Gradam Oireachtais buaite ag iGaeilge

 

 

Uachtarán an Oireachtais, Donnchadh Ó hAodha, ó Chúil Aodha!, ag bronnadh an seic le h-aghaidh an blag Ghaeilge is fearr i mbliana ar eagarthóir iGaeilge, Concubhar Ó Liatháin, ó Chúil Aodha freisin mar a tharlaionn sé!

Uachtarán an Oireachtais, Donnchadh Ó hAodha, ó Chúil Aodha!, ag bronnadh an seic le h-aghaidh an blag Ghaeilge is fearr i mbliana ar eagarthóir iGaeilge, Concubhar Ó Liatháin, ó Chúil Aodha freisin mar a tharlaíonn sé!

Aréir, i bPáirc Uí Chrócaigh, bronnadh Gradaim Liteardha an Oireachtais agus tá áthas is orm a thuairisciú go raibh iGaeilge luaite i measc na mbuaiteoirí. 

 

Sa chomórtas blagála a bhain iGaeilge an gradam – agus is bua atá chomh stairiúil is atá sé aisteach go mbeadh ‘blagáil’ luaite i measc na gcomórtais liteardha seachas na gcomórtais meáin cumarsáide. 

Nó is é seo an chéad uair gur bronnadh an gradam seo ag an Oireachtas.  Tá an duais €1,000 urraithe ag Oifig na Gaeilge in Institiúid Teicneolaíochta Atha Cliath/DIT.   

Tá súil agam an t-airgead a úsáid chun barr feabhais a chur ar an suíomh agus é a fhorbairt.  Táim buioch as na cuairteoirí go léir agus, go h-áirithe, iad san a bhionn páirteach sa phlé agus sa dhiospóireacht anseo.  Gan iad ní bheadh an spórt céanna á bhaint agam as is atá – agus ní bheadh an suim céanna agam ann. 

Creidim mar sin féin go bhfuil gá le ábhar Ghaeilge atá suimiúil, comhaimseartha agus neamhspleach ar an líon agus mothaím go bhfuil iGaeilge agus blaganna eile nach iad ag cur an tsíol le h-aghaidh earnáil cumarsáide idirlíne i nGaeilge atá ag blathú leis i gcónaí. 

Níl a chumas ar fad feicthe go fóíll.  An rud is fearr faoi, go bhfuil sé á dhéanamh gan deontas d’aon tsort agus mar sin níl an chinniúint i lámh ar bith ach ár lámha féin.   

Má thiteann an tóin as córas bainc na tíre amarach, beidh iGaeilge agus blaganna eile chun é sin a thuairisciú – agus anailís a dhéanamh air – inár dteanga féin.

Is fiú a lua go bhfuil duais chiste €55,000 i gceist le na gradaim liteartha seo – ní h-eol dom aon duais chiste chomh mór leis seachas leitheidí an chomórtais Impac.  Ar aon nós, is mór an méid é ach dá mó an suim airgid is lú an suim ann ag na meáin cumarsáide.   Cén fath nach mbionn na scríobhnóírí óga, leitheidí Meadhbh Ní hEadhra nó Proinsias Mac an Bhaird nó a leitheid á lorg le cur faoi agallamh ar chláracha ar nós The Tubridy Show nó a leitheid? 

Tá liosta iomlán na mbuaiteoirí le léamh clar-buaiteoiri-lit-leabhran-1

Is mór an náire do Nuacht TG4 ná raibh tagairt dá laghad d’fhorógra na mbuaiteoirí sa mhór dhuais liteartha seo ar fheasacháin na h-oíche aréir.  Tá sé maith go leor aird a thabhairt ar na h-imeachtaí sa stocmhalartán is eile – ach is é pobal na Gaeilge an príomh lucht féachana acu.  Is léir go bhfuil sin ligthe i ndearmad acu….agus iad ag iarraidh snás a chur ar a scileanna teicniúla nuachta.   B’fhearr doibh díriú ar an bun rudaí – scéalta ó gach chúinne den domhan is den tír – agus léargas ar shaol na Gaeilge.

Fiú i Lá Nua, bhí tuairisc chuimsitheach ar an ocáid aréir cé gur mór an trua é nár eirigh leis an gcomhlacht caidrimh poiblí ag an Oireachtas – Stillwater – aon ghriangrafanna a chur ar fáil roimh ré le go mbeadh íomhá deas ar an gcéad leathnach ar nuachtán laethúil na Gaeilge agus istigh i nuachtáin eile den mhór ocáid seo.  Cé mhéid uair ar ghá é a rá – is beag imeacht litríochta atá duais chiste chomh mór leis á bhronnadh ar scata údair, filí, scriobhnóirí agus blagálaithe – cén éan corr ina measc sin, meas sibh? – in aon láthair amháin.  

Ní h-aon íontas nach ndíoltar leabhair Ghaeilge – nó nuair a bhionn deis ann iad a chur i láthair an phobail bionn na meáin Ghaeilge is tabhachtaí ar an liosta ‘ar iarraidh’…

9 dtuairim ar “Gradam Oireachtais buaite ag iGaeilge

  1. Philip Cummings

    Comhghairdeas a Chonc – agus feicfidh tú i Lá Nua inniu go bhfuil tú luaite sa scéal a scríobh mé faoi na buaiteoirí uiig a bhfuil – nó a raibh – baint acu le Lá Nua,

    Ní fheadar cá mhéad scríbhneoirí ón “iomaíocht” a bhain duaiseanna liteartha aréir?

    An ceart agat nár chóir blágáil a bheith istigh i gcomórtais literatha, ach mhaígh tú riamh gur “popularity contest” a bhí sna gradaim mheáin chumarsáide seachas aitheantas ar fheabhas. Féach mise atá ar an cholúnaí Gaeilge is fearr sa tír le 5 bliain anuas agus nach raibh riamh ar an ghearrliosta fiú don ghradam sin….

    Maith thú, caith an t-airgead ar na páistí – tá an suíomh maith go leor mar atá sé.

    Freagra
  2. séamus Mac Seáin

    bullaí fir, a Choncubhair,duais bainte agat agus gan tú ach 7 mí ar an saol!.cá fios cad é atá i ndán duit agus tú i mbun do mhéide.Tá súil agam go bhfuil an bunting amuigh ar shráid bhaile Chúl Aodha

    Freagra
  3. igaeilge Údar an Ailt

    Ní doigh liom go mbeidh bunting á chrochadh in áirde anseo faoi sin. Ach sílim go bhfuil gá le níos mó bolscaireachta a dhéanamh ar na gradaim seo, Duais chiste €55,000 atá ann – ach níl tasg nó tuairisc ar thorthaí na gcomórtas ar Tg4 .

    Freagra
  4. Fearn

    Hé! Cé hé an Bunting seo atá i mbaol a chrochadh? Aondachtaí eile is dócha. 😉

    Ná taiscigh é ach i mbanc Éireannach, a Ch!

    Freagra
  5. igaeilge Údar an Ailt

    Seo duais díbh an oiread is gur dómhsa é ar shlí – agus sin an fath go mbeidh mé ag déanamh iarrachtaí feabhas a chur ar an suíomh go luath. Bualadh bos do lucht scoraíochta iGaeilge!

    Freagra
  6. Póló

    Comhgháirdeas as an duais a bhaint amach. Tá an-bhlag anseo agat agus go maire sé.

    Aontaím leat faoi easpa chumas cumarsáide an Oireachtais. Bhí mé féin ag iarraidh teacht ar na torthaí agus ba ghá glaoch fóin ar an Oireachtas féin len iad a fháil. Náireach.

    Aontaím le Philip. Caith ort féin agus ar an gclann é. Tá an blag go breá.

    Freagra

Freagair Póló Cealaigh an freagra