Sprioc 2028 – 250,000 cainteoir Ghaeilge

Seo blaiseadh ón méid a duradh anocht. Bhí deacrachtaí leis an gceangal idirlíne agus mar sin níl seo chomh maith agus a fhéadfadh sé bheith.  

Pádraig O Ceithearnaigh – go mbeadh áisíneacht stait ag plé le pleanáil teanga, I gcomhar na h-eagrais deonacha, an earnáil stáít. Luaigh sé an feall a deineadh ar Institiúid Teangaeolaíoch Éireann agus dúirt sé ná raibh saineolaithe teanga-eolaíochta ag obair sa statchóras.

Pacáistiú dhá theangach á mholadh ag Uachtarán an Chonartha, DmacC,

Anita Nic Amhlaigh – Scoileanna pobail ina mbionn an scoil mar lar ionad phobail.

Cailín óg – níos mó leabhair Ghaeilge don aos óg.

Ben O Floinn – modúil trí mheán an Bhéarla sa chóras oideachais – cén fath go bhfuil an Ghaeilge tabhachtach.

Oifigeach Ghaeilge/Timire Ghaeilge i ngach paróiste sa tír.  Má chuireann tú an síol fasfaidh an Ghaeilge as sin?  Seán O Ceallaigh. 

Páirt a bheith ag pobal na Gaeilge/Gluaiseacht na Gaeilge san idirphlé a deintear idir an Rialtas agus na Pairithe soisialta. Cuireann Gluaiseacht na Gaeilge caipteal soisialta ar fáil – cén fath nach mbeadh gluaiseacht na Gaeltachta ina pháirtí shoisialta páirteach sna cainteanna seo?   Bhí páirt ag gluaiseacht na Gaeilge sa ghluaiseacht I dTreo 1916, níl aon pháirt again sa chomhaontú ‘I dtreo 2016’. 

Ite Ní Chionnaith:  Níos mó cúrsaí Ghaeilge ag an triú libhéal, ciorrú á dhéanamh ar léachtaí i nGaeilge de bharr easpa airgid san earnáil ard oideachais faoi lathair.  An féidir le gach duine labhairt le cúigear eile an tseachtain seo chugainn agus iad a spreagadh chun Gaeilge a labhairt le cúigear eile agus ar aghaidh…

Colleen Dollard – ba cheart do chainteoirí Ghaeilge iarracht níos mó a dhéanamh chun foghlaimeoirí Ghaeilge a thabhairt leo…

Seán O Drisceoil: Pobal an Bhéarla a thabhairt linn agus pobal na fíor Gaeltachta a choinneáil sa Ghaeltacht seachas ligint leo teacht amach as an nGaeltacht.

Eoghan Mac Cormaic: EIreannachas agus Gaelachas a chur ar an gcuraclam scoile.

Ben O Floinn: Sár aire rialtais a chur i mbun na Gaeilge. 

Seán O Nuadhnáin: Oidhreacht agus an Ghaeilge – an teanga a bhrú chun tosaigh. 

Concubhar O Liatháin: An mbeadh gá lena leitheid de phlé is de phroiseas chomhairliúcháin, dá mbeadh gluaiseacht na Gaeilge páirteach sa pháirtíocht shoisialta ar bhonn leanúnach amach anseo.

Máire Ní Laoire:  Céimithe Ghaeilge a bheith ag déanamh modúil i dteangacha eile chun go dtuigfidís meon na n-inimirceach atá, an chuid is mó acu, ilteangach.

6 thuairim ar “Sprioc 2028 – 250,000 cainteoir Ghaeilge

  1. Seosamh Ó Beirigin

    “Eoghan Mac Cormaic: Eireannachas agus Gaelachas a chur ar an gcuraclam scoile”

    Jeez, A Choncubhair’ mínigh é sin dúinn

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Brón orm nár mhínigh mé sin níos luaithe – ach bhí ag cló scríobh agus iad ag caint agus an comhartha idirlíne ag imeacht agus ag teacht.

    An méid a bhain mé amach ón chaint a bhí ag Eoghan go raibh sé ag iarraidh go mbeadh ábhar scoile ann ina mbeadh míniú ann ar cad is ciall le hÉireannachas san aois seo agus an tairbhe nó an leas a bhain leis an nGaeilge a bheith ag Éireannaigh. Saoránacht le blais Éireannach más maith leat. Dár leis ní thuigeann daoine sa lá atá inniu ann rud ar bith thar íoc na mbillí agus a leitheid agus níl aon tuiscint ar cad é an rud a cheanglaíonn iad le na comharsain agus lena gcomh-Éireannaigh. Bhfuil sin soiléir a dhothain?

    An féidir tír ghrá a mhúineadh, sin ceist eile. An mbeimíd ag gabhail timpeall le bratacha ceangailte dár seaicéidí amach anseo? An ionann sin agus tír ghrá? An ionann bheith id chainteoir Ghaeilge agus bheith id tír ghráthóír – ceisteanna den tsort sin a bhí sé ag tagairt do, creidim.

    Ní dócha

    Freagra
  3. séamus Mac Seáin

    Teastaíonn ó Eoghan cóir Éireannachas agus Gaelachas a chur ar Churaclam na scoile feasta ach ní bheith páipéar laethúil Gaeilge le léamh ag na daltaí mar chuid den churaclam scoile as seo amach nó chuir Eoghan agus á chomhleacaithe Sinn Féineacha deireadh leis ag an chruinniú dheireannach de Fhoras na Gaeilge.Go gcosnaí Dia sin ar bhéalcráifeacht agus cur i gcéill.

    Freagra
  4. aonghus

    An féidir tír ghrá a mhúineadh, sin ceist eile.

    Ní féidir. Tógtar grá, don tír nó don teanga, ó dhaoine eile.

    Bheadh cursaí scoile ar Ghaelachas chomh folamh chéanna leis na cursaí CPSE nó SPHE atáthar á chuir ar fáil anois.
    [I mBéarla fiú i nGaelcholáiste mo mhic – ó tharla, glacaim leis, gan an Roinn Éadóchais a bheith ag cuir na hachmhainní ar fáil].

    Ní hionann oideachas agus carnadh firicí nó tuairimí.

    Thaithin moladh Ben Ó Floinn (a chuala ar RnaG ar maidin) liom: Cúirt ar leith ina ndeanfaí gnó tré Ghaeilge – go mbeadh aos dlí le Gaeilge ina mbaicle amháin seachas scaipthe thart mar atá. Cúirt cuarda gaelach, a rachaidh ar chamchuairt chuig ná háiteanna go raibh gairm air. Samhlaidh san!

    D’fheileadh sin do ghairmeacha eile chomh maith.

    Tá rudaí fónta ar siúl i nGaeilge agus ag gaeilgeoirí – ach níl aon dlús leo.

    Freagra
  5. Ping: Scéal eisíach: Billí le foilsiú go dhá theangach - geallúint an Taoisigh don Chonradh « iGaeilge

Freagair igaeilge Cealaigh an freagra