Robálaithe bainc

 

An banc ónar robáladh £26.5m i mbéal na Nollag 2004

An banc ónar robáladh £26.5m i mbéal na Nollag 2004

Is cosúil go bhfuil an tóín tar éis titim as an gcás a bhí á chur in éadan Chris Ward, an t-aon duine go dtí seo a cúisíodh as robáil Bhanc an Tuaiscirt i mbéal na Nollag i 2004. 

 

Beag an fhianaise i gcoinne Ward sa chéad dul síos – tharla gur ó iarthar Bhéal Feirste do, gur ball de chumann tacadóirí Celtic a bhí ann agus go raibh sé tar éis an róta a athrú thart ar an am a tharla an eachtra. 

Ba thapaidh an bhreith a thug Príomh Chonstábla an PSNI, Hugh Orde, ar an robáil agus é ag rá gurbh é an IRA, dar leis, a bhí ar chúl an robáil.  Agus ar ndóigh bhí na meáin go tapaidh chun méar an mhileáin a shíneadh i dtreo an IRA.

Ag an am chéanna b’é an t-aon fhianaise a tháinig chun tosaigh timpeall ar £50,000 ón lasta £26m ar tógadh a fuarthas taobh thiar d’fhalla tílithe i leithreas i gcumann shoisialta an PSNI féin!

Is cinnte gur beart é an robáíl seo a raibh ar chumas an IRA a dhéanamh – agus ní féidir a chur as an áireamh gurb iad a rinne é.  Le cois sin, tá go leor daoine a fhéadfadh a leitheid a dhéanamh, agus ar theastaigh uatha é a dhéanamh chun poblachtaithe a lochtú agus an proiseas pholatúil a chur ó mhaith leis an lochtú sin. 

Sea, agus tá cuid de na daoine sin istigh sa ghluaiseacht phoblachtach.  Táim den tuairim go bhfuil an oiread faicsin is eití neamh spleach taobh istigh den ghluaiseacht phoblachtach, a mhaíonn go bhfuil siad dílis do na ceannairí a fheicimíd go rialta ar an dteilifís, agus atá eití is faicsin phoblachtóiri taobh amuigh a deir gurb iad na ceannairí céanna a rinne tréas orthu agus ar an gcúis.   Luíonn sé le ciall is le réasún gurb amhlaidh a bheadh de bharr go raibh an IRA eagraithe ar bhonn cheallach le go mbeadh gach aonad nach mór neamhspleach óna cheile. 

Sa tslí sin d’fhéadfaí a shamhlú go dtarlódh eachtraí mar a tharla, is dócha, sa Cholóim nó i Florida agus a leitheid – agus go bhféadfadh ceannairí pholatúla na gluaiseachta a mhaíomh le croí mór maith ná raibh a fhios acu tada faoin eachtra seo nó siúd. 

An rud is mó a léiríonn an eachtra ar fad faoi Bhanc an Tuaiscirt agus an fhiosrú a lean é, nach feidir poilíneacht is dlí agus cirt ceart a chur ar fáíl ó thuaidh faoin gcóras atá ann.  Caithfear teacht ar shocrú maidir leis an gcumhacht seo a chur i lámha na ndaoine atá i gcumhacht san áit agus gan é a bheith á chiansmachtú, mar dhea, ó Londain. 

Tá smal lofa agus fuilteach ar lámha ar gach taobh….

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s