Tréas Shinn Féin

 

An 'pravda' faoi chinneadh an Fhorais i dtaobh Lá Nua, dar le hEoghan Mhic Chormaic

Mo bhuiochas chuig Séamus Mac Seáin as a fhreagra ar scéal a d’fhoilsigh mé anseo aréir faoi chinneadh an Fhorais deireadh a chur le Lá Nua agus an baint a bhí ag ionadaithe Shinn Féin le sin.  Bhí barúil agam go raibh láimh ag Sinn Féinithe sa chinneadh ach seo an fhianaise. 

Tá coimhlint leasa agam, is dóigh liom, ag scríobh faoin chás seo. Tá mé imo leas-Chathaoirleach den Fhoras agus mar sin glacaim leis go bhfuil comhfhreagracht orm as an cinneadh ach is fiú a rá nár tógadh an cinneadh go héascaí agus go raibh an Bord ag iarraidh teacht ar réiteach leis an intinn agus chan leis an croí. Go pearsanta beidh díoma orm má a thagann deireadh le Lá Nua. De réir an taighde áfach, agus de réir an bheithigh úd a chuirtear an ‘margadh’ air, níl a dhóthain de léitheoireacht laethúil ann chun coimitmint mhór airgead phoiblí a chur isteach sa tionscnamh agus an fhís seo, go fóill, ag an phointe seo.

Is léir ón alt seo [sliocht thuas]ó Eoghan Mhic Chormaic i nuachtán pháirtí Shinn Féin, An Phoblacht, go raibh láimh ionadaithe Shinn Féin ar an scian a sadh sa nuachtán laethúil.  

Ina alt maíonn Eoghan ná raibh an ‘díolachán’ ard go leor ar Lá Nua agus,mar sin, ná raibh an ‘beithioch sin, an margadh’ ann do.   

Chaoin sé uiscí a chinn faoi chomh ‘crua’ is a bhí an chinneadh seo.  Dúirt sé ná raibh sé ‘éasca’. I gcead d’Eoghain, míneoidh mé ‘éasca’ do.  Ní raibh sé éasca nuachtán laethúil a fhoilsiú ar phinginí, dúthracht agus míbhuiochas.   Bhí sé thar a bheith crua.   Ná bí ag caoineadh uiscí do chinn faoin cinneadh fealltach a rinne tú agus do chomrádaithe ar ‘Animal Farm’ an Fhorais gan a bheith éasca!

Is cinnte go gceapann Eoghan agus a chomhleacaithe ar Bhórd an Fhorais go bhfuil gar mór déanta  ar son na Gaeilge.  Go bhfuil a gcinneadh tar éis airgead a shabháil don teanga agus go bhfuil todhchaí na h-iriseoireachta chlóite de bharr a pháirt agus páirt a pháirtí sa chinneadh seo. 

Sara nglacann sibh le sin mar argóint, cuimhnigh ar an méid seo.  Sara rinne an Fhoras an chinneadh Dé hAoine, 19 Meán Fómhair, bhí deontas €320,000 in aghaidh na bliana á fháil ag Foinse, móide €25,000 de bhónas más amhlaidh gur eirigh leo sprioc díolachán a bhaint amach. Bhí deontas de thuairim is £190,000 nó, abraimís, €250,000, in aghaidh na bliana á dháileadh ar Lá Nua, gan aon bónas as ucht díolachán [cén fath ná raibh a leitheid d’fhoráil i gconradh Lá Nua ní fheadar?]  Sin iomlán de €570,000 ar iriseoireacht chlóíte na Gaeilge.   B’shin slad mhargadh dar liomsa a bhí á fháil ag an bhForas as an dhá nuachtán agus an duthracht a rinneadh chun iad san a chur ar fáil gach lá is gach seachtain.   

Anois creideann Foras na Gaeilge gur féidir leo nuachtán amháin níos fearr a fháil – agus seirbhís nuachta leictreonach – ar €400,000 in aghaidh na bliana.   Cén plainéad ar a mhaireann siad?  Níl an buntáiste céanna ag Lá Nua is Foinse is atá ag An Phoblacht ó thaobh foinsí airgid de – agus fágaimis mar sin é.   De bharr 

Cac ar cheann mhaol Eoghan Mhic Chormaic agus a chomh Shinn Féinithe ar bhórd an Fhorais, Lucilita Breatnach, Marcas Mac Ruairí agus Séanna Breathnach, an fear a léigh an ráiteas faoi chur ó mhaith armlón an IRA AS BÉARLA – agus a gcomhleacaithe eile ar bhórd an Fhorais!  

Ní raibh aon bhaint ag ‘díolachán’ leis an gcinneadh nó ‘margadh’ ach an oiread.  Dá mbeadh ní bheadh aon airgead á chaitheamh ar leabhair nó ar fhoilseacháin Ghaeilge ar bith.   Is é an rud é i bhfirinne ná raibh Lá Nua ‘dílis’ a dhothain do Shinn Féin  – nach Pravda i nGaeilge ar son ‘pháirtí na Poblachta’ a bhí ann.

Cac ar an pháirtí lofa seo.  Tá siad ag déanamh tréis ní h-amháin ar an nGaeilge ach ar a n-oidhreacht Ghaelach féin.   

Is cinnte go mbeidh na Sinn Féinithe, iad san a ghlac an cinneadh fealltach seo b’fheidir agus eile, i láthair ag an mórshiúl Dé Satharn ag lorg Acht Ghaeilge do Thuaisceart Éireann. An t-aon chúis go bhfuil siad ann go bhfuil siad ag iarraidh leas pholatúil a bhaint as an ocáid, seachas leas a dhéanamh don chúis atá gar dár gcroithe, cur chun cinn na teanga.

Má fheiceann sibh ann iad, tabhair le fios doibh go neamh bhalbh chomh náireach is chomh fealltach is atá an tréas a rinne siad ar Lá Nua, ar an nGaeilge, ar a n-oidhreacht féin.

 

12 de thuairimí ar “Tréas Shinn Féin

  1. séamus Mac Seáin

    de réir na bhfigiúirí seo a Choncubhair tá Lá Nua ag fáil E1500 gach eagrán,Foinse E6000 gach eagrán,agus an rud nua cibé ainm a bheas air E8000 .Cé acu is fearr ó thaobh luach airgid de, dar leat?

    Freagra
  2. RG Cuan

    Spéisiúil an briseadh síos sin a Shéamuis, agus dochreidte ar fad ar fad. Tá FnaG ag iarraidh dallamullóg a chur orainn mar phobal léitheoireachta.

    Freagra
  3. caomhán

    Is cuimhin liom an aragóint ceanna a bheidh ann blianta o shoin, cuir an t-airgead ar fad le chéile agus beidh paipéar breá ann. Ach an dtioca feabhas ar Foinse, nó cé paipéar a bheidh ann fuí má thugtar tuilleadh airgead dóibh. Níl a fhios agam cén díolachán atá ag an dhá paipéar ach tá mé cínnte nár tháinaigh áon meadú air le blianta anuas.

    Freagra
  4. igaeilge Údar an Ailt

    Sílim gurb é an cruthúnas nár tháínig aon méadú ar dhíolachán Foinse nár bhfuair siad an bónas a bhí geallta doibh sa chonradh a fhograíodh i 2005. Is cinnte dá mbeadh siad i dteideal an bónas sin a fháíl, go mbeadh sé fógartha acu go h-ard na spéire. Níor tháinig feabhas ar Foinse – go deimhin chuaigh sé i léig, dar liom. An cinniúint atá i ndán do Lá Nua i mí Aibreán, tá sé i ndán do Foinse ina dhiaidh sin mura mbionn ardú súntasach ar an infheistiocht ann, ón bhForas agus ón úinéir.

    Freagra
  5. Jake MacSiacais

    Téann an cinneadh seo glan in éadan na foralacha ábhartha don Cháírt Eorpach atá inithe ag Rialtas Breataine agus téann sé glan in éadan na moltaí a rinneadh sa dara tuairisc ó choimísiún na hEorpa a threoiraigh do rialtas breataine i Mí an Márta 2007 gur chóir mar ábhar práinne ‘Níos mó tacaíocht a thabahirt do na meain scríofa Gaeilge ó thuaidh.
    Caithfear an cinneadh náireach seo a throid go fíochmhar. Tá seirbhís nuachtán laethúil tuillte againn mar phobal agus caithfidh muid cinnte a dhéanamh go gcomhlíonann na húdarais a ndulgaisí ina leith seo.

    Freagra
  6. igaeilge Údar an Ailt

    Tá’n ceart agat ar ndóigh faoin Chairt, Jake. Ach ni doigh liom go nglacann an tAire nó an Fheidhmeannas nó an Fhoras leis an Chairt ach mar ionstraim chomhairleach. Is é an cosaint a rinne Eoghan Mhic Chormaic ar an gcinneadh, ná raibh an margadh ann do Lá Nua. Dá mb’é sin an t-aon chritéir, ní bheadh aon obair ann d’Fhoras na Gaeilge in aon chorr.
    Agus dá mba rud é go raibh siad dáiríre fén ‘mhargaíocht’, bheadh sciar súntasach den bhuiséad don nuachtán seachtainiúil dírithe ar mhargaíocht. Níl sin amhlaidh. €320,000 móide bónas €25,000 a bhí á fháíl ag Foinse in aghaidh na bliana roimhe seo. €400,000 in aghaidh na bliana a bheidh á fháíl ag an ‘nuachtán nua’ – agus beidh orthu seirbhís idirlíne agus feachtas margaíochta a reachtáil leis an €80,000 breise sin. Seafóid. Ní féidir é a dhéanamh agus níl sé cothrom ar aoinne a iarraidh orthu – is léir dom go bhfuil an bhForas ag iarraidh deireadh a chur le foilsitheoireacht iriseoireacht na Gaeilge ar fad agus iad ag iarraidh an Ghaeilge a ‘normálú’ – b’fheidir go gcreideann siad gur leor ‘Tuarascáíl’ san Irish Times!

    Freagra
  7. aonghus

    Tá laincisí ar FnaG de bharr iad a bheith ceangailte leis an polaitíocht páirtí thuaidh agus theas.

    Ní cheart aoinne a bheith ar Bhord FnaG (ná Bord ar bith Stáit eile) atá ann mar ionadaí Phairtí ar leith.

    Ba cheart iad a bheith ann ar bhun saineolais, agus ag cuir i gcrích plean soiléir.

    Ach toisc gur eithpheil polaitíochta atá ar bun leis an nGaeilge agus an Ultais, go háirithe ó thuaidh, tá an phraiseach ar fud an mias.

    Tá súil agam, má tá aon rath le bheith air, go mbeidh an Staitéis 20 Bliain neamhspléach ar an gcac seo chomh fada agus is féidir, cé go mbeidh orainn feidhmiú roinnt áirithe tríd FnaG chun fóineadh dóibh siúd ó thuaidh den Teorainn a bheidh riachtanach d’aon dul chun chinn náisúnta.

    Freagra
  8. igaeilge Údar an Ailt

    Ni bhaineann na lancaisí atá ar Fhoras na Gaeilge leis an ‘Thuaidh / Theasachas’ seo ach lena mí eifeacht agus lena míchumas.

    Cé go bhfuil sé follasach go bhfuil ionadaithe an Tuaiscirt tofa de reir pairtí, de reir córas cosúíl le d’Hondt. ní h-ionann sin agus a rá nach bhfuil claonadh pholatúil na mball bord ábharach dá n-ainmniúchán ó dheas ach an oiread. Tá Glasach ann, tá Fianna Fáilithe ann agus tá PD ann – agus tá siad ann de bharr a gclaonadh pholatúil seachas aon saineolas a tharlaíonn sé bheith acu ar an dteanga.

    Tá an eitpheil polataíochta ar siúl leis na hAondachtaithe ceart go leor – ach is ionann bheith ag lochtú sin agus a bheith ag lochtú cúrsaí airgeadais Mheirceá as an eigeandáil sa chóras anseo. Tosnaíonn fadhbanna an Fhorais leis an bpríomh fheidhmeannach agus an mbórd. Níl an chéad cliú ag na daoine seo chun dul i mbun oibre, dar liom.

    Murar feidir le bord stáit cloí leis na rialacha, murar feidir leo cúntais a fhoilsiú nó a leitheid, níl siad cúntasach agus mar sin ba cheart go dtabharfaí an priomh fheidhmeannach os comhair Coiste OIreachtais le miniú a thabhairt ar na h-easpaí sin. Níl seo déanta. Cén fath?

    B’fheidir go bhfuil lucht an Oireachtais sásta le mí-eifeacht an Fhorais?

    Freagra
  9. aonghus

    Tá dlúthbhaint ag an Thuaidh Theasachas le gné amháin den scéal, i. foilsiú an Tuarascáil Bhliantúil.

    Is de bharr an Boord O Ulster Scots agus geatsí an Tiarna Tiarna atá moill á chuir an foilsiú Tuarascálacha an Foras Teangain – ní fhoilsíonn na Fó aonad Tuarascálacha dá gcuid féin (ach ba cheart dóibh).

    Dála an scéal: scríobh mé thuas:

    Tá laincisí ar FnaG de bharr iad a bheith ceangailte leis an polaitíocht páirtí thuaidh agus theas.

    Freagra
  10. igaeilge Údar an Ailt

    Níl iomlán an chirt agat ar an gceist sin. D’eirigh duine as an mbórd i mbéal na Nollag anuraidh – tá sé luaite ar na miontuairiscí don mhí sin – agus ní raibh sé sásta a rá cén fath ar eirigh sé as. An fath go bhfuil an eirí as seo súntasach agus mistéireach gur deineadh an bórd a scor go luath ina dhiaidh sin agus baill nua a ainmniú. Mar sin de bhí sé ag eirí as in aisce, cheapfá.

    Tuigtear domsa go bhfuil ceisteanna, mar shampla, faoin mbealach ar maoiníodh an Gaelaras i nDoire. Bhí cead speisialta ag teastáil chuige seo mar níl cead, de ghnath, ag an bhForas maoiniú a dhéanamh ar togra caiptil ar bith.

    Ar aon nós, mas é ceist an Boord o’Ulster Scotch é, ba cheart doibh é a rá, Anuas ar sin duirt ionadaí an Fhorais liom minic go leor go mbeadh tuairiscí is cúntais 2004 ann roimh dheireadh na bliana seo chaite, 2007, agus ní raibh agus tuairiscí 2005/6 ann i mbliana agus níl aon rian díobh go fóíll. Tá gá le cúntasacht agus tre dhearcacht agus níl sin ar fáil faoi lathair – institiúid teanga atá i gceist seachas foras rúnda an stait.

    Freagra
  11. amhlaoibh O hiodrascail

    Is léir go bhfuil tú an-bhinibeach faoi na rudaí seo. Ni cheapann mé gur ar leas na Gaeilge e go mbionn tu de thiar ag ionsai Foinse. bionn se lag go minic ach ta siad ag deaneamh a ndicheall. Ni cheapann me go mbionn an foinse ag ionsai La chomh minic sin. maidir le Sinn Fein agus an Forass bheadh tu ag siul go dtabharfadh siad tacaiocht do La mar ur paipear e a bhi i gconai ag tacu le Shinn Fein. b’fheidir leis nach bhfil go leor airgid againn le subsidisail a dheanamh ar paipear laethuil Gaeilge, nach leann moran duine, de bharr an credit crunch.

    Freagra
  12. igaeilge Údar an Ailt

    Ní bhím ag íonsaí Foinse ach le féachaint go mbeadh feabhas ar an nuachtán. Is é sin an sprioc atá agam go mbeadh tairge feabhsaithe ann, ar son Foinse féin agus ar mo shon féin mar leitheoir. Bhí mé ann agus rinne mé an obair a rinne Foinse agus tuigim na laincisí, tuigim go mbionn daoine ag déanamh a ndícheall ach tuigim freisin go bhfuil gá le léargas ón dtaobh amuigh le cur in iul gur féidir iarracht níos fearr, fiú, a dhéanamh agus toradh níos fearr a bheith ar an saothar.
    Creidim gurb é sin leas na Gaeilge agus gurb é aimhleas na Gaeilge do bhéal a choimead dúnta nuair a fheictear duit gur féidir leat an slí a shoilsiú doibh san atá sa dhorchadas.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s