Aistriúcháin aisteacha agus Sinn Féin

Ní minic a thagaim le Nelson McCausland ar cheist ar bith, ach caithfidh mé a rá go dtuigim go bhfuil argoint atá nach mór réasúnta aige agus é ag cáineadh na libhéil airgid atá á chaitheamh ag Airí Shinn Féin ar aistriúcháin Ghaeilge ó thuaidh. 

Ní h-é go bhfuilim i gcoinne airgead bheith caite ar aistriucháin ach ní thuigim go díreach céard iad na sliochtaí atá á aistriú go Gaeilge go costasach ag an Aire Oideachais, Caitriona Ruane, mar shampla.   A roinn is mó a mhéadaigh an chaiteachas ar aistriúchán anuraidh, suas ó £20,000 i 2006 go dtí £50,000 anuraidh. 

D’fhéach mé ar shuíomh idirlíne a Roinn agus ní raibh ann ach trí fhocal Ghaeilge, an Roinn Oideachais, ar an bpriomh leathnach.  Bhí sé sin díreach os cionn an leagan Ultaise, Mannystrie of Lear.   Corr uair agus mé ag obair le Lá Nua go bhfuair mé preas raiteas le cúpla focal Ghaeilge ón Roinn Oideachais ach ní raibh, más buan mo chuimhne, an Ghaeilge sin fiú ró chruinn. Rith sé liom, mar shampla, go raibh sé á aistriú ag duine eigean go raibh cúpla focal Ghaeilge aige a tharla do nó di bheith ag obair in oifig an phreasa seachas gur tháinig na sliochtaí aistrithe ar ais ó aistritheoir a bhí fostaithe don ghnó ag an Roinn.   

Tá údar mhaith go mbeadh leaganacha oifigiúla ann de raitis oifigiúla ó leitheidí an Aire OIdeachais ar fáil i nGaeilge – agus is é sin go bhfuil gá le leagan oifigiúil faofa de raitis an Aire ar fáil do na meáin.  Is iomaí slí ar feidir rud a aistriú….agus, uaireannta, b’fhearr an leagan oifigiúil a bheith agat seachas leagan dod chuid féin, cibé chomh údarásach is a cheapann tú an leagan sin a bheith. 

An buairt atá ormsa faoi an oiread airgid agus atá á chaitheamh ar aistriúcháin go Gaeilge go gcreideann lucht Shinn Féin go bhfuil sin maith go leor chun cúiteamh a dhéanamh ar easpa dhul chun cinn ar chaiteachas do ghrúpaí ar an dtalamh a mhéadú agus seirbhísí do chainteoirí fud fad na tíre a fheabhsú. 

Nuair a chloisimse go bhfuil SF – nó pairtí ar bith – ag éileamh go mbeadh Coimisinéir Teanga ann mar atá ó dheas, tuigim nach bhfuil ag teastáil ó Shinn Féin ach go h-áirithe ach puipéad chun a leas a dhéanamh agus chun cuma an ghnímh a chuir orthu féin. 

Ar ndóigh tá an DUP ag déanamh a ndichill an teanga a sheictiú agus tá sin soiléir ó na figiúirí atá foilsithe thuas nó tá isliú suntasach tagtha ar an méid aistriucháin a dheintear ag gach roinn atá faoina smacht, go h-áirithe ag an Roinn Cultúr, áit a raibh laghdú de isteach is amach le £18,000 ar an gcaiteachas ar aistriúchán. 

Ag an am chéanna, níl aon ardú – ach a mhalairt – tagtha ar an gcaiteachas ar an nGaeilge ar an dtalamh ag an roinn sin.  

Agus tá go leor airgid le sparáíl ag an Roinn áirithe sin faoi lathair.  De bharr go bhfuil togáil Staid na Ceise Dada ar an méar fhada anois, tá airgead a bhí ceadaithe don tionscnamh don bhlian seo á chaitheamh ar nós confetti i measc grúpaí ealaíon, grúpaí Ghaeilge, ar ndóigh, AS AN AIREAMH.  

Fuair an Crescent Arts Centre £4.5m, gan fiú an méid sin a iarraidh, ón Roinn Cultúr le déanaí. Tá iomlán de £6.97m á fháil ag an Crescent ó fhoinsí phoiblí, idir an Chomhairle Ealaíón ó Thuaidh, Ciste Oidhreachta an Chrannchuir Náisiúnta agus an Seirbhís Oidhreachta agus Timpeallachta.  Tá £236,000 á chur sa phota ag an Ionad Ealaíon féin, rud a fhagann go bhfuil farasbarr acu de thart ar £80,000.   Go fóíll áfach tá coiste togáil airgid ag obair leo go dicheallach –  in aineoin go bhfuil a dhothain airgid acu theana féin.  Sin an fath go gcreidim go bhfuair siad thar mar a bhí súil acu leis ón Roinn Cultúr.  Maith iad – is olc an ghaoth nach seideann do dhuine eigean ach ba cheart do leitheidí Barra Mac Giolla Dhubh, an Chathaoirleach ar an gCoiste Chultúr ag an Tionól, a thabhairt faoi ndeara go bhfuil sé cineal aisteach go bhfuil airgead á dháileadh mar seo i dtoghcheantar atá mar sprioc shuiochán ag an DUP sa chéad toghchán eile agus go bhfuil toghcheantair ar nós Béal Feirste Thiar, agus ionaid Ghaeilge ann, á fhágáíl ar an dtra folamh. 

Ar ndóigh, mar a luaigh mé inné, b’fheidir go gceapann SF go bhfaighidh siad an t-airgead dá rogha ionaid chultúrtha ó Rialtas na hÉireann….   Tá súil agam go mbeidh ionaid ar nós Cultúrlann McAdam O Fiaich Bhéal Feirste ag tús cadhnaíochta nuair a thagann, má thagann, an t-airgead ón deisceart ó thuaidh.   

Nó más gá, nach feidir le na hAirí SFach agus an Aire SDLPach – nior chaith Margaret Ritchie ach £30 ar aistriuchán anuraidh – na coigiltis a rinne siad ar airgead an aistriúcháín a threorú i dtreo ionaid chultúrtha agus, b’fheidir, staisiún raidio nó nuachtán Ghaeilge fánach….

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s