Ná scaoil an teachtaire….

Tá sé in am bogadh ar shiúl ón chaint seo ar fad faoi Fhoras na Gaeilge agus faoi Shinn Féin agus chomh mí eifeachtach is atá siad agus an aimhleas ollmhór atá déanta ar an dteanga acu agus an Rialtas….tá’s againn sin ar fad agus, i bhfirinne, céard eile a bhíomar ag súil leis.

Tá an spéir ag titim orainn anois agus an tóin ag titim as an saol de bharr na baincéiri a d’imir roulette lenár gcuid airgid.  Tá na baincéirí céanna tar éis a léinte a chailliúint  – gabh mo leithscéal, ár léinte – agus anois tá an Rialtas tar éis a rá, thar ár gcinn, go bhfuil siad chun teacht i gcabhair ar na bainc.  

Dar liomsa is iad John Bird agus John Fortune an bheirt is greannmhaire ar an dteilifís – agus is fiú go mór amharc ar an léargas a thugann siad ar a thárla.  Tá sé chomh maith dúinn bheith ag gairí agus an long, LS Éire Teo, ag dul go tóin phoil. 

Táim ag faire ar Questions & Answers agus tá go leor le rá ag David McWilliams atá ciallmhar ar na ceisteanna seo.  Ceann de na ceisteanna a cuireadh air go díreach cé acu an raibh sé sásta anois go raibh cúlú eacnamaíochta ann de bharr go raibh sé á thuar le seacht nó ocht gcinn de bhlianta. 

An freagra ar thug sé, gan an teachtaire a scaoileadh.  Nó dá mbeimís ag éisteacht leis – nó dá mbeadh na h-údaráis ag tabhairt cluas do – b’fheidir go mbeadh an eigeandáil seo seachanta againn. 

Rinne sé moladh ar cheart cluas a thabhairt do anois.  Is é sin go nglacfadh an Rialtas sciar suntasach sna bainc – thart ar 30% – saor in aisce ar son an bhannaí atá tugtha do na bainc.  Ba cheart ansan greim a choinneáil ar na scaireanna seo go ceann cúig nó sé bhliain go dtí go dtiocfaí slán tríd an eigeandáil seo agus go mbeadh brabhús á shaothrú ag na bainc in athuair. 

Ba cheart gurb é an an sprioc a bheadh ag an Aire Airgeadais anois brabhús a shaothrú ar son an cháin íocóra agus is deis íontach é seo chuige sin. Mhol sé freisin go mbeadh aonad iniúchóirí cumhachtacha fostaithe ag an Rialtas chun a fháil amach ó gach banc go díreach an chailteanas a fhéadfadh bheith acu. 

Molaim freisin go mbeadh dian cheistiú phoiblí ar na bpriomh fheidhmeannaigh ar na bainc, cé mheid de phá a shaothraigh siad, cé mheid bonais a shaothraigh siad agus cad a rinne siad chun an eigeandáil is déanaí a sheachaint an oiread agus is féidir. 

moladh speisiúil ag Máirtín O Muilleoir go n-iocfadh an Rialtas sciar de mhorgaiste gach duine as seo go ceann dhá bhliain ar an mbunús gur cheart go maolódh sin an brú ar ghnath theaghlaigh agus go gcothódh sé muinín i measc na cosmhuintire trath go bhfuil na báid tarrthála ar fad ag dul i dtreo na bainc agus á fágáil gan fiú crios tarrthála a chothódh iad sna farraigí móra.

3 thuairim ar “Ná scaoil an teachtaire….

  1. séamus Mac Seáin

    tá an moladh sin ag Máirtín Ó Muilleoir gan chiall
    agus ni dhéanfadh sé ach cur leis an éigeandáil.Tá an ceart ag an Rialtas féacháint le seasmhacht éigin a chur arais sa chóras.Níl againn ach é mar chóras i láthair na huaire.Nuair a bheas sé socair arís agus muinín éigin ag daoine as an chóras airgid sin an tam leis na leasaíthe a thabhairt isteach agus ansin dul sa tóir ar dhaoine a thruailigh an córas lená mí fhreagracht cosúil leis an dream seo atá ag fógairt go fóill ar an idirlín “£200,000 Remortgage from £816/ month.BAD CREDIT O/K.” agus tá Máirtín ag moladh don rialtas cuidiú linn airgead a áisíoc le dream mar sin.

    Freagra
  2. caomhán

    Níl aon maith a bheidh ag tabhairt airgead do dhaoine a bhí ina n-amadháin le cupla bliain anuas agus iad ag ceannacht tithe ar praghas seafóideach. Bhi Tom Parlon ar an teilifís timpeall blian ó shoin ag rá go raibh maragadh maith le fáil ag aon duine a cheanódh teach ag an am sín.Caith an fear seo 5 bliana sa rialtas,ní ionadh go bhfuil an tír ina císeach.Tá an deis ann anois chun aisling na sóisealaigh a bhaint amach agus na bancanna a thabhairt faoi chúraim an stáit, ach an bhfuil an mísneach acu,nó an bhfuil aon sóisealach sa tír níos mó.

    Freagra
  3. igaeilge Údar an Ailt

    Is cinnte nár cheart airgead a aisioc le na bainc a thug morgáisti den tsort seo do dhaoine ar chreidmheas íseal. Ba cheart, áfach, go n-aimseofaí slí éigean chun cuidiú leis na daoine sin. Mar shampla, ba cheart cosc a chur ar aon theach a bheith forghafa ar feadh treimhse deich mbliana agus sa chás go mbionn deacrachtaí le h-ioc na ngálaí gach mí, go gcuirfeadh an Stat an mortgáiste ar fionraí ar feadh an treimhse sin agus go n-iocfaí cíos miosúil leis an stat ag ráta níos ísle agus go gcuirfí an t-airgead seo i gciste a bheadh ar fáil don t-é atá mortgáiste aige nuair a bheadh sé reidh le tosnú ag ioc na ngalaí arís.

    Is cinnte go bhfuil pointe mhaith ag Caomhán – is é seo an deis ag pairtí soisialach le h-argóínt laidir a dhéanamh ar son na bainc a chur faoi reimeas úr arbh é leas an phobail seachas leas an scairshealbhóra an priomh sprioc acu.

    Ba cheart do Eamon Gilmore/Joe Higgins an deis seo a thapú.

    Agus an chaint seo ar fad faoi chúrsaí cánach a mhéadú, an bhfuil sé in am ardú a dhéanamh ar cháin corporáideach. Fiú dá mbeadh ardú 2.5% i gceist, go fóíll bheadh an cáín corporáideach is ísle san Eoraip againn agus i bhfad níos ísle ná SAM mar shampla. Táitear ag caitheamh leis an ráta 12.5% seo amhail is gur bó beannaithe í amach is amach.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s