Sarah sa bhearna baoil

Is cosúil go bhfuil daorbhreith tugtha ag an gCoiste Fiosruithe a rinne iniúchadh ar liamhaintí gur bhain Sarah Palin mí-úsáid as a cumhacht gobharnóra chun brú a chur ar fheidhmeannaigh báta agus bóthar a thabhairt don t-é nár thug báta agus bóthar don saighdiúir sa Ghárda Stát a scar lena deirfiúr.   

Dar le meáin éagsúla, ceaptar go mbainfidh seo ó pé údarás atá fagtha ag iarrthóir na bPoblachtach, John McCain, de bharr gurb é a roghnaigh Gobharnóir Alaska le bheith ina leath bhadóír leis ar thicéad Uachtarántachta a phairtí. 

Nílim ró chinnte faoi sin – cé nach dtaitníonn sí liom nó ní thaitníonn a cuid tuairimí leathbhacáílte liom, is léir go bhfuil fuinneamh agus teacht aniar ag Palin nach bhfuil ag McCain, mar shampla.   Is cinnte, dar liom, go mbainfidh sí úsáid as an droch phoiblíocht a eascraíonn as an gcinneadh seo ina coinnibh chun a chur ina luí ar an bpobal, go h-áirithe na bunúsaithe Chriostaí, tacú lei de bharr go bhfuil na mór mheáin ina coinnibh. 

Tá súil agam go dteipfidh uirthí.  Sílim go bhfuil an gaoth anois i seol Obama agus mbeirfear é ar an ngaoth sin go dí an Teach Bhán nuair a bheidh lá an vóta ann ar 4 Samhain, dhá lá tar éis don OIreachtas criochnú i gCorcaigh.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s