Tá’n praiseach ar fud na miasa anois

 

Teach Chomhdhála Mheirceá

Teach Chomhdhála Mheirceá

Tar éis do Theach na dTeachtaí i Washington diultú do phlean George W. Bush teacht i gcabhair ar bhainc Wall Street le sparán $700 bn, tá an praiseach ar fud na miasa i gceart anois. 

Thit an tóin as mhargadh Wall Street ar chloisint na scéala, go raibh na Teachtaí tar éis votáil 228-205 in éadan an mhargaidh. 

Thosnaigh cluiche an mhilleáin láithreach agus na Poblachtaithe, a votáil a bhfurmhór acu in éadan phlean an Uachtaráin, ag cur an locht ar Chathaoirleach an Tí, Nancy Pelosi, Daonláthach ó Chalifornia, as ucht a h-oráid inar chuir sí an milleán ar Uachtarán SAM as ucht a chuid polasaithe tubaisteacha le h-ocht mbliana. 

Maidin amarach [Dé Máirt], beidh na stoc mhalartáin ar an dtaobh seo den Atlantach ag oscailt agus is cinnte nach mbeidh lá níos fearr i ndán doibh ná mar a bhí acu inniu.  Nuair a chuimhníonn tú gur thit margadh na hÉireann 10% in aon lá amháin, an lá is measa le blianta fada, tuigfidh tú gur lá é a fhéadfadh bheith ina Mháirt Dubh eile. 

Tá tréimhse eiginnte romhainn…..  Táim cinnte gur beag duine amuigh ansin atá trua acu do na bainc atá ag saothrú brabhúis ollmhóra le blianta agus iad ag buaileadh daoine faoi chois le linn na h-oibre suaraí sin – ach is cinnte go mbeidh go leor eile, tuataigh ar nós tusa agus mise, a bhuailfear faoi chois sa Tsunami tubaisteach airgeadais a leanfaidh an cinneadh seo i Washington.

Aon tuairim amháin ar “Tá’n praiseach ar fud na miasa anois

  1. Fearn

    $700 mb.? Sin a chosnaigh ionradh na hIaráice go nuige seo dar le R. Fisk Independent Shasana.

    Ach cad a bhfuil ann ach na daoine a chuir na drochfhiacha, a mbíonn ann i gcónaí, ar an méar fhada, agus a “dhíol” iad measctha le fhiacha maithe, fhad is a bhain siad sochracha na huaine astu. I bhfocal eile, chruthaigh siad creidmheas agus mhair siad mar nach mbeadh aisíoc ann choiche.
    Tá an aisíoc ann anois, agus is léir nach bhfuil a gcumas ag daoine áirid.

    Cearrbhaigh a d’imir le margadh an airgid. Tá tiar orthu anois.

    Ach 30 bliain ó shoin, ní raibh trácht ar rátaí ísle úis, agus mhair daoine. Tiocfaidh siad anois freisin le claon beag stuama.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s