An Fhoras ag sarú a rialacha féin

De reir Janet Muller ó Phobal, tá cinneadh Fhoras na Gaeilge deireadh a chur leis an chonradh nuachtán laethúil a fhoilsiú ag teacht salach ar a cuid rialacha féin maidir le comhlíonadh Chairt na hEorpa i leith Teangacha Reigiúnda agus Mionlaigh agus  na forálacha ann maidir le cur chun cinn na Gaeilge scríofa. 

Ar ndoigh is saineolaí í Janet, priomhfheidhmeannach sár eifeachtach an scatheagrais agus duine a thuigeann na cúrsaí seo go rí mhaith, ar Chairt na hEorpa.   Agus tá an cheart aici ar an gceist seo. 

Ach ón méid taithí atá agam ar an bhForas, níl aon léargas agam a thabharfadh le fios go bhfuil aon suim ag an institiúid tras teorainn teanga sa ghné seo den scéal.  Nó nach iad seo an Fhoras céanna nach bhfuil tar éis cúntais nó tuarascáil bliantúil a fhoilsiú do bhliain ar bith ó 2004 go dtí inniu.    Mura bhfuil meas ag an institiúid tras teorainn seo ar na rialacha a cheanglaíonn gach comhlacht phoiblí eile, go deimhin gach comhlacht ó thaobh na cúntais de, an féidir bheith ag súil go gcomhlíonfaidh siad Cáirt Eorpach nach bhfuil cumhacht ceangailteach aige orthu go díreach. 

An deacracht atá ag an bhForas go bhfuil siad ceangailte de réir na dlithe faoinar bunaíódh iad chun forálacha na Cairte a chur i bhfeidhm ó thuaidh, sa mheid is go mbaineann an Chairt leis an dtuaisceart amháin mar go gcreideann an tAire O Cuív nach bhfuil aon gá le cairt chun an teanga a chosaint ó dheas. 

Ní chreidim féin gur deineadh aon plé suntasach ar an ghné seo den cheist ag an gcruinniú ag a deineadh an gcinneadh tubaisteach seo.   Nó is léir ón chaint a rinne Eoghan Mac Cormaic ina alt ar An Phoblacht ná raibh aon tagairt den Chairt – abair liom, cén mhaitheas do phairtí ar nós Sinn Féin daoine a ainmniú le dul ar bhórd, le bheith ina leas chathaoirleach, nach cosúil go bhfuil siad ar an eolas faoi ionstraim ar nós an Chairt? – ag cur as do.  Tugaim chun cuimhne an fhoráil a bhí ag Sinn Féin ina fhorogra toghcháín i 2005: 

Tosaíochtaí Shinn Féin don Ghaeilge: 2005-2008

  • Acmhainní cuí agus acmhainní breise a bheith ar fáil d’Fhoras na Gaeilge.
  • Go ndéanfar treisiú ar na hailt a roghnaigh Rialtas na Breataine i gCuid III den Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh.

Mura bhfuil Sinn Féin ag cosaint na Cairte ag bord an Fhorais, tá gá lena gheallúint toghcháin a mheabhrú doibh arís is arís eile.

Ag filleadh ar Eoghan Mhic Chormaic: Eisean a bhí ag caint ar an mhargadh – agus gan amhras tuigimíd an fadhb sin.  Murach na deacrachtaí atá ag nuachtáin is foilseacháin Ghaeilge trí cheile ar an margadh, ní bheimís ag lorg aon cúnaimh ó Fhoras na Gaeilge nó a leitheid.   

Ach níl a fhios againn, ón méid a duirt Eoghan, níl aon leid ann faoin libhéal sasúil díolachán, chomh fada agus a bhaineann sé leis an bhForas, a bheadh ag nuachtán Ghaeilge.  An gcreideann einne, mar shampla, go bhfuil Foinse ag díol an oiread sin níos mó ná mar atá á dhíol ag Lá Nua go bhfuil an nuachtán sin slán sabhailte.  

Cúpla bliain ó shin bhí Foinse ábalta cuir lena figiúirí díolachán le cleas simplí – agus fuair siad, chomh fada agus is eol dom, cabhair ón bhForas seo a dhéanamh.  Rinne Foinse socrú leis an Irish Independent ó dheas – agus leis an Irish News ó thuaidh – agus ar tháílle isteach is amach le £10,000 an nuachtán – chun cóip saor den nuachtán a dháíleadh leis an mór nuachtán Bhéarla.   De reir slat tomhas ABC ag an am, b’ionann sin agus ‘díol’ nuachtáin.  Mar sin, ó thuaidh den teorainn, dháil Foinse eagrán amháin leis an Irish News, thart ar 50,000 coip, i dtréimhse sé mhí.  Mar sin de, nuair a fhoilsíodh na figiúirí diolachán, bhí an cuma ar an scéal go raibh meán diolachán níos mó, 50,000/26=1,900, ag Foinse ná mar a bheadh i ghnath treimhse sé mhí ag Foinse.   Nuair a dheintí é seo leis an Irish Independent, bheifeá ag caint ar dhubailt an méid sin ar a laghad agus mar sin bheadh an cuma ar an scéal go raibh díolachán i bhfad níos mó ag Foinse.  Ní chuirim an locht ar Foinse as ucht an gcleasaíocht seo ach léiríonn sé chomh ‘bréagach’ is atá sé bheith ag déanamh comparáide idir Foinse agus Lá Nua ó thaobh díolachán de.  

Ní oibreodh an cleas céanna do Lá Nua ar chúpla cúinse – toisc go mbionn cúig eagrán in aghaidh na seachtaine ag Lá Nua, bheadh an buntaiste a bhainfeadh an nuachtán as a leitheid de mhargadh ró bheag.  Meabhraigh air – tá tú ag caint ar 50,000 [sé sin dá ndáilfí Lá Nua leis an Irish News, namhad buan Grúpa Mheán Bhéal Feirste!] a roinnt ar 130.  Sin 400 coip breise in aghaidh an lae.  Níl sé ró olc – ach bheithfeá ag ioc ana phraghas ar 400 coip breise a chur le mhór iomlán díolachán.   Tá tú ag caint ar chostas £10,000 ar a laghad ar an gcló breise, anuas ar an dtaille a chaithfeá a dhíol leis an mór nuachtán Bhéarla chun an dáileadh a dhéanamh.  

Nuair atá cleasaíocht den chineál sin á úsáid i rith an ama, ní mór duit bheith cúramach nuair a chloiseann tú ball Forais ag caint faoin ‘mhargadh’. 

Glacaim leis go bhfuil comhairle dlí á lorg ag feidhmeannas an Fhorais faoi láthair ar an gceist a thóg Pobal i Lá Nua na maidine seo.   Is cinnte go ndíolfaidh siad – sé sin tusa agus mise sa deireadh thiar – go daor as. 

An t-aon argóint ar féidir a dhéanamh ar shon an mholaidh atá acu – go bhfuil siad ag reachtáil comórtas ‘oscailte’ le h-aghaidh an nuachtán seachtainiúil seo atá á mholadh acu.  Is uirlis úsáideach é seo chun leitheidí Foinse a choinneáil faoi smacht – samhlaigh an brú a bheadh ortsa dá mbeadh ort páirt a ghlacadh i gcomórtas gach trí bliana chun do phost féin a chinntiú!   Níl sé deas agus is cinnte go léiríonn sé go bhfuil gá le córas difriúil seachas Foras na Gaeilge, ar a bhfuil ionadaithe ó na pairtithe polatúla, Sinn Féin 4, FF, an PD agus an Chomhaontas Glas. 

Córas a bheadh neamhspleach go h-iomlán ón pholatíocht phairtí atá ag teastáil. 

Agus ní h-ionann sin agus Foras na Gaeilge…..

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s