Tuar dóchais do Raidió Fáilte ó fhoinse gan choinne

Is cosúil go bhfuil Jim Allister, sean chara iGaeilge, tar éis teacht ar chaipéis a d’ullmhaigh an Roinn Cultúr, Ealaíon is Foillíochta, faoin Acht Um Shaoráil Fáisnéise, cáipéis ina chuirfidh go leoir cainteoirí Ghaeilge an spéis ann. 

Nó sa chaipéis seo, a seoladh ó DCAL, le linn réimeas Edwin Poots ón DUP, chuig an Roinn Cultúr, Meán Cumarsáide agus Spóirt i rith an tSamhraidh, bhí an méid seo le rá: 

“Given the provision of indigenous language radio services in Wales and Scotland, there may be an opportunity to argue for BBC provision of a dedicated Irish language radio station broadcasting in Northern Ireland. Presumably pressure for this would be through DCMS. Such a move could provide some comfort for the Irish language community given their recent disappointment on the language bill and ILBF”.

“Unlike Scotland and Wales, where there is no overlap language community, the establishment of a [Irish language] television station for Northern Ireland could potentially be either on a regional or all island basis.”

Tá Jim Allister ar buille faoin ‘tréas’ seo ar an bpobal aondachtach.  Bhí an méid seo le rá ag an bhFeisire Eorpach:

“I am appalled that a Department with a Unionist Minister should see fit to send a paper off to the UK government saying that there is a case for an Irish language radio station to be funded out of the licence fee and that an Irish language television station should be considered.

“I have written to Mr Campbell asking if he supports the case made in the paper submitted by DCAL during Mr Poots’s time as Minister and inquiring as to why a Department headed by a Unionist Minister would ever articulate such a position.

“One of the DUP’s great arguments against those who oppose terrorist inclusive government used to be that direct rule would mean the imposition of an Irish language Act. In more resent times, Jeffery Donaldson has admitted that “”Even if devolution collapsed in the morning and we were back living under direct rule from London, the DUP is convinced there would be no Irish Language Act through Westminster.”  Now we discover that a Department headed by a DUP Minister was lobbying for funding for Irish language radio and television!”

Anois níl aon tágairt ar shuíomh Jim ina fhéadfai an chaipéis suimiúil seo a aimsiú – ach glacaim leis go mbeadh sé ar chumas tuairisceoir(í) Lá Nua teacht air – nó is cinnte go mbeadh an spéis ag lucht leanta Ráidió Fáilte ann. 

Anois ni doigh liomsa go bhfuil gá le staisiún Ghaeilge de chuid an BBC – cé nach mbeinn ina éadan go h-iomlán os rud é go bhfuil Aonad na Gaeilge ag an BBC i mBéal Feirste ar na grúpaí is ceannrodaí agus is fearr ag cur chun cinn na Gaeilge. 

Agus b’fhéidir go bhfuil sprioc eile ar chúl an iarratais seo – dá mbeadh stáisiún Ghaeilge ag an BBC, bheadh todhchaí eiginnte ag Raidió Fáílte nó dá fheabhas é, ní bheadh na h-acmhainní aige atá ag an mór chraoltóír. 

Nach sásta a bheadh DCAL ansin – Lá Nua agus Raidió Fáilte curtha go tóin phoil mar thoradh ar Chomhaontú Chill Rimhinn.  Nach breá an bónas a bhfaigheadh an fheidhmeannach a smaoinigh ar an bpleán sin. 

B’fheidir go bhfuil an iomarca de chomhcheilg á shámhlú agam anseo.   Ach ní mór duit an taifead atá ag DCAL agus an chaidreamh atá acu le na ‘abrasive Gaels’ a chur san áireamh.   [Aon duine nach dtuigeann ‘abrasive Gaels’, ní miste a mhíniú gur tagairt a bhí ann i bplé chaipéis a chuir Aonad Éagsúlachta Teanga DCAL le cheile na blianta fada ó shin agus iad ag iarraidh socrú a dhéanamh leo san ná raibh chomh scríobach céanna faoi thodhchaí na teanga ó thuaidh tuairim is deich mbliain ó shin!]

Ba cheart scéal den tsort seo a fhiosrú go doimhin agus an deis a thapú le cinntiú go mbeidh bua eigean ag phobal Ghaelach Bhéal Feirste i 2008.   

Is cinnte go bhfuil aondachtaithe ar mire faoi seo – go h-áírithe an dream sin a labhraíonn Allister ar a shon.   Is féidir teocht na h-argóna a thomhas anseo ar shuíomh an easaontóra Aondachtach, David Vance. 

Déanfaidh mé féin iarracht teacht ar an gcáipéis.  Agus má fhaighim é beidh mé á roinnt libh.

Deirtear liom go mbeidh POBAL, scath-eagras phobal na Gaeilge ó thuaidh, ag casadh ar an Aire Cultúr, Ealaíon is Foilliochta an tseachtain seo chugainn.  Ba cheart a chur ina luí ar an Aire Campbell go bhfáiltíonn pobal na Gaeilge roimh a leitheid seo de staisiún raidió [nó tacaíocht do Raidio Fáilte] faoi choimirce an BBC, faoi mar atá in Alba, sa Bhreatain Bheag. 

Mo bharúil féin, d’fhéadfadh a leitheid de staisiún raidio agus teilifíse cur le seasamh an Tuaiscirt mar chuid den “Bhreatain” agus, le cois sin, d’fhagadh sé Gaeil na sé contae níos sona ná mar atá.    Is cinnte gur céim sa treo ceart a bheadh ann….

Aon tuairim amháin ar “Tuar dóchais do Raidió Fáilte ó fhoinse gan choinne

  1. séamus Mac Seáin

    A Choncubhair a chara níl a fhios agam ar bhuntáiste ar bith dúinn é clár eile de chuid an BBC a bheith a chraoladh sna sé chontae, dá mbeadh sé i nGaeilge féin.Tá súil’s agam go gcuirfidh “Pobal” go láidir ar shon maoiniú ceart a chur taobh thiar de Ráidio Fáilte go díreach ón státchiste.Dála gach duine eile sna sé chontae díolann Gaeilgeoirí á gcuid gearrthacha leis an Rialtas agus tá muid i dteidil séirbhísí a bheith againn.Tá Raidio Fáilte ag freastail go maith ar phobal Gaeilge Bhéal Feirste agus ba cheart cur le sin.Tá súil agam fosta nach néiríonn leis an smaoineamh atá curtha chun tosaigh ag Ráidio Fáilte féin go gcraolfaidh siad ar fud an Tuaischirt.Is 4 nó 5 de Ráidio áitiúl atá de dhíth orainn ag freastail ar phobal logánta agus chan ollstáisiún cúige.Cúis eile ar mhaith liom na Ráidionna áitiúla seo a bheith dá ndíol as an státchiste ná iad a fháil amach as lámh mharbh Fhoras na Gaeilge a dtiocfadh leo deireadh a chur leo am ar bith, mar a rinne siad le “Lá Nua” an tseachtain seo.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s