Clár nua chúrsaí reatha ar RTÉ RnaG – tugaigí cluas do!

 

Aine Ni Chiaráin, eagarthóir pholatúil Foinse agus láithreoir 'Faoi Chaibidil'

Aine Ní Chiaráin, eagarthóir pholatúil Foinse agus láithreoir

Ba mhaith liom gach rath a ghuí ar an gclár nua ‘Faoi Chaibidil’ – clár nua chúrsaí reatha RTÉ RnaG a bheidh á chraoladh den chéad uair am lón inniu, Dé Domhnaigh, ag tosnú ag 1.10in.  

 

Is fada mé ag gearán nach bhfuil a dhothain plé cúrsaí reatha ar mheáin chraolta na Gaeilge agus bhí bearna mór ann ar an Domhnach ach go h-áirithe. 

Le h-iriseoir chomh cumasach le hÁine Ní Chiaráin sa chathaoir, nior cheart go mbeadh aon  amhras ach go líonfar an bearna seo go h-eifeachtach.    

Tá súil agam nach bhfuil ann ach an tús agus go mbeidh i bhfad Éireann níos mó cúrsaí reatha náisiúnta agus idirnáisiúnta le clos ar RTÉ Raidio na Gaeltachta amach anseo.

Cuireann sé díomá orm a chloisint ar cholún An Speallaire i bhFoinse go bhféadfadh go mbeadh deireadh leis an leath uair breise ar Adhmhaidin ó Luan go hAoine ar RnaG – agus go bhféadfadh sé go mbeadh an clár ag tosnú ar a 8rn seachas ar 7.30rn. 

Chiallódh sé sin go mbeadh Adhmhaidin go díreach san iomaíocht le clár maidine Eoghan Uí Néill ar Raidio Fáilte, clár a thosnaíonn thart ar a 8rn gach maidin.  Cé nach bhfuil na h-acmhainní céanna ag Eoghan, ar ndóigh, is atá ag Adhmhaidin [agus níl na h-acmhainní acu is atá ag lucht Morning Ireland], is léir dom go mbionn Eoghan ag craoladh os cionn meachan na h-acmhainní agus gurb amhlaidh an scéal le h-Adhmhaidin agus iad ag craoladh gob ar ghob le Morning Ireland.

5 thuairim ar “Clár nua chúrsaí reatha ar RTÉ RnaG – tugaigí cluas do!

  1. Philip Cummings

    An bhfuil ábhar chás dlí againn i Lá Nua as RnaG an teideal Faoi Chaibidil a ghoid? Teideal a chum Séamas Mac Annaidh don fhorlíonadh ealaíon, go bhfios dom, nuair a bhí sé ina eagarthóir ealaíon ar an nuachtán.

    Cuideodh carn mór airgid ó chás cóipchirt le ciste cogaidh Lá Nua a líonadh don chath atá romhainn!

    Freagra
  2. séamus Mac Seáin

    A Philip a Chara

    Le cuidiú Dé cuirfidh Séamus agus Áine an dlí ar a chéile agus beidh muid reidh leis an teideal is lú
    samhlaíochta a bhí ariamh ann.

    Freagra
  3. séamus Mac Seáin

    seo a philip

    bá iad “féach” agus “Cúrsaí” na clárthaí is fearr cúrsaí reatha Gaeilge a bhí ann le mo linn .Focal amháin a dtiocfadh leis an phobal mhór amuigh ansin a rá gan mórán trioblóide. Sráicfhéachaint amháin ar an fhoclóir agus tháinig aníos le seo. Anois,Anocht,Cainc,Cúis Chainte,Dáileog,Deann, Éamh,Fiach,Gaiste,Gair.Bheadh cúis agam le gach ceann acu sin a roghnú ach tár isteach leis na moltaí agus bhéirfidh mé £10 don iarracht is fearr. cead agat féin an buaiteóir a phiocadh

    Freagra
  4. Philip Cummings

    a Shéamais

    cead agam a bheith san iomaíocht fosta? Agus an bhfuil muid ag caint ar theideal nua don chlár teilfíse nó don fhorlíonadh ealaíon i Lá Nua?

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s