Scéal eisíach: Billí le foilsiú go dhá theangach – geallúint an Taoisigh don Chonradh

 

An Taoiseach, Brian O Comhain

An Taoiseach, Brian O Comhain

I lár an aicsin ar fad, thárla cruinniú a bhí gan coinne idir thoscaireacht ó Chonradh na Gaeilge agus Taoiseach na tíre trathnóna Dé Chéadaoin, tá tugtha le fios do iGaeilge.

I láthair ag an gcruinniú bhí uachtarán nua-thofa Chonradh na Gaeilge, Pádraig Mac Fhearghusa agus baill sinsearacha an Chonartha agus, ar thaobh an Rialtais, An Taoiseach Brian O Comhain agus an tAire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon O Cuív. 

Is cinnte gur cineál faoisimh a bhí sa chruinniú don Taoiseach is don Aire nó níos luaithe an lá céanna bhí siad araon ag cruinniú Comhaireachta ag a raibh cainaisnéis na seachtaine seo chugainn á phlé.  

An méid a tugadh le fios dom ar thárla ag an gcruinniú uair a chloig, deineadh plé ar an dtumoideachas, agus tá tuairisc i Lá Nua faoin phlé seo inniu –  céist fíor chonspóideach i gcomhthéacs an dochar a deineadh le linn réimeas Mary Hanafin ag an Roinn Airgeadais – agus níl stop leis an dóchar sin go fóill óir tá stát seirbhísigh sínsearacha sa Roinn atá naimhdeach don Ghaelscolaíocht agus atá ag gníomhú leo ina coinne go fóill.

An t-aon geallúint go bhféadfaí a rá go raibh substaint leis a deineadh ag an cruinniú – agus níl morán de shubstaint ann – gur gheall an Taoiseach go dtabharfadh an Rialtas seo aghaidh ar cúrsaí Ghaeilge sa Dáil agus sa Seanad – tá an tUachtarán ag déanamh a míle dícheall ina eite den Oireachtas!

Bealach amháin le tabhairt faoi úsáid na Gaeilge san Oireachtas, go bhfoilseofaí billí i nGaeilge agus i mBéarla ag an am chéanna.  De bharr nach bhfoilsítear na billí ach i mBéarla faoi láthair, is cosúil go bhfuil cosc ar leasuithe a chur ar bhillí i nGaeilge.  An rud a chiallaíonn sin, nach labhartar Gaeilge sa Dáil ach go fíor annamh agus gur caint gan bhrí a bhionn ann an chuid is mó den am.  Teachtaí Dála ag cur síos ar na laethannta a chaith siad ar chúrsaí Samhraidh sa Ghaeltacht, ag pógadh na gcailíní is á fhágáil ag caoineadh is araile. 

Deirtear liom go bhfuarthas geallúint go dtabharfaí ‘aghaidh’ ar an gceist seo faoi na billí. Is cinnte go gcuirfidh sé costas aistriúcháin agus beidh daoine a deir – mé féin ina measc – nach é sin an tosaíocht faoi láthair.  Ach creidim go bhféadfadh dea thoradh a bheith as seo, go méadófaí ar úsáid bríomhar na Gaeilge san Oireachtas agus go leireodh an dea shampla sin don phobal amuigh ansin.

Braitheann sé go mór mór ar na polaiteoirí agus, i ndeireadh na Dála, braitheann sé orainn freisin.  Mura dtugann na polaiteoirí atá ann an dea shampla agus an uirlis seo a úsáid nuair a chuirtear ina lámha é, caithfimíd mar thoghlach an uirlis a thugtar dúinn inár lámha a úsáid chun ionadaithe a bhainfidh úsáid as an nGaeilge sa Dáil a thoghadh.

Ar ndóigh ní h-é an buiséad amháin atá an barr snáis á chur ar faoi lathair nó tá ullmhaithe ar bun freisin chun straitéis nó, mar is fearr liomsa, plean oibre a ullmhú le tabhairt faoi Éire a bheith a dhá theangach faoi 2028.  Is cinnte, mar a deir an tuairisc i Lá Nua, gur tógadh cuid de na ceisteanna ar tógadh ag Ard Fheis Chonradh na Gaeilge i dTrá Lí le déanai ag an cruinniú seo. 

Ní fheadar, áfach, ar tógadh an cheist a luaigh mise ós ard ag an Ard Fheis, mar chuid den phlé a bhí ann ag an cruinniú poiblí faoin straitéis iomráiteach seo;  Is é sin go mbeadh suiochán ag bórd na bpáirithe shoisialta ag ionadaí ó ghluaiseacht na Gaeilge feasta. 

Is mór an chodarsnacht idir an treimhse ‘I dtreo 1916’ nuair a bhí Conradh na Gaeilge agus an Ghaeilge lárnach sna h-ullmhúcháin i dtreo na saoirse agus na cainteanna a thug an plean ‘I dtreo 2016’ mar thoradh orthu nuair ná raibh aon ionadaí ann ó shaol na Gaeilge.

Céim sa treo ceart an chruinniú Dé Chéadaoin ach is mór an difir idir corr chruinniú fánach leis an dTaoiseach agus suiochán cinnte thart ar bhórd atá ionadaithe ó mhór-gluaiseachtaí na tíre ann chun a bheith páirteach i bproiseas leanúnach chun an tír a mhunlú.

6 thuairim ar “Scéal eisíach: Billí le foilsiú go dhá theangach – geallúint an Taoisigh don Chonradh

  1. Ping: Bill le foilsi go dh*****theangach - geallint an Taoisigh don Chonradh na Gaeilge - Politics.ie

  2. Fearn

    Geallúint eile, muis,”geallúint go dtabharfaí ‘aghaidh’ ar an gceist seo faoi na billí.”!

    De réir Achtanna.ie níl leagan Gaeilge ar mórchuid de na hachtanna a ritheadh le beagnach fiche bliain. Beag an baol do na billí, déarfainn!

    Freagra
  3. igaeilge Údar an Ailt

    Ar ndóigh, is féidir bheith amhrasach faoi gheallúintí Rialtais agus ní tú amháin atá amhrasach. Ní raibh i gceist agam ach an méid a gealladh a thuairisciú agus an tairbhe, dar liom, a leanfadh comhlíonadh na geallúna sin.

    Agus tá an ceart agat faoi na hAchtanna – rud a thuairiscigh mé minic go leor agus mé ag Lá Nua – ach tá gá le tús úr.

    Níl a fhios agam, áfach, an mbeidh an córas i ndán an geallúint seo a chomhlíonadh go luath de bharr cuinsí airgeadais is ciorruithe

    Freagra
  4. Fearn

    Is fíor dhuit a igaeilge.

    Agus níl cíos ar gheallúintí, ar geallúint ar gheallúint sa gcás seo, má thuigeann tú mé :”geallúint go dtabharfaí ‘aghaidh’ ar an gceist”.

    Freagra
  5. Póló

    Ní doigh liom go bhfuil seans ar bith ann go gcuirfear aistriúcháin ar na billí ar fáil go chomhaimsearach.

    Tá dualgas bunreachta ar an rialtas aistriúcháin a chur ar fáil ar na h-achtanna agus tugadh breith cúirte ar an ábhar seo le déanaí. Agus tá an obair seo go mór ar cúl faoi láthair.

    Seo díreach an fhadhb chéanna a luas faoi fheactas Stádas maidir leis an reachtaíocht Eorpach.

    Freagra
  6. Fearn

    An bhfuil a thuilleach eolais agat i dtaobh breithe seo na cúirte? Ainm an cháis? Dáta na breithe? ArdChúirt nó cúirt Uachtarach? Aon rud?

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s