Greann chruínn Uí Chairealláin

 

Seo an Rud!

Gearóid Ó Cairealláin: Seo an Rud!

Má tá aon laoch i saol na h-iriseoireachta Gaeilge – go deimhin i saol na h-iriseoireachta trí cheile – is é Gearóid O Cairealláin an laoch sin chomh fada agus a bhaineann sé liom pé scéal é. 

Agus mé im eagarthóir ar Lá cúpla bliain ó shin, sara bhreac ré Lá Nua, bhí sé ina chrá croí de bharr é bheith chomh gnothach idir scannánaíocht, amharclannaíocht, gniomhaíocht is eile, bhíodh a chuid colúin abhairín mall, ó am go cheile. 

Bhíodh leathnaigh bána ag feitheamh ar a chuid scribhinní – agus mise ag iarraidh na clódóirí a choimead ó dhoras ionas nach bhfaighidís amach go raibh leathnach amháin, anuas ar an bpríomh leathnach, ag feitheamh ar ábhar agus an clog a buaileadh a cúig agus an sprioc am. 

 Níos minicí ná a mhalairt thagadh an cholún sa deireadh agus b’fhiú an feitheamh agus más faoiseamh a mhothaíos sa suiochán te, bheadh níos mó ná faoiseamh ann do na leitheoirí an maidin dar gcionn nó bheadh colún le téigear agus le faobhar le sult agus súp a bhaint as agus iad ag suí síos do chaifé na maidine nó cibé. 

Bhuel, ar eagla aon mí thuisceana amuigh ansin, níl an cholúnaí chróga sin imithe uainn.  Níl ná baol air agus chruthaigh sé go raibh sé fós ar bharr a chéirde le colún den scoth, colún nár fhag fiacal ann, faoi chinneadh an Fhorais deireadh a chur leis an nuachtán laethúil Ghaeilge a thosnaigh sé agus Eoghan O Néill agus comrádaithe eile breis is ceithre bliain is fiche ó shin, trath ná raibh Foras na Gaeilge ar an bhfód. 

 

Bealach breá leis an Ghaeilge a chur chun cinn

(Foras na Gaeilge abú!)

Le Gearóid Ó Cairealléain

Olc go leor duine éigin (leathdhuine éigin) ar bhord Fhoras na Gaeilge solas a mhothú ag lasadh os a c(h)eann, agus é, nó í, ag rith isteach chuig cruinniú agus an anáil i mbéal an ghoib aige/aici, an tábla a bhualadh agus an plean geal a chaitheamh uaidh:
“Tá sé agam!
“Seo Beart Ceart leis an Ghaeilge a chur chun cinn.
“Cuirimis deireadh leis an nuachtán laethúil.
“Smaoinígí air.
“Má chuirimid deireadh le Lá Nua, rachaidh an Ghaeilge chun cinn go rábach.”
Olc go leor a leithéid de phlean a bheith ag leathdhuine éigin.
Ach nuair a smaoiním ar na créatúir eile ar Bhord Fhoras na Gaeilge ag aontú leis nó léi.
“Sea, sea, sea, a leathdhuine. Sin plean an-bhreá. Nach é an trua é nár smaoiníodh air roimhe seo, nó bheadh an Ghaeilge slán sábháilte ar fad.”
Ansin iad a leithéid de leithscéal leibideach a chumadh: “Níl margadh ann dó.”
Abraimis nach bhfuil margadh ann dó i láthair na huaire.
Nach é an rud ceart le déanamh ná suí síos leis na foilsitheoirí agus plean a chumadh chun an margadh a fhorbairt?
Ach deireadh a chur leis an nuachtán ar fad?
Cad é mar a chuirfeadh sin puinn le margaíocht an nuachtáin?
Caithfidh mé a rá nach bhfuil san amaidí sin mar gheall ar ‘mhargadh’ ach leithscéal leibideach.

 

Seo an léiriú cnamhdroma atá ag teastáil chun léiriú nach bhfuil deireadh leis an troid go fóill.  In ainneoin an aisfhreagra gan téigear ó Lá Nua agus foilsitheoir an nuachtáin, Máirtín O Muilleoir,  go dtí seo agus iarracht á dhéanamh a chur in iúl go raibh an nuachtán chun cur isteach ar chonradh díluacháilte is leath bhacáilte le h-aghaidh nuachtán seachtainiúil agus seirbhís nuachta idirlíne.   Níl an cheist pléite agam le duine ar bith i Lá Nua ach aithním comharthaí soirt ar an cineal iompar atá spreagtha ag cinneadh an Fhorais. 

Aithnítear go bhfuil an Fhoras, ar a bhfuil ceithre ionadaí ainmnithe ag Sinn Féin ar an mbórd, tar éis cinneadh a dhéanamh a bhronnann, is cosúil, conradh ar Foinse agus a fhagann Lá Nua ar an dtrá folamh.  Agus ná bac leis an gcaint seo faoi bheith ag cur isteach ar an gconradh – cuirfidh sé íontas orm má bhionn iarratas inchreidte ar an mbórd ag Lá Nua agus nuair a labhraim ar iarratas inchreidte, is é sin iarratas a sharóidh iarratas Foinse. 

An t-aon dóchas atá ann, seachas an moladh a bhí agam a fhiorú, go dtiocfaidh Lá Nua agus Foinse le cheile chun aon iarratas amháin a dhéanamh.  Go deimhin ba cheart don dhá nuachtán suí síos le cheile anois agus iarratas a chur le cheile atá i bhfad Éireann níos mó ná an €400,000 in aghaidh na bliana atá á thairiscint ag an bhForas agus dúshlán a thabhairt don institiúid tras teorainn teanga é a dhiultú. Dá ndéanfadh an Fhoras sin, bheadh deireadh curtha acu le dhá nuachtán Ghaeilge agus b’fheidir go mbeadh ‘leathdhuine’ an Fhorais sásta le sin.  Ach ní bheadh pobal na Gaeilge. 

Sa Bhreatain Bheag tá £200,000 á infheistiú i seirbhís nuachta leictreonach a bhunú – seirbhis a bheidh á láimhseáil ag Golwg, iris sheachtainiúil cúrsaí reatha i mBreatnais.   Tháinig an £200,000 chun tosaigh de bharr ná raibh lucht Y Byd sásta nuachtán laethúil a fhoilsiú ar £200,000 sa bhliain.  Tugadh le fios i gComhthionól na Breataine Bige i mí Feabhra go raibh an suim sin á thairiscint, £200,000 in aghaidh na bliana ar feadh trí bliana, mar gur thuig siad go raibh Lá Nua beo ar an suim sin.  Baineadh geit astu nuair a cuireadh in iul go raibh an nuachtán i mBéal Feirste i mbaol dúnta!

Tá gá le cnamhdroma a léiriú.  Agus níl aon fhianaise ann go bhfuil an cnamh droma sin ag Foras na Gaeilge nó ag baill an bhoird ansin, in ainneoin go mbeadh dornán acu a bheadh, cheapfá, ar son an nuachtáin agus a thuigfeadh an tabhacht atá le tacú leis seachas an scian a chur ann.  Cheapfá.

Agus mura mbionn, mar shampla, baill Shinn Féin ar Bhórd an Fhorais  – is iad sin Séanna Breathnach, Lucilita Breathnach, Eoghan Mac Cormaic, Marcas Mac Ruairí – sásta cnamh droma a léiriú agus teacht i gcabhair ar an nuachtán, an féidir bheith ag brath ar Ghrúpa Meáin Bhéal Feirste cnamh droma a léiriú in éadan Sinn Féin?  I bhfianaise an méid a tharla i mí Feabhra is Márta? 

Is cinnte go bhfuil na céadta míle púnt sterling infheistithe ag Grúpa Mheán Bhéal Feirste i Lá/Lá Nua gan aon brabhús as ó cheannaigh an grúpa – nó a réamh chomharba – an nuachtán Ghaeilge i 1999.  Beag comhlacht a dhéanfadh a leitheid de phurgadóireacht ar shon tada.  Gan Grúpa Mheán Bhéal Feirste, ní bheadh nuachtán laethúil Ghaeilge ann agus bheadh Lá imithe ón gcluiche fadó. 

Ceist amháin an t-airgead – ach is ceist mhór í.  Má imíonn Lá Nua ón gcluiche i mí Aibreán seo chugainn – nó roimhe – beidh dhá nuachtán laethúil tugtha ag an margadh ag an nGrúpa agus dhá nuachtán laethúil bainte den margadh freisin. 

Léirigh Lá Nua cnamh droma i mí Feabhra nuair a tugadh dúshlán ar phríomh leathnach an nuachtáin do Shinn Féin faoi theip an phairtí troid in éadan na gcinntí a rinne Edwin Poots agus é ag diultú d’Acht na Gaeilge agus ag cur an scian sa Chiste Chraoltóireachta.  Gí go raibh ionadaithe Shinn Féin ag suí timpeall an bhoird le lucht an DUP ag libhéal an Fheidhmeannais, is cosúil nár árdaigh siad a nglór nó, más amhlaigh gur ardaigh siad a nglórtha, ní raibh eifeacht leis. 

An gcuireann an eachtra sin aon rud i gcuimhne dúinn?   An é go bhfuil an galar céanna ag cur as do lucht Shinn Féin ag bórd an Fhorais?  

Ní mór a choinneáil i gcuimhne go raibh an dara ghníomh sa dhráma sin i mí Bealtaine nuair a bhagair Sinn Féin nach n-ainmneodh an phairtí Leas Chéad Aire nuair a bhí an DUP reidh chun Peter Robinson a ainmniú le teacht i gcomharbacht ar Ian Paisley.  Sa deireadh d’ainmníodh Peter Robinson mar Chéad Aire agus Martin McGuinness mar Leas Chéad Aire.  Ach níor tharla sin go bhfuair Gerry Adams geallúint ó Ghordon Brown go mbeadh airgead breise ann – £6m – chun an Chiste Chraoltóíreachta a choinneáil beo ar feadh dhá bhliain eile. 

Creidimse gur toradh é an £6m sin ar an gcnamh droma a léirigh Lá Nua i mí Feabhra.  B’é sin an ghairm dúiste a fuair Sinn Féin. 

Ach más amhlaidh gur mhúscail Airí Sinn Féin – ní féidir sin a rá faoi chomhaltaí Bhoird an phairtí ag bórd Foras na Gaeilge, is cosúil.   Codladh na gcéad néal atá orthu go fóill. 

An mbeidh an dara mhír sa dhráma seo?  An mbeidh mír sa phacáiste chun an Fheidhmeannas a tharrtháil, líne a gheallfaidh an tacaíocht atá ag teastáil chun Lá Nua a thabhairt slán?

Táim i suíomh aisteach anseo. Is mó uair a rinne mé gearán go raibh Lá Nua á lua mar nuachtán a bhí báúil do Shinn Féin agus a bhí ina ‘nuachtán neamhleithscéal phoblachtánach’ i gcaitheamh na mblianta.  Is cinnte go raibh amhras ann agus d’oibrigh mé go dian dicheallach chun tuairisciú neamhspleach a dhéanamh ar imeachtaí agus conspóidí pholatúla, tuairisciú a bhí bunaithe ar an dtuiscint a bhí agam ar fhirinne an scéil seachas cloí leis an ‘líne cheart’ pholatúil.

Ní raibh riamh aon bhrú ó bhaill an phairti maidir le h-altanna a scríobhadh faoi chúrsaí polataiochta.  Ní raibh riamh aon ghearán gur tugadh le fios domsa maidir le cáineadh ‘ró ghéar’ a bheith déanta ar chinnirí an phairtí.  Ach nuair a deineadh cáineadh ar mhí eifeacht an Fhorais tháinig scéala chugainn ó bhaill SF ‘gar do’ bhord an Fhorais ag tabhairt le fios ‘ná rabhamar ag cothú cáirde’. 

Ní h-ionann ‘cothú cáirde’ agus gnó nuachtán ar bith.   Cothú leitheoirí mar cháirde b’fheidir. 

An rud a léiríonn sé seo ná raibh an caidreamh idir Lá/Lá Nua agus Sinn Féin leath chomh caradach agus a thug roinnt – ar cheart fios feasa níos fearr a bheith acu – le fios i gcaitheamh na mblianta. 

Ag an am céanna, de bharr gur mhaígh SF go raibh siad ar son na Gaeilge, ghlac an nuachtán lena bhfocal ar an abhar sin agus tugadh tacaíocht don phairtí ar cheisteanna nuair a raibh tuairimí an phairtí ag teacht le dearcadh an nuachtáin ar na ceisteanna sin. 

Sa chás seo, is minic é ráite ag SF go bhfuil siad ag seasamh leis an Ghaeilge agus, fiú, go bhfuil siad ar son nuachtán laethúil Ghaeilge. Is cuimhin liom bheith i láthair ag ocáid sa Chultúrlann nuair a dúirt Gerry Adams sin ag ocáid phoiblí, seoladh trí éileamh ar son na meáin Ghaeilge, roinnt blianta ó shin. 

Cad is fiú na focail sin anois agus baill SF ar bhord an Fhorais ina dtost agus an t-aon nuachtán laethúil Ghaeilge, an t-aon nuachtán laethúil i dteanga Cheilteach ar bith, le druidim de bharr cinneadh ag bord Fhoras na Gaeilge, bórd ar a bhfuil ceithre ionadaí agus seisear deag ag SF?

Ní fiú faic na fríde iad. 

Ní mór an rabhadh seo ó alt Ghearóid a thabhairt faoi ndeara má tá tú á léamh seo agus tú ag ceapadh nach dtarlóidh an rud atá ag tarlú do Lá Nua don eagras atá tusa fostaithe leis nó ag brath air ar bhealach amháin nó eile.

Tugann Foras na Gaeilge an tua do Lá Nua inniu, ach amárach, cá bhfios?
Cé eile atá ar an liosta gearrtha?
Raidió Fáilte? An Chultúrlann? Aisling Ghéar? Na Gaelscoileanna?
Tá muid uilig sa chontúirt agus an oiread céanna tacaíochta le fáil againn ó pholaiteoirí Shinn Féin ar Bhord Fhoras na Gaeilge.

Bhuel, a Ghearóid, is léir go bhfuil tú ag troid go misniúil go fóill.  Maith thú! Níor theip fear a mhisnigh Lá fós!

2 thuairim ar “Greann chruínn Uí Chairealláin

  1. séamus Mac Seáin

    A Choncubhair a chara
    Sin alt ar dóigh agat.Is trua nach mbeidh sé le léamh ar Lá Nua.Tá cúpla rud atá mí chruinn san alt.Deir tú gur cheart do ionadaíthe Sinn Féinn ar an Fhoras cnamh droma a léiriú ach dar leo féin gur léirigh siad cnámh droma agus iad ag cur deireadh leis an pháipéiar laethúil, rud atá do chreidte ach fíor ( léigh alt Eoghain Mhic Chormaic ar “Phoblacht” na seachtaine seo thart mura gcreideann tú mé).Fiafraíonn tú cad chuige a raibh ionadaithe Sinn Féin ina dtost nuair a bhí an chéist dá plé ach Ní raibh siad iná dtost bhí siad breá glórach ag tacú le breith an bháis, ach ó thóg tusa an chéist seo cá fhad eile dar leat a bheas sé go raibh Ráiteas againn ón Uasal Adams ag cáineadh an chinnidh seo?
    go soirbhí Dia duit

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Tá an ‘t-alt’ sin díreach léite agam agus is leibideach an t-alt é, gan aon amhras. An é seo todhchaí na Gaeilge clóite? Bheith á scríobh go bacach ag dúramán agus meatachán – leitheidi Eoghain Mhic Chormaic. Bhí an fear céanna ag moladh ag Ard Fheis Chonradh na Gaeilge go dtabharfaí ranganna ‘Eireannachas’ agus ‘Gaelachas’. B’fheidir gurbh fhiú do féin roinnt ranganna a ghlacadh.

    Tugann alt Mhic Chormaic le fios dom, i mbeagán focal, gur páirtí faisisteach é Sinn Féin anois, pairtí a thapaíonn gach deis chun an dream nach n-aontaíonn leo a bhrú faoi chois…..

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s