BBC ag tuairisciú mórshiúl POBAL – coinnigh saor an phríomh leathnach!

 

BBC ag aithint, faoi dheireadh, gur ann don Ghaeilge?

BBC ag aithint, faoi dheireadh, gur ann don Ghaeilge?

Ní cuimhin liom é ag tarlú roimhe seo – go raibh scéal faoi Acht Ghaeilge ina phríomh scéal ag an BBC ar a suíomh idirlíon i mBéal Feirste. 

Ach seo agaibh é mura gcreideann sibh mé – beo beathach. 

Dar leis an scéal seo, bhí thart ar 400 a ghlac páirt sa mhórshiul a bhí á reachtáil ag POBAL – níl a fhios agam an bhfuil seo cothrom nó nach bhfuil nó ghlacfainn féin leis go raibh níos mó ann. 

Ar aon nós, léiríonn foilsiú an scéil seo, fiú, an gá – agus an tairbhe – atá le brú a choinneáil ar eagrais phoiblí agus iad a náiriú an oiread agus gur féidir le sprioc áirithe a bhaint amach.  Ní mór an sprioc cheapfá tuairisc cothrom – agus níl a fhios agam nach tuairisc é seo atá ag tuairisciú an slua faoina luach – ar imeacht atá dírithe ar chothrom na Féinne a fháil don Ghaeilge nó, mar a deir an tuairisc, stadas oifigiúil a fháil don teanga. 

Go teoiriciúil, go dlithiúil, tá stadas oifigiúil ag an nGaeilge ó thuaidh nó tá sí luaite i gComhaontú Aoine an Chéasta agus Comhaontú Chill Rimhinn agus tá coimitmintí solúnta sna comhaontaithe sin atá aitheanta sa dhlí idirnáisiúnta.  Ach is mór idir an teoiric agus an cur i bhfeidhm ó thuaidh, ach go h-áirithe nuair is leis an Ghaeilge a bhaineann an choimitmint.   

Níl aon chaint sa tuairisc ar ionadaithe Shinn Féin bheith ag labhairt ag an ocáid, mar a bhí ag ocáidí eile dá leitheid.  B’fheidir nach ligeadh an náire do Gerry Adams agus a cháirde, a bhí láimh acu i gcur ó mhaith Lá Nua, caint ag an ocáid. 

Bheadh sé go deas a shamhlú go raibh náire ag lucht Shinn Féin.  Bhuel tá meid áirithe bainte amach leis an BBC, b’fheidir gur cheart aghaidh a thabhairt ar Shinn Féin anois agus iarraidh ar an bpairtí sin ‘beart de reir briathar’ a dhéanamh i leith na teanga….

Ar ndoigh, agus ar eagla na míthuisceana, níl aon moladh ar leith ag dul don BBC as an scéal seo a thuairisciú – ní h-é go bhfuil siad ag déanamh rud ar bith ach an rud a ioctar iad go flaithiúil as ó chiste an cheadúnais.

Dar le hEoghain O Néill, bhí míle agus breis ann – agus glacaim lena mheasúnú thar measúnú an BBC ar na ceisteanna seo lá ar bith.  Tá roinnt griangrafanna brea aige thall ar a bhlag freisin.

4 thuairim ar “BBC ag tuairisciú mórshiúl POBAL – coinnigh saor an phríomh leathnach!

  1. séamus Mac Seáin

    bhí mise ar an tsiúlóid as Iarthar Bhéal Feirste agus déarfainn go raibh os chionn 500 sa cheann sin gan tracht ar dhá cheann eile as Tuaisceart agus Deisceart na Cathrach.Tá moladh ag dul do “Phobal” as seo uilig a eagrú go héifeachtach.Bhí go leor de Ghaeilgeoirí Shinn Féinn ann agus T-léiné dá gcuid féin acu a raibh ” Tácaíonn Sinn Féin le hAcht na Gaeilge” greannta air.

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Ba cheart do Shinn Féin fánacht go dtí go bhfuil beart eigean déanta acu ar shon na Gaeilge seachas a bheith ag caitheamh an t-léine amhail is go bhfuil beart ar bith -seachas an feallbheart a rinne an pháirtí agus a chuid ionadaithe ar Fhoras na Gaeilge ar an t-aon nuachtán laethúil Ghaeilge. De reir an seanfhocail Bhéarla, deirtear ‘done that, wore the t-shirt’. Ní fhuaimíonn ‘wore the t-shirt, might do that sometime if it suits our party political agenda’ díreach chomh gonta!

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s