Lá Nua – bás nó athfhás?

De reir Slugger O’Toole, tá bás i ndán do Lá Nua tar éis gur thug Foras na Gaeilge le fios go raibh an institiúid teanga tras teorainn ag fógairt comórtas le h-aghaidh nuachtán seachtainiúil – Foinse – agus seirbhís ar líne.  Rinne mé athrú ar an dtír dhreach foilsitheoireachta Ghaeilge a thuar tamall ó shin agus is cosúil go bhfuil léargas níos fearr againn ar na h-athruithe atá i ndán anois.

Níl a fhios agam, fiú má tá an t-eolas atá ag an ‘sound bloke’ seo cruinn, an bhfuil a léargas cruinn?  Sé sin le rá, nach feidir gur deis é seo filleadh ar an mholadh a bhí agam do Lá Nua i mí Feabhra seo chaite nuair a bhí an eigeandáil dheireannach ann.  Go bhfoilseofaí an nuachtán ar líne mar iris pdf – ar nós nós* anois – agus go mbeadh seirbhís nuachta reatha ann i rith an ama maraon le olleagrán clóite gach seachtain do shintiusóirí. 

Moladh eile a bhí agam go ndéanfaí comhnascadh idir Lá Nua agus Foinse chun nuacht sheirbhís laethúil ar line a sholathar maraon le nuachtán seachtainiúil téigeartha.   

Tá súil agam go bhfuil pleán ag lucht Lá Nua don ré eiginnte atá rompu, más fíor.  Is é seo an uair nuair atá an crú ar an tairne…

Ní mór a rá go bhfuil ard mholadh ag dul d’eagarthóír agus foireann Lá Nua as ucht an méid atá déanta acu ar leath chois agus tuath an Fhorais ag bagairt ar an gcos eile i rith an ama.  Tá moladh ag dul do pháirt úinéirí Lá Nua, Grúpa Mheáin Bhéal Feirste, a rinne infheistíocht nach ndeanfadh an dara chomhlacht sa nuachtán in ainneoin is go raibh fiontair eile agus níos mó rath orthu ann chun infheistiú iontu. 

Is trua ná raibh rath ar an smaoineamh go mbeadh ‘Cáirde Lá Nua’ ann chun tacú leis an nuachtán in am an ghatair.   Chuir na cáirde céanna a lámha ina bpócaí roimhe seo agus gan aon súil acu le h-aisíoc.   

Tá gá le h-athsmaoineamh ar an rud atá de dhith sara n-iarrtar ar phobal na Gaeilge a lámha a chur ina bpócaí arís.   An mbeimíd sásta le cúinne Ghaeilge i nuachtán Bhéarla, cothrom an colún garradóíreachta nó an cheoil chlasaicigh….

Nó an féidir tabhairt faoi rud eigean níos uaillmhianaí – ar nós nós* a bheith ar fáíl mar fhoilseachán chlóite…?

Más fíor an scéal seo faoin rud atá i gceist ag Foras na Gaeilge a dhéanamh…ní chuirfidh sé íontas orm ach cuireann sé díomá agus fearg orm.

nóta breise

Is cosúil gur fíor an scéal nó seo a deir Máirtín  O Muilleoir thall ar a bhlag.

Foras na Gaeilge announced yesterday that they will replace the current two newspaper at around €200k per annum grant each next year with one annual grant of €400k for a weekly newspaper linked to an electronic news service. I look forward to studying the statement in depth, speaking with the Foras to get the detail and just as eagerly, I’m looking forward to the new tender process. €400k is still off the £500k per annum the Irish News sought to produce a daily insert in their paper (a demand laughed out of court by the Foras) but it’s a considerable sum and could be used to produce a premium service. Until the new set-up comes into force next April, Foinse as a weekly and Lá Nua as a daily will continue to publish as normal.

Is maith an rud é go bhfuil sé i gceist leanúint le Lá Nua go dtí Mí Aibreán ar a laghad.  Má fhanann Lá Nua beo mar nuachtán laethúil go dtí an uair sin, beidh sé ag foilsiú ar feadh sé bliana go laethúil gan stad.  Éacht.  

Aontaím leis an meid a deir Séamus faoi Fhoras na Gaeilge – tá siad ag tochailt uaigh dá gcuid féin má mhaíonn siad nach bhfuil margadh ann do nuachtán laethúil nó is é sin an réasúnaíocht a phreabfaidh orthu amach anseo nuair a bheidh siad ag lorg breis acmhainní ón Aire Campbell.  Má dhiultaítear d’Acht na Gaeilge amach anseo, is féidir bheith buioch d’Fhoras na Gaeilge nó is iad a thug an argóint is láidre don DUP – sé sin nach mbeadh éileamh ann.  Dearúd ollmhór straitéiseach atá déanta acu – ní den chéad uair.   Nuair a fhoilseofar tuairisc bhliantúil 2008 [i 2099!] b’fheidir go n-aithneoidh siad sin.   San idirlínn, tá saol na Gaeilge níos boichte de bharr cinneadh an Fhorais….

Cá raibh cáirde Lá Nua ar bhord an Fhorais nuair a deineadh an cinneadh seo? Cá raibh cáirde na Gaeilge ar bhord an Fhorais nuair a deineadh an cinneadh seo?  Agus an bhfoilseofar an tuairisc ar a mbunaíodh an cinneadh seo agus an bhfoilseofar na tuairiscí eile a deineadh i gcaitheamh na mblianta ag moladh Lá Nua/Lá as dúthracht agus eifeacht nuair a bhí an Fhoras ag lorg leithscéalta chun deireadh a chur leis an nuachtán?

Mo sheacht náire Foras na Gaeilge!

2 thuairim ar “Lá Nua – bás nó athfhás?

  1. séamus Mac Seáin

    A Choncubhair a chara, ní ghlacfar le do chuid moltaí tá siad ró chéillí,ach ar a laghad ar bith beidh Gregory Campbell iontach sásta leis an chinneadh seo de chuid an Fhorais.Nach bhfuil Príomh Fhéidhmeannach an Fhorais, agus é ag rá go poiblí nach bhfuil margadh ann do pháipéar laethúil Gaeilge, ag cruthú an rud atá Gregory ag rá le fada,sé sin, nach ann do phobal na Gaeilge. An bhfuil duine ar bith ag glacadh geallta anois ar reachtú Acht na Gaeilge?
    agus cairde mar seo agat ní theastáionn uait namhaid.

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Gné súntasach amháin den scéal seo gur deineadh an fógra Dé hAoine, lá nach bhféadfadh Foinse nó Lá Nua é a thuairisciú mar go raibh na h-eagráin deireannacha uatha imithe i gcló. In áít sin d’fhagadh ag nuachtáin ar nós an Irish News é – agus ar ndóigh rinne an nuachtán sin cacstaí de.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s