Míle Euro ar thairiscint do Lá Nua, €999,000 eile de dhíth…

Tuigim ó thuairiscí sna meáin Ghaeilge go ndeinfear Comhar a athsheoladh amárach i mBaile Atha Cliath.  Corcaíoch agus File, an Dr.  Louis de Paor, a dhéanfaidh an athsheoladh agus is cuí an rogha é don chúram sin. 

I dtuairisc Lá Nua tugadh le fios go raibh an Fhoras tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar an chinneadh fealltach anuraidh deireadh a chur le deontas Comhar.  De bharr an chinnidh a deineadh i mí Dheireadh Fómhair 2007, tugadh le fios in alt san Irish Times i mí Eanáir go raibh Comhar le druidim.  [Ba é an t-alt sin le Caolfhionn Nic Pháidín an chéad leid do Mhícheál O’hUanacháin, eagarthóir an nuachtáin, go raibh an eagrán dheireannach curtha in eagar aige nó bhí sé ag cur an dlaoi mhullaigh ar eagrán Mhí Eanáir nuair a d’fhoilsíodh an t-alt sin i gcolún Tuarascáil ag tús mhí Eanáir.]

Ar aon nós, tá Comhar ar ais, nó beidh sé ar ais ón lá amarach, agus tá súil agam go mbeidh rath ar Aindrias O Cathasaigh, an t-eagarthóir nua, agus a chomhleacaithe agus go mbeidh rath ar Comhar.  Tá gá lena leitheid.  

An rud suntasach a thug mé faoi ndeara an bealach a chuaigh Comhar i mbun an deontas – agus deontas méadaithe – a fháil ar ais ón bhForas.  RInne siad tairiscint go gcuirfidis euro le gach euro a thiocfadh ón bhForas.   Sin beart seiftiúil.  

Cén fath nach feidir Lá Nua é sin a thriail?   

Táimse sásta míle euro a chur ar fáil do Chairde Lá Nua, mas ann don eagras sin,  mar thús. Tá dhá choinnioll a bhaineann leis an tairiscint sin – beidh an míle euro ar fáil nuair a dheineann 999 eile an tairiscint céanna.   Sin €1m.  Is leor sin chun nuachtán cheart laethúil a chur ar an bhfód.  Tá coinnioll amháin eile ag baint leis an tairiscint – go mbunófar comhlacht nua chun bheith ina úinéirí ar Lá Nua agus go mbeidh an comhlacht sin faoi stiúr bhórd ar a bhfuil ionadaithe tofa de chuid na scair sealbhóirí agus gur scairshealbhóir a bheidh ina Chathaoirleach ar an mbórd. 

An bhfuil na coinniollacha sin ró dhian?  B’fheidir é.   Ach má tá Lá Nua chun a bheith beo go fád tréimhseach, tá gá go mbeimid dian agus nach mbeimíd sásta leis an leath bhulóg mar a bhí go dtí seo.  

Mas amhlaidh go nglacann lucht tacaíochta Lá Nua le mo thairiscint agus go gcuirtear an €1m le cheile, cuirfidh mise mé féin os a gcomhair agus leireoidh mé m’fhís don nuachtán seo agus loirgeoidh mé a votaí le go dtoghfaí mé im chathaoirleach ar an ngrúpa.   

Tacaím leis an achainí atá á dhéanamh ag POBAL ach, i bhfírinne, ní fiú faic achainí den tsort sin, achainí bunaithe ar litreacha agus ar bhrú ar bhaill an Fhorais.  Tugann a leitheid d’achainí an cuimhacht go léir don bhForas. 

Tá feidhm phraicticiúil ag baint leis an dtairiscint seo.  Má dhiultaíonn an Fhoras Euro ar Euro a thabhairt don bhfiontar nua seo,  beidh an acmhainn ann chun tabhairt fén dtogra ar aon nós. 

Agus b’fheidir go mbeidh aiféala ar an bhForas ina dhiaidh sin, más amhlaidh gur dhiultaigh siad don dtairiscint, nó beidh nuachtán laethúil Ghaeilge neamhspleach ar an margadh nach mbeidh sásta bheith ar leathshúil nuair atá siad ag plé le ceisteanna a bhaineann le Foras na Gaeilge. 

Is tairiscint dáiríre é seo. Tá scair amháín agam féin agus ag mo bhean i Lá Nua – cé nach miste dom a rá nach bhfuil iontaoibh iomlán agam as an cur chuige atá ag Grúpa Meán Bhéal Feirste, ar leo 50% de na scaireanna, i leith todhchaí an nuachtáin ag an pointe seo. B’fheidir nach féidir iad a lochtú as a seasamh nó tá siad tar éis na céadta mílte a infheistiú sa togra agus is lú an buiochas ó Fhoras na Gaeilge as an saothar seo a dhéanamh ar son na teanga ná mar a bheithfeá ag súil leis go réasúnta.   Beag chomhlacht a dheanfadh a leitheid – agus is cinnte nár chaill Moinéar Teo., foilsitheoirí Foinse, aon airgead i gcaitheamh na mblianta atá an nuachtán ag fáil deontas ón bhForas agus ó Bhord na Gaeilge roimhe sin.

Sin chughaibh é mar sin, má tá €1,000 agat ag luí thart nó sa bhanc, agus más suim leat nuachtán laethúil Ghaeilge téigeartha, cuir in iul dom é ar shlí amháin nó eile.  Fiú dá ndéanfá socrú méid áirithe sa mhí a ioc le dochar díreach go dtí cúntas bainc, nach bhfuil oscailte fós, d’fhéadfaí glacadh le sin.   Is leatsa an t-airgead go dtí go bhfuil an €1m bailithe – is é sin le rá nach scaoilfear aon airgead i dtreo an nuachtáin laethúil Ghaeilge, Lá Nua nó cibé,  go dtí go mbeidh €1m nó a chomhionann (geallúintí dochar díreach etc) sa bhanc.      I gcomhthéacs na h-aimsire seo bheadh d’airgead ag déanamh níos mó tairbhe duit agus don saol infhéistithe i Lá Nua ná mar a bheadh sé i stocannaí nó a leitheid…

Mar a dúirt an tAthair Baistí uair, sin tairiscint nach féidir a dhiultú.

8 dtuairim ar “Míle Euro ar thairiscint do Lá Nua, €999,000 eile de dhíth…

  1. RG Cuan

    Geallaim féin €1000 don togra seo chomh maith. Smaoineamh taobh amuigh den bhocsa atá de dhíth – scaipfidh muid an scéal!

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Maith thú RG! Go raibh gaoth i do sheol i gcónaí!

    Dhá mhíle Euro ar thairiscint do Lá Nua – €998,000 le dul….

    Freagra
  3. séamus Mac Seáin

    tá an blag seo ag eirí cosúil le “Dragons Den” na Gaeilge ach tá mise sásta mo 1000 Euro a chur taobh thiar den tionscnamh,A Choncubhair,maith thú. stádaimis den chaoineadh
    is mithid gníomh a dhéanamh.na habair é déan é.

    Freagra
  4. igaeilge Údar an Ailt

    Go raibh maith agat a Shéamuis! Ní h-é seo an chéad uair duitse teacht i gcabhair ar dea fhiontair Ghaeilge.

    Trí mhíle Euro – pá iriseora ar feadh míosa – ar thairiscint chun teacht i gcabhair ar Lá Nua: 997,000 euro le dul…

    Freagra
  5. ggn

    Hmm, paipeár nuachtáin leis na daoine, do na daoine. Paipear Gaeilge ar le Gaeilgeoirí féin é, saor ón fhoras.

    Is duais mór é sin.

    Freagra
  6. igaeilge Údar an Ailt

    Maith thú Janet. €996,000 le dul. Dúirt duine amháin liom ar shuíomh eile go raibh sé in éad liom de bharr, dar leis, gur beag liom €1,000. Is mó agam guth neamhspleach le labhairt amach in éadan láimh mhairbh an mhaorláithis ná €1,000 atá ár dtachtadh – sin an méid

    Freagra
  7. Ping: Greann chruínn Uí Chairealláin « iGaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s