“Chaith siad ár gcuid airgid gan fiú é a chomhaireamh.”

Is cosúil go síneoidh an tUachtarán an reachtaíocht eigeandála roimh am lón a chinnteoidh go mbeidh bannaí an Stáit ar chúl na mbanc is mó sa tír as seo go ceann dhá bliana. 

Beag sonraí a chuala mé ar an mhargadh seo go dtí seo – ach chuala mé go mbeadh ionadaithe phoiblí – is é sin Teachtaí Dála nó Seanadóirí, glacaim – á ainmniú ar bhoird na mbanc. 

Ceist amháin faoi seo:  An gciallaíonn sé go mbeidh taillí stiurthóirí á ioc lenár gcuid ionadaithe?  Ní h-amháin nach dtaitníonn sé liom go bhfaigheann ár gcuid ionadaithe phoiblí táillí sa bhreis ar an dtuarastal rí mhaith atá á fháil acu ar aon nós ón sparán phoiblí ach, anois, mar thoradh ar a gcinneadh dul sa bhannaí ar dhroch chleachtas na mbanc leis an sparán phoiblí céanna, d’fhéadfadh sé tarlú go mbeidh siad ag fáil meid sa bhreis ar an dtuarastal atá á fháil acu theana féin agus go mbeadh siad á fháil seo ón mbanc atá siad in ainm is a bheith ag feitheoireacht air. Ní cleachtas mhaith é go mbeadh dhá mhaistir ag ár gcuid ionadaithe – tá siad ann ar ár son ag déanamh na h-oibre a bhí in ainm is a bheith á dhéanamh ag an Rialthóir Airgeadais agus an Banc Ceannais ach, ar léir anois, nár deineadh an obair sin mar is ceart. 

Amhail is a deineadh sa tSualainn i 1991, ba cheart don Stát banc nua a bhunú, Banc Stáit, agus na sochmhainní seo atá amhras ina dtaobh, na h-eastáit tithíochta leath chriochnaithe is eile, iad san a cheannach.  D’fhéadfaí suí orthu ansin ar feadh tamall go dtí go n-athraíonn an ciogal airgeadais agus go dtosnaíonn an geilleagar ag obair arís i gceart agus, ansan, iad a dhíol ar bhrabhús.   San idirlínn d’fhéadfaí na tithe ar na h-eastáit seo a chur ar fáíl ar chíos do theaghlaigh ar liostaí tithíochta.  

Ní fheictear dom go bhfuil aon leas le fáil ag an bpobal as an mhargadh seo ach go mbeidh an córas airgeadais beo go fóill.  Cé gurb é sin an tosaíocht maith go leor, ní mór, dar liom, go mbeadh an pobal ag fáil cúiteamh eigean ar an seirbhís ollmhór atá á dhéanamh acu ar an bpobal.  Is cinnte dá loirgeófá iasacht €100,000 ód bhanc go ngearrfaidis taille mór mhaith ar an iasacht sin a shocrú, anuas ar an ráta úis is eile.   Anois tá an bróg ar an gcos eile agus ní léir go bhfuil costas suntasach ar bith á ngearradh ar na bainc as ucht sin. 

Ba cheart, freisin, go mbeadh fíneáil le h-ioc ag stiurthóírí na mbanc – go deimhin ba cheart gort ghlanadh a dhéanamh orthu anuas ar sin. Thárla an tubaiste seo ar a seal fáire.  Ni féidir an locht a chur ar chúrsaí i Meirceá as ucht seo – thug na bainc iasachtaí gan chiall gan réasún d’fhorbróirí, cothrom bhuachaillí bó na h-aoise seo, agus dlíodóirí [leitheidí na n-aturnaethe atá ar a seachaint thar lear, ár gcára san Irish Times].  Nuair a bheidh an reachtaíocht rite, beidh sé ceart agus cóir ansin cúram eile a thabhairt d’Ard Reachtaire na gCúntas agus é a chur i mbun aonad a dhéanfaidh fiosrú ar ghnóthaí na mbanc.  Is cúntais poiblí anois iad – tá gá leis an bhfiosrú seo. 

Agus ná dearúdaimís an dream úd a chuaigh anonn go Valhalla le déanaí chuig Corn Ryder.  Thug AIB anonn iad ar mhaithe gur ‘custaiméirí maithe’ iad.  Costas iomlán €1.5m.  

Mar a dúirt treoraí liom agus mé ar chuairt go Pálas an Gheimhridh i St Petersburg trath, roinnt blian ó shin, agus í ag caint ar Rí Theaghlach na Rúise:   “Chaith siad ár gcuid airgid gan fiú é a chomhaireamh.”

Aon tuairim amháin ar ““Chaith siad ár gcuid airgid gan fiú é a chomhaireamh.”

  1. Fearn

    Ó siar ar ais ar d’araíonna, a igaeilge.

    Polasaí árachais uileghabhálach a bhfuil an rialtas ag seasamh leis. Sin atá ann. Is dóigh go bhfuil árachas agat fhéin cé nach bhfuil fhios ag an chomhlacht árachais cad é an dochar a chasfaí duit.

    Agus Ionadaithe Phoiblí agus gan na foinsí breise ioncaim acu. Cúis gháire chugainn!

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s