Saint, craos agus bróga Manolo Blahnik

 

Tá clú agus cáil ar bhróga chostasacha Manolo Blahnik ón gclár Sex and The City

Tá clú agus cáíl ar bhróga chostasacha Manolo Blahnik ón gclár Sex and The City

Agus an tóin ag titim as an tsaol, go fóill, is cosúil nach bhfuil ciall againn fós.  Inné agus scamall an amhrais fós ós ár gcionn, agus os cionn ár gcóras airgeadais, d’osclaíodh siopa bróg i mBaile Atha Cliath.  Ní gnath siopa bróga atá i gceist – ach siopa an dearthóra, Manolo Blahnik, an dearthóir bróg ón Spáinn a thuill clú agus cáil de bharr an clár teilifíse, Sex and The City. 

Bróga do mhná atá i gceist agus cosnaíonn siad na céadta Euro an peire.   Deirtear go mbeadh mná sásta a gcéad páiste a dhíol le teacht ar phraghas peire acu.   Anois ní chreidim sin – ach is é sin an cineál áibhéil a leanann na bróga seo. 

Agus mé ag léamh na bolscaireachta faoi theacht Manolo go Baile Atha Cliath san Irish Times agus san Irish Examiner,  tá mothú aisteach agam.  Mothaím go bhfuil saol osréalaíoch á thuairisciú ann – ag am go bhfuil cáinaisnéis thar a bheith cruaigh á gheallúint ag an dTaoiseach, táimíd go fóill dallta ag na bróga seo, bróga nach bhfuil ag teacht leis an aoráid nua eacnamúil ina mairimíd ná baol air. 

Ag an am céanna is atá na criosanna á cúngú agus arduithe cánach agus ciorruithe caiteachais á lua agus an cosmhuintir go mór i mbaol de bharr seo, tá an bolscaireacht saor in aisce á thabhairt do theacht an siopa bróg seo. 

Ní miste liom a rá gur dóichí ná a mhalairt go mbeidh margadh ann i gcónaí do rudaí alainn – ach níl a fhios agam cé a cheannóidh na bróga seo?  Mná cheile – agus mná breise – na mbaincéirí atá tar éis creachadh a dhéanamh orainn? 

Idir Manolo Blahnik agus na bialannaí galanta a bhionn faoi chaibidil ag leitheidí Tom Doorley agus leirmheastóirí bialannaí eile a bhionn ag scríobh do nuachtáin na mór uaisle, tá ár gciall caillte. 

Gach seans go mbeidh orainn teacht ar ár gciall go gasta sa tréimhse atá romhainn!  In alt eile san Irish Times tugtar le fios go bhfuil ampal, craos agus saint rábach in Éirinn faoi láthair – seo an léargas i leabhar nua dar teideal Vitali’s Ireland – Time Travels in the Celtic Tiger.

4 thuairim ar “Saint, craos agus bróga Manolo Blahnik

  1. crosbhealaí

    Haigh, a Choncubhair,

    Anois gur cosúil go mbeidh deireadh le Lá Nua, an bhfuil sé ar intinn agat nuachtan laethúil Gaeilge ar-líne a fhorbairt?

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Tá pleananna á fhorbairt agam faoi láthair – ach ní doigh liom gur nuachtán ar líne a bheidh mar thoradh orthu. An rud ar mhaith liom ar líne go mbeadh áit ann a fhéadfaí cuairt a thabhairt air agus ansin bheadh an nuacht is déanaí i réimse abhair – nuacht, sport, gnó agus dlí, polataíocht, caitheamh aimsire, cultúr, ealaíon, litríocht, siamsaíocht, faisean – agus go bhféadfá dul ag plé go h-idirghníomhach le h-údair ailt ar na réimsí sin is eile, mar a tharlaíonn anseo. Sin an rud atá mé ag obair ina threo –
    B’fheidir go mbeadh suim agat abhar ar chúrsaí eaglasta agus idirchultúrtha a sholathar?
    Tá réimse blaganna ann faoi láthair agus tá sin maith ann féin – ach tá gá rud eigean a bheith ann le cois, cineal scath suíomh i nGaeilge. Ina chlúdófaí na réimsí atá luaite agam agus a bheadh ina áis don fhoghlaimeoir freisin. Seirbhís buan atá i gceist agam seachas eagrán seachtainiúil, míosúil nó fiú laethúil.
    Beidh fáílte roimh thacaíocht, chabhair cibé, ar féidir le daoine atá ar aon intinn liom – nó fiú a thagann leis an coincheap ach ná gá doibh bheith 100% ar aon intinn liom.

    Freagra
  3. caomhán

    Is suimúil go deo an plean atá agat, agus tá suil agam go n-íoreoidh leat. Maidír leis an túfas airgead a citheadh go seafóideach sa tír seo le blianta anuas ní h-iad mná céile lucht an rachmais amháin a bhi síos leis, bhí an mheoin i bhfad níos forleathan ná i mhian linn a adhmháil.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s