An Ghaeilge ina cnamh spairne i Léim an Mhadaidh

 

Logo Léim an Mhadaidh

Logo Léim an Mhadaidh

De reir phríomhscéal Lá Nua inniu, tá gearán déanta ag oibrithe i gComhairle Bhuirg Léim an Mhadaidh i gContae Dhoire faoi logó le Gaeilge bheith ar an bhfeisteas oibre atá á chaitheamh acu.  De thoradh an ghearáin seo tá baol ann go mbeadh cosc níos forleithne ar úsáid na Gaeilge san áit oibre ar fud na sé contae. 

Is cuimhin liom roimhe seo bheith ag tuairisciú do Lá Nua ar ghearán a rinne oibrí i gcomhlacht poiblí eile de bharr gur chuala an oibrí seo beirt comhleacaí ag labhairt le cheile i nGaeilge.  Duirt an ghearánaí gur chothaigh sé seo ‘tosca fuachta’ san áit oibre agus, íontas na n-íontas, d’aontaigh Coimisiún an Chomh-ionannais leis an ghearánaí.  Ón bpointe sin chuir an Choimisiún comhairle ar údaráis agus comhlachtaí phoiblí ag tabhairt le fios doibh go raibh gá le cosc ar an nGaeilge san áit oibre.

Chun an fhirinne a insint, níl a fhios agam ar athraigh an chomhairle sin go foirmeálta ó shin ach tosnaíodh ag déanamh neamh íontais de.  

Dar le saineolaithe idirnáisiúnta ar chearta teanga – leitheidí Ferdinand de Varennes a d’earcaigh Pobal chun comhairle a chur ar an scatheagras faoi reachtaiocht teanga– ba shéanadh bunusach ar chearta daonna an comhairle sin a thug an Choimisiún Comhionannais.

Anois tá an baol céanna ann nó má eiríonn le ghearánaithe Léim an Mhadaidh, is cinnte go mbeidh leitheidi an DUP agus an UUP ag iarraidh oibrithe le cúlra aondachtach I gcomhairlí agus comhlachtaí eile a spreagadh chun tabhairt faoi chosc a chuir ar, dar leo, siombalachas náisiúnach a bheith go soiléir os a gcomhair.   Agus, sa chás seo, a bheith á chaitheamh acu.

Ceist deacair é seo.  Is cinnte nár mhaith liomsa aon suaitheantas Bhéarla a chaitheamh ar mo chuid éadaí – cad é an toradh a bheadh ar ghearán, mar shampla, ag oibrithe I gComhairle Cathrach Bhéal Feirste ag gearán go raibh orthu léine le suaitheantas Bhéarla na cathrach sin a chaitheamh agus gan aon tagairt don Ghaeilge?  Nó cad faoi gearán a dhéanamh faoin shuaitheantas úr – agus costasach – atá á úsáíd ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste – an B mór – ar an gcúinse go bhfuil sé maslach d’oibrithe le Gaeilge nach bhfuil leagan Ghaeilge ann. 

Tá nimh sa diospóireacht faoi chúrsaí teanga anois ó thuaidh de bharr go bhfuil sí iompaithe ina pheil pholatúil ag an DUP agus an UUP go príomha.  Níl Sinn Féin gan locht sa scéal seo agus, ar an droch uair, is beag speis atá léirithe ag an SDLP sa cheist taobh amuigh de leitheidí Dominic O Brolcháin.

Ní chreidimse go bhfuil sé suas do Ghaeilgeoiri gobán a chur ina mbéal agus iad ag labhairt lena gcomh Ghaeilgeoiri ar eagla go gcuirfeadh siad fuacht ar oibrithe den chúlra aondachtach atá ag obair leo.   Is cinnte nach bhfuil sé béasach beirt bheith ag labhairt I dteanga dothuigthe don triú duine mas d’aon ghnó atá sé ag an mbeirt an triú duine a choinneáil amach as an gcomhrá.   Braitheann sé go h-iomlán ar an gcomhthéacs.  

Níl mé ar shon shuaitheantais Ghaeilge a bhrú ar fheisteas oibre atá á chaitheamh ag oibrithe ó phobal atá á dtreorú ag a gceannairí pholatúla bheith naimhdeach don teanga.  Cén fath nach dtugtar an rogha doibh logó aon teangach Bhéarla [nó Gaeilge] nó dhá theangach a chaitheamh?    Tuigim cúis amháin, go mba ionann sin agus léiriú oscailte ag fógairt os ard don phobal cad é an traidisiún óna siolraíonn an oibrí agus, b’fheidir, á chur I mbaol dá bharr?

Tá go leor den nimh san fheoil seo bunaithe ar aineolas agus léiríonn sé chomh riachtanach is atá sé go ndéanfadh leitheidí Foras na Gaeilge [cé go bhfuil leisc is drogall orm a leitheid de chúram a bhronnadh ar dhream chomh mí eifeachtach] feachtas oideachais tras phobalach a reachtáil ar bhonn nár tugadh faoi riamh theana.    Roimhe seo b’ionann ‘tras phobalach’ agus cearta na nGael a shéanadh ar eagla go gcuirfeadh sé as d’Aondachtaithe.  

Ba cheart d’Oifig an Chéad Aire agus an Leas Chéad Aire bheith páirteach san fheachtas seo agus go mbeadh sraith fógraí, mar shampla, ar an dteilifís ag tabhairt le fios gur teanga í an Ghaeilge atá an oiread sin ina cuid den oidhreacht aondachtach is atá sé ina chuid den oidhreacht naisiúnach.

Le blianta beaga anuas tá iarracht déanta le gimicí seafóideacha agus eile a chur ina luí ar an bpobal mhór gur ocáid é An Dóú Lá Deag atá fréamhaithe sa chultúr agus san fhéile seachas sa bhiogóidíocht agus sa seicteachas.  Tá go leor airgid caite ar na bhfeachtais seo ag leitheidí Bord Turasóireachta Thuaisceart Éireann. 

Anuraidh, nuair a seoladh toscaireacht chuig Washington chun cultúr an Tuaiscirt a chur ar taispeáint ag féile a bhí á reachtáíl ansin, ar eigean go raibh an Ghaeilge luaite ann.  Dúradh liom ina dhiaidh sin go raibh ionadaí ó Fhoras na Gaeilge ar an gcoiste stiurtha agus gur deineadh gearán ina dhiaidh sin faoin easpa Gaeilge a bhí sa chlár a cuireadh go Washington, ar chostas roinnt milliún púnt steirling.

Ar ndóigh is beag is fiú gearán i ndiaidh na h-ocáide.  

Is cinnte go bhfuil an feachtas leanúnach seo in éadan na Gaeilge atá á reachtáil ag na pairtithe aondachtacha, gach páirtí nios binibí ná a cheile, ag dul i dtreise seachas a mhalairt.  Tá gá le h-aistroid – ach ar bhealach straitéiseach le cinntiú go léirítear gur aineolas atá ag bun agus barr an freasúra míréasúnta seo. 

Mar a deirtear in eagarfhocal Lá Nua inniu, agus tá sé ráite go minic roimhe ann, is cosúil go bhfuil sciar den aos pholatúil aondachtach nár mhaith leo aon Ghaeilgeoir fán áit, nár mhaith leo aon rian den Éireannachas a bheith le feiscint nó le cloisint. 

Mura dtugtar dúshlán don dearcadh seo, ar bhealach réasúnta agus ciallmhar, ní bheidh rath ar an bhfiontar pholatúil ina iomláine ó thuaidh.  Ní h-ionann agus cur chuige réasúnta agus ciallmhar é gan aon ceann a thabhairt don fhadhb nó gan aon spás a thabhairt don Ghaeilge. 

Tá go leor amhrais orm faoin Acht Ghaeilge seo atá á mholadh, ní thaitníonn sé liom go mbeadh airgead á chaitheamh ar fhoirmeacha is tuarascálacha i nGaeilge nach líontar nó nach léitear i dteanga ar bith.  Ach tá gá le h-áit a bheith sa reachtaíocht ag an nGaeilge, go mbeadh cosaint oifigiúil aici ó ionsaithe aineolacha is biogóideacha. 

Mar sin, mas féidir leat bheith i mBéal Feirste Dé Satharn le h-aghaidh mórshiul Pobal, bí ann agus ardaigh do ghlór i nGaeilge ar son na teanga….

 

Aon tuairim amháin ar “An Ghaeilge ina cnamh spairne i Léim an Mhadaidh

  1. Ping: Dí-larú an Fhorais go Gaoth Dobhair ar ceal « iGaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s