Seó leath-bheo an tSathairn

Cloisim go mbeidh seó nua cúrsaí reatha á chraoladh ag RTÉ Raidió na Gaeltachta gach maidin Domhnach ón 5ú Deireadh Fómhair agus gurb í comhfhreagraí pholatúil Foinse, Aine Ní Chiaráin, a bheidh ina mbun.  

Os rud é go bhfuilim ag lorg a leitheid ar RnaG le fada an lá, sé sin go mbeadh cláracha ar nós Pat Kenny Live nó Marian Finucane ar an staisiún Ghaeilge is Ghaeltachta, clár a bheadh ag plé le ceisteanna náisiúnta seachas ceisteanna áitiúla amháin, fáiltím roimh a leitheid. 

Ach caithfidh a leitheid de chlár a bheith ar dhea chaighdeán.  Ní leor, dár liom, leagan Domhnaigh de Sheó Beo an tSathairn, seó a chreidim a bheith leath bhacáílte ar an am is fearr agus gan morán brí leis an chuid is mó den am. 

Léiríodh seo arís dom ar sheó na maidine inniu.  Bhíos ar mo róthar agus mé ag dul go dtí an siopa ar son solathar an lae agus mé ag éisteacht leis.  Agus iad ag cur agus cúiteamh na gceisteanna sna nuachtáin Satharn – caitheann siad furmhór a gcuid ama de ghnath le na nuachtáin Bhéarla agus bionn aguisín bheag ann ag deireadh an chláir faoi Foinse. Ní dheintear tuairisciú ar Lá Nua de ghnath de bharr nach mbionn eagrán Satharn ann – bhí plé níos faide agus níos doimhne – cé ná raibh sé géar – ná mar a bhionn de ghnath ar phríomh scéal Foinse de bharr gur bhain sé le h-oráid Sheáin Uí Chuirreáin ag Ard Fheis an Chonartha aréir. 

Fillfimíd ar sin ar ball. Ina dhiaidh sin bhí agallamh ar an líne le hAindrias O Cathasaigh, eagarthóir nua Comhar, agus meillfeadh roinnt ama eile ag plé irisí is foilseacháin Ghaeilge.  Luaigh ostach an chláir, Brídóg Ní Bhuachalla, liosta na meáin go raibh ar a  h-aithne.  Raidio na Gaeltachta, TG4, Foinse, Comhar, Beo, an ‘t-idirlíon’…agus tada. 

Aisteach gur fhag sí amach an t-aon nuachtán laethúil, BBC Blas, Raidió Fáilte, Nós*….

Creidimse go bhfuil meon na criochdheighilte tréan go fóill i saol an Daor Stáit agus go bhfuil sé chomh beo i saol na Gaeilge is atá sé réimse ar bith den saol ó dheas.  Ach níl a fhios agam an é sin an fath go bhfagtar na nithe a tharlaíonn ó thuaidh den teorainn i saol na Gaeilge ar imeall an na plé, dá laige é, ar chláracha ar nós an Seó Beo. Sílimse go bhfuil ard nósachas a bhaineann leis an gcraoltóir náisiúnta nach n-aithníonn siad tada taobh amuigh dá gciorcal cúng féin sa pháil.  Sé sin go bhfuil crioch dheighilt ann – ach go bhfuil an teorainn timpeall ar Bhaile Atha Cliath 4!

Bionn an cuma sin ar an scéal agus na daoine céanna timpeall an bhoird, dealraíonn sé dom, Satharn i ndiaidh Satharn.   Agus an plé céanna éadoimhin gan faobhar gan brí gan anam dá thoradh sin á chraoladh go dtí a gcáirde – agus corr dhuine cosúil liomsa a thugann cluas le h-éisteacht ar feadh clár anois is arís agus a imíonn leis le díomá.  

Bhí deis íontach ag lucht léirithe Seó Beo an tSathairn inniu agus iad ag plé cúrsaí na margaí idirnáisiúnta marshampla Aindrias O Cathasaigh, ar shaineolaí é ar fheallsúnacht Shéamuis Uí Chonghaile agus ar shaol agus ar shaothar Mháirtín Uí Chadhain, léargas difriúil a thabhairt chuig an bhoird.  Ach nior bhac siad leis, labhair siad leis faoi Comhar agus b’shin an méid.  Ní raibh a léargas chomh ‘suimiúil’ dar leo leis an léargas dara láimhe a bhí á fháil againn ó Bhrídóg agus an phainéal faoi scéalta móra na seachtaine de reir mar a bhí siad sa ‘Times’ agus san ‘Indo’ agus eile ón gciorcal cúng aigeanta mheán chumarsáide a chiorclaíonn Domhnach Broc. Ar maidin inniu, ní raibh aon tuairim suimiúil idir lucht an phainéil nó ag an láithreoir, díreach ramhaíl agus, buiochas le Dia, corr phíosa ceoil.

Tá gá le seó raidio ar Raidio na Gaeltachta ina ndeintear plé ar chúrsaí reatha mar a deintear plé orthu ar Raidio 1 nó ar Newstalk nó ar Today FM.  Tá gá le h-agallaimh is diospóireachtaí ar leabhair nua Ghaeilge atá á fhoilsiú le, b’fheidir, tuairimí nua iontu faoin saol mór nó faoin stair nó eile.  Ach níl sin ag titim amach mar níl i seóanna ar nós Seó Beo an tSathairn ach an leath bhulóg, más ann féin don leath bhulóg, agus ní bheidh a leitheid ann riamh go mbeidh staisiún náisiúnta Ghaeilge ann ar nos Raidio 1 nó Newstalk inar féidir plé a dhéanamh i nGaeilge ar chúrsaí na hÉireann ar fad agus ar an domhan trí cheile, agus ar leabhair, agus ar scannáín is eile. 

Faoi lathair tá Raidio na Gaeltachta ann – ach tá an staisiún – le corr eisceacht – siocaithe i ré atá cáite.  Is raidió na bparóistí atá ann, paróiste Chonamara, paróiste Chorca Dhuibhne, paróiste Thír Chonaill agus paróiste BhAC.  Agus corr chuairt ar pharóistí eile i Múscraí, sa Rinn, i Rath Chairn, Maigh Eo is eile. 

Ar aon nós, mothaím go bhfuilim ag rachtaíl.  Mothaím go bhfuil rud eigean níos fearr tuillte againn ná Seó leath-bheo an tSathairn – agus tá súil agam gurb é an seó nua ag Aine Ní Chiaráin an chéad cloch ar charn le h-aghaidh cur chuige nua ón Raidió.  

Cén fath nach mbeadh an dara stáisiún náisiúnta Ghaeilge againn nó an triú stáisiún?  Nach bhfuil iliomad staisiúin Bhéarla náisiúnta againn le freastal ar gach claonadh – ó Today FM go Newstalk go Lyric go RTE 1 agus 2FM agus, tar éis na Nollag, beidh 4 chugainn!

Is é an fhirinne ná mura dtarlaíonn sé ar na h-aerthonnta, tarlóidh sé ar an idirlíon – agus b’fheidir go dtarlóidh sé ansin ar aon nós.   

Tréaslaím le lucht Raidió Rí Rá atá ar an líon ó thús an tSamhraidh ann agus iad thar a bheith spleodrach. Ní thaitníonn an rogha ceoil go mór liom – ach taithníonn an teacht i láthair agus an fuinneamh liom.  

Bhíos ag labhairt le Julian de Spainn ag an Ard Fheis aréir agus thug sé le fios dom go raibh breis is 30,000 tar éis cuairt a thabhairt ar an suiomh go dtí seo agus go raibh seo déanta gan aon airgead bheith caite ar bholscaireacht.   Sin é an bealach chun tosaigh…cá bhfios ach go mbeidh orm féin staisiún raidio idirlíne a thosnú.  Aon mbarúil agaibh faoi ainm an staisiúin?

Taithníonn Racht Raidió liom go mór….

Aon tuairim amháin ar “Seó leath-bheo an tSathairn

  1. Seán Ó Maoldúin

    A Chonchur,
    Níl raidió ar an idirlíon costasach. An fhadhb atá agamsa le Raidió Idirlín (http://www.rid.ie) ná nach bhfuil an t-am agam. Ach bhí mé ag smaoineamh ar bhealach nua a bhunadh ar an suíomh. Bealach cainte a bheadh ann — meascán de agallaimh, podcasts, srl. Ní gá ach cúpla uaire de chláir agus iad a athchraoladh 24×7. Níl an teicneolaíocht casta. Más mian leat, beidh mé an shásta é a phlé níos mó.
    Seán

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s