Is olc an ghaoth nach séideann d’Obama

Barack Obama - Tá sé chun tosaigh anois sa rás don Uachtarántacht i SAMTá athas orm a léamh sa Washington Post go bhfuil Barack Obama ag baint tairbhe as an ngéarchéim eacnamaíochta agus é ag druidim chun tosaigh go mór ar John McCain sa rás d’uachtarántacht SAM. 

Bhí mé in ísle brí ar feadh tamaill agus mé den tuairim go ndeinfeadh pobal Mheirceá a vóta de bharr comórtas ‘áilleachta’ idir Obama agus Sarah Palin – ach is léir anois go bhfuil a port nach mór seinnte agus go bhfuil pobal SAM ag díriú ar na ceisteanna móra – an gheilleagar agus stádas is cumhacht SAM go h-idirnáisiúnta. 

De reir an pobal bhreith is déanaí, tá Obama 9 bpointe chun tosaigh ar McCain, 52 in aghaidh 43. Le linn na bhfeachtas a bhí ag Al Gore i 2000 agus John Kerry i 2004, níor chuaigh siad thar 50% ag am ar bith.   

Níl an feachtas thart ná baol air – tá sé seachtain fós le dul.  Ach tá an gaoth i sheol Obama anois agus is féidir le McCain agus Bush bheith buioch do Wall Street as sin. 

Ní aontaím leo san atá ag taobhú, is cosúil, le John McCain de bharr go bhfuil sé níos iontaofaí, is cosúíl, faoi chás na hÉireann ná Obama nó labhair sé go laidir ag ocáid i Scranton an lá cheana.  Dearcadh paróistiúil é sin.  Má bhionn geilleagar SAM laidir, imreoidh sin tionchar anseo in Éirinn.   Agus maidir leis an tuaisceart, táim cinnte go mbeidh Obama, agus é ina Uachtarán, níos oscailte ná mar a bhí leitheidí Bush agus ná mar a bheadh McCain in ainneoin a chuid reitrice. 

Beidh mé ag fáire, tá súil agam, ar an ndiospóireacht oíche Dé hAoine nuair a chasann Obama agus McCain ar a cheile chun ceisteanna idirnáisiúnta a chur agus a chúiteamh.

De réir dealraimh, agus tuairiscí, aithníonn McCain go bhfuil sé i mbaol agus níl sé ag iarraidh diospóireacht a bheith aige Dé hAoine. Dar leis gur cheart do Obama agus é féin an feachtas a chur ar leataobh le h-aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim eacnamaíochta. Tá an rud céanna á lorg ag Obama ach tá seisean ag lorg na diospóíreachta freisin de bharr go gcreideann sé gur cheart go mbeadh deis ag pobal Mheirceá amharc ar an dhá fhear ar an ardán céanna agus breith a dhéanamh ar a gcumas i gcomparáid lena cheile.  Níl ach dhá scór lá nó mar sin fágtha go dtí lá an vóta, 4 Samhain, agus tá sé thar am go mbeadh an cineal sin deise ag pobal votála Mheirceá. Is léir domsa go bhfuil McCain ag iarraidh Obama a sheachaint i bhforam go bhfeicfeadh daoine le cheile iad agus go mbeadh an comparáid á dhéanamh acu idir fear óg cumasach agus sean fhear le tuairimí stálaithe agus a raibh láimh ag a phairtí i ndéantús na fadhbanna atá anois ina bhagairt don chóras airgeadais domhanda.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s