail an gheilleagair agus ní bheidh eagrais ocrasacha na Gaeilge ar an ngannchuid? Beag an bhaol.
    An acmhainneach an geilleagar againn?

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s