Foras na Gaeilge agus Bórd na Breatnaise: Cuir i gcomparáid agus i gcodarsnacht iad!

Seo píosa obair bhaile díbh.   Rinne mé féin seo aréir agus chuir sé íontas orm.  Má chuirtear Foras na Gaeilge agus Bórd na Breatnaise i gcomparáid agus i gcodarsnacht, feictear go bhfuil cosúlachtaí agus éagsúlachtaí ann. 

Is boird iad beirt atá bunaithe ag an stat le teanga atá faoi bhagairt a chur chun cinn.   Tá Bórd na Breatnaise agus Foras na Gaeilge freagrach do phairlimintí nó tionóil.   

Sin na cosúlachtaí.  Seo iad na h–éagsúlachtaí.  Féach ar shuíomh Bhórd na Breatnaise agus feicfidh tú go soiléir iad.  Tá cead agus fáilte roimh bhaill an phobal dul chuig cruinnithe de Bhórd na Breatnaise.  Tá cead ag ball den phobal ceist a chur ar bhaill an bhoird le linn cruinnithe.  Foilsítear miontuairiscí na gcruinniú go luath ina ndiaidh, ní bliain ina ndiaidh mar a dheineann Foras na Gaeilge.  Agus tá cúntais agus tuarascálacha bliantúla suas go dtí 2007 ag Bórd na Breatnaise. 

Ar an láimh eile tá Foras na Gaeilge.   Cruinníonn siad ar chúl dóirse druidte.  Níl cead freastal ar chruinniú gan cuireadh gan trácht ar cheisteanna a chur ar na baill.  Ní fhoilsítear miontuairiscí go dtí bliain dar gcionn agus ní fhoilsítear cúntais nó tuarascálacha bliantúla go dtí, bhuel, dornán blianta ro mhall.   

Cén fath go nglacfaimíd lena leitheid seo de mhí iompar ó fhoras atá in ainm is a bheith ag déanamh ionadaíochta ar ár son?  Cén fath nach n-iarrtar ar na baill Boird agus na Feidhmeannaigh an údar leis an easpa tré dhearcachta agus cúntasachta seo?

Aon tuairim amháin ar “Foras na Gaeilge agus Bórd na Breatnaise: Cuir i gcomparáid agus i gcodarsnacht iad!

  1. Fearn

    Seo obair bhaile duit fhéin don deireadh seachtaine.

    Cuir i gcomparáid Foras na Gaeilge agus Bord na Gàidhlig san Alban. Tá siad araon ag plé leis an meon chéanna.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s