Beo beathach ó Thrá Lí…

Anocht tá iGaeilge i dTrá Lí agus tús á chur le hArd Fheis Chonradh na Gaeilge.  Mar chuid den ocáid seo, tá sé i gceist go mbeadh plé ann faoi mholtaí, más ann doibh, a tháínig ón gcéad bhabhta den phroiséas chomhairliúcháin  atá ar bun ag an Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta maidir le straitéis Ghaeilge a chumadh don Rialtas.  Tá sé i gceist agam an chuid sin den chruinniú – agus aon ní suimiúil a thagann chun tosaigh is mé anseo – a bhlagáil beo ón láthair. 

Tá fáílte curtha roimh na dtoscairí ag an Uachtarán, Dáithí Mac Carthaigh, a bheidh ag eirí as a chúram tar éis trí bliana i mbun ghnó an deireadh seachtaine seo.  Anois tá Roibeard O’hEartáin, Oifigeach Ghaeilge Chomhairle Chontae Chiarraí ag tabhairt oráide faoin scéim Ghaeilge atá i gComhairle Chontae Chiarraí, scéim ina bhfuil an ‘tairiscint ghníomhach’ lárnach ann.  Tuilleadh faoi sin ar ball…

Ina oráid chun fáilte a chur roimh na dtoscairí, tá Dáithí Mac Carthaigh ag díriú ar na miorúiltí atá á bhaint amach ag baill agus ag foireann na h-eagraíochta.  Tá ‘Páirc an Chrócaigh’ dá gcuid féin ag teastáíl ón gConradh – seachas ceannaras atá ag titim as a cheile.  

An deacracht is mó atá ag an Chonradh, an deacracht is mó atá ag eagras Ghaeilge ar bith, easpa acmhainní.  Ní feidir bheith ag brath ar an Rialtas nó ar an bhForas le h-aghaidh acmhainní – agus cháin sé an bhForas as easpa gnímh – ach dúirt sé go raibh gá go mbeadh baill an Chonartha seiftiúil agus iad i mbun na h-oibre chun teacht ar bhreis acmhainní.   Duirt sé go raibh gach pobal sa tír ábalta féachaint i ndiaidh teach pobail a thogáil agus a chothabháil – agus mura raibh sé d’acmhainn ag baill an Chonartha ceannaras dá gcuid féin a thogáil.  

An toradh is mó ar an easpa acmhainní go raibh laithreacht ‘ann-as’ ag an gConradh agus mar sin go bhféadfaí neamh íontas a dhéanamh do agus dá chuid éileamh. 

Tá sceideal lán ag an Ard Fheis anocht nó tar éis don chaint ag Uachtarán an Chonartha, Dáithí Mac Carthaigh, tá an imeacht á sheoladh ag an gCoimisinéar Teanga, Seán  O Cuirreáin.

In ainneoin na spéise a deirimíd go bhfuil sí againn sa teanga agus ina todhchaí, níor seoladh ach 374 aighneacht tar éis na gcruinnithe céad bhabhta ar fad, roimh 31 Iúil.  Cuir sin i gcomparáid leis an 11,000+ aighneacht a cuireadh chuig Roinn Cultúr, Ealaíon is Foillíochta an Tuaiscirt mar chuid den phroiseas chomhairliúcháin ansan ó thuaidh.  

Mír amháin eolais: tá feachtas ar bun ag an gConradh chun iarraidh ar an Aire Airgeadais, Brian O Luineacháin,  leath den oráid cáinaisneise a thabhairt i nGaeilge.  Ní bheadh costas ar bith ar bheart dá leitheid, ar nós idirnáisiúnta é ag polaiteoirí atá dhá theanga oifigiúil ina dtíortha dhúchais, agus leireodh sé cé chomh dairíre is atá an Rialtas maidir leis an chaint seo atá acu faoi thír dhá theangach bheith ann faoi 2028.

Aon tuairim amháin ar “Beo beathach ó Thrá Lí…

  1. Ping: Scéal eisíach: Billí le foilsiú go dhá theangach - geallúint an Taoisigh don Chonradh « iGaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s