Foinse agus Foras na Gaeilge

Ní minic a théim ar chuairt chuig suíomh idirlíne Fhoras na Gaeilge – is beag údar a bheadh ag duine ar bith cuairt a thabhairt ar an suíomh chostasach seo de bharr é bheith gan aon scéal úr ann  – ach bhí ar chuairt ann inniu chun fiosrú a dhéanamh ar mhéid an deontais atá á fháil ag Foinse, nuachtán seachtainiúil na Gaeilge, ón institiúid tras teorainn teanga. 

Is é seo an méid ar fhógraíodh cothrom an ama seo i 2005. 

Conradh Nua €1.28m do Foinse

Conradh nua sínithe idir Foras na Gaeilge agus Móinéar Teo. le Foinse a fhoilsiú ar feadh ceithre bliana eile.

Máirt, 26 Aibrean, 2005: D’fhógair Foras na Gaeilge inniu go bhfuil conradh nua ceithre bliana sínithe aige le Móinéir Teo., an comhlacht a fhoilsíonn an nuachtán Seachtainiúil Gaeilge Foinse.  Is faoi Sceim Nuachtáin Seachtainiúil Ghaeilge 2005 – 2008 a bronnadh an conradh ar fiú  €1.28 milliún é thar treimse 4 bliana.

De reir forálacha an chonartha nua tá spriocanna nua díolachán leagta síos ag an bhForas agus má chloítear leis na spriocanna sin cuirfear suas le €25,000 breise ar fail do Móiréar Teo. in aghaidh na bliana.

Ag labhairt dó ar bhronnadh an chonartha dúirt Seosamh Mac Donncha, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge “Tá áthas orainn athnuachan a dhéanamh ar an gconradh seo le Móinéar Teo. chun Foinse a fhoilsiú.  Tá foilseacháin den scoth á bhfoilsiú acu agus tá siúl agamsa go gcuirfidh an conradh nua ar a gcumas leanacht leis sin agus cur le díolacháin agus dáiliúcháin an nuachtáin freisin.

Bhí roinnt amhrais faoin suim seo, amhras a chothaigh ailt míchruinn mar seo sna meáin Bhéarla.  Is léir nach n-aithníonn an Irish News an difir idir comhartha an Euro agus comhartha an phúint! 

Ach sin scéal eile.  Chuardaigh mé freisin ar shuíomh an Fhorais le  h-aghaidh an preas ráiteas ag fógairt an chonartha ar shíníodh le Lá Nua i 2006 – ní raibh ann ach tuairim is £197,000 in aghaidh na bliana go dtí deireadh na bliana seo agus anois, is cosúil, mí Aibreán 2009.  Ach ní raibh tasg nó tuairisc ar an bpreas ráiteas sin nó go deimhin an ráiteas a rinne siad Dé hAoine ag fógairt deireadh chonartha Lá Nua – amhail is gur mhaith leo nach saileodh ainm Lá Nua a suíomh lonnrach.

Bhí Ferdie Mac an Fhailigh ar Adhmhaidin ar maidin agus é ag casaoid faoin ‘slant diultach’ a bhí á chur ar an scéal ag an laithreoir, Eibhlín Ní Chonghaile. Is féidir eisteacht leis an t-agallamhgDúirt sé go raibh an Foras ag cur maoiniú breise ar fáil le  h-aghaidh nuachtán seachtainiúil agus seirbhís nuachta leictreonach.

”Ní raibh an cinneadh seo éasca ag aon duine ach tá cruthaithe…tá éacht déanta ag Lá Nua le cúig bliain anuas ach i ndiaidh don bhórd an cheist a phlé níl na leitheoirí ann le h-aghaidh phaipéar laethúil ag an phointe seo,” arsa an tUasal Mac an Fhailigh ar an agallamh raidió.

“Níl daoine ag ceannach paipéar laethúil go bunusach,” arsa Eibhlín. 

”Sin an rud atá ann agus an phlean atá ann tríd maoiniú breise a chur ar fáil le h-aghaidh paipéar seachtainiúil an pobal leitheoireachta, más maith leat, a thogáil le go mbeimíd ag an pointe, le cuidiú Dé, go mbeidh margadh mór go leor ann chun páipéar laethúil a choimead ar siúl.

“Sin páipéar amháin seachtainiúil sa tír agus ó thuaidh, idir ó thuaidh is ó dheas.”

”Is é, is é.”

“Anois tá €400,000 le cur ar fáil agus tá sibh ag iarraidh go gcuirfí páipéar seachtainiúil ar fáil agus seirbhís leictreonach ar an méid sin.”

“Tá yeah.”

“Agus an mbeidh an dhá ní seo ceangailte le cheile?  Ab iad an comhlacht céanna a bheidh ag cur an tseirbhís sin ar fáil.”

“Is é.”

“Is é,” arsa Eibhlín.  “Dá bhrí sin tá conradh nua le fógairt agaibh agus beidh daoine ag déanamh iarratas ar an gconradh agus is fiú €400,000 an chonradh seo.

“Is fiú suas go dtí €400,000 anois an chonradh seo agus táimíd ag iarraidh go mbeadh go leor airgid ann an tseirbhís a chur ar fáíl agus le margaíocht a dhéanamh ar an tairge a bheidh ann.”

Is léir ón mhír sin ón agallamh atá trascríofa agam go bhfuil Ferdie agus an Fhoras ag súil go bhfaighidh siad an craiceann agus a luach ón deontas seo.   Gan tacaíocht breise bheith ar fáil thar an €400,000, ní bheidh Foinse i ndán nuachtán le dealramh a fhoilsiú.  Níl feabhas dá laghad tagtha ar an nuachtán sin le blianta beaga anuas in ainneoin an méid airgid atá doirte isteach ann idir deontais is fógraí stáit.  

Chruthaigh Lá Nua go raibh siad ábalta an nuachtán laethúil a dhéanamh ar an mbeagán airgid – an áit ar theip ar Lá/Lá Nua an dea thairgeadh a mhargú agus a dhíol.  Ansin nuair ná raibh an díolaíocht ag teacht, theip ar an sruth airgid agus mar sin chaill an nuachtán baill foirne nach bhféadfadh sé, le ceart, cailliúint agus lean an meath ar aghaidh.   Shuigh Foras na Gaeilge ar a lámha in áit cúnamh a thabhairt. 

Níl a fhios agam an gcreideann Ferdie go bhfuil sé ag cur an dubh ina gheal orainn – nó an é go bhfuil an dubh curtha ina gheal aige air féin – mar gheall ar an chaint seo faoi phobal léitheoireachta a thogáil le h-aghaidh nuachtán laethúil lá níos faide anonn.  Ach is féidir a rá leis nach feidir an roth sin a athchruthú arís.  Nó ní bheidh seisean agus fir is capaill uilig an rí in ann Humptaí Dumptaí a chur le cheile arís tar éis doibh é a bhrú den bhfalla.  Nó doras an scioból a dhúnadh agus an capall ar fán.  

Agus ní doigh liom ach an oiread go mbeidh scuaine mhór d’fhoilsitheoirí ann ag iarraidh tabhairt faoin dtionscnamh seo, nuachtán seachtainiúil.   Ní féidir margadh a dhéanamh le dream nach feidir a thrust chun a bheith ann nuair a bheidh gá leo. 

CEIST AMHÁIN: Os rud é go bhfuil deireadh ag teacht le conradh Lá Nua i mí na Nollag 2008, agus go gcreideann Foras na Gaeilge nach bhfuil éileamh ann ar son nuachtán laethúil Ghaeilge, conas go bhfuil sé i gceist Lá Nua a fhoilsiú go dtí mí Aibreán.  Ciallaíonn sin go gcaithfear lámha a chur ar airgead nach lú ná £50,000 don tréimhse sin. Cad as a dtiocfaidh an t-airgead sin?

2 thuairim ar “Foinse agus Foras na Gaeilge

  1. séamus Mac Seáin

    Níl a fhios agam an cúram an Choimisinéir teanga ó dheas é iniúchadh a dhéanamh ar an mhaorlathas Ghaeilge ach tá géar ghá leis.Eagras ar bith nár fhoilsigh cuntais le blianta (Má’s fíor duit) tá rud éigin cearr.An bhfuil aon duine ag déanamh monotóireacht ar a bhfuil sa siúl acu? Mura bhfuil cad chuige nach bhfuil?.An comhartha é sin ar leamhshuim an stáit sa Ghaeilge agus gach a mbaineann leí?.Eagras Gaeilge a chuirfeadh deireadh leis an aon pháipéar laethúil Gaeilge da bhfuil ann gan iarracht tréan a dhéanamh é a choinneáilt beo ní fiú traithnín é.Nuair a chuirfear céist ar chomhaltaí roghnaithe an Fhorais cad é a rinne siad seal á gcuarta ann beidh sé le maíomh acu gurbh é bás Lá Nua buaich phointe á gcuid oibre.Is bocht an lorg é sin le fágáil in do dhiaidh

    Freagra
  2. Póló

    Chuala mé an t-agallamh sin ar RnaG agus bhí sé náireach an bealach a chuir sé ina leith í bheith diúltach. Rinne sí sárjab agus tá súil agam go leanfaidh sí leis.

    Bhí an scéal féin diúltach. Bhí laghdú maoinithe i gceist. Agus Ferdia ag iarraidh baothdhreach deimhneach a chur ar an scéal.

    Go maire magarlaí RnaG.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s