An Chaipitileachas marbh – RIP

 

Joe Higgins - tar ar ais led' thoil.....

Agus na comhlachtaí is mó baincéireachta i Stáit Aontaithe Mheirceá anois, le cúpla lá anuas, in úinéireacht an stáit ansin, is léir dom go bhfuil deireadh le ré an chaipitileachais. [B’fheidir go nglacfaidh sé roinnt ama go dtí go dtuigfidh lucht an chaipitil é sin!].  SIn a chreidim – agus sin a chreideann an scríobhnóir seo ag an Washington Post.

Tá na h-údair is tréine a thacaigh leis an chaipitileachas i rith na mblianta anois ag aithint go raibh ‘mí-iompar’ ar bun ag baincéirí i SAM, cliabhán an chaipitileachais, agus gurb é an mí-iompar sin is cúis leis an eigeandáil is déanaí, eigeandáil a bhí ag teacht le fada an lá. 

Níl sé scór bliain go fóill ó thit balla Bheirlin agus gur chlis an Chumanachas Stailineach mar chóras rialtais. Idir sin agus seo, bhí an Chaipitlieachas i réim gan cheist ar fuaid an domhain.  Ach tá deireadh leis an chaipitileachas gan srian anois – b’é an fógra a rinneadh aréir agus le cúpla lá anuas go raibh cosc ar an gcleachtas gnó ‘short selling’ an fógra báis.  Mar is ionann na rialacha sin agus buille an bháis don chóras chaipitileach, córas a bhí ag feidhmiú gan srian ar bith i bhfírinne ó thús.

Cad é an chóras a thiocfaidh in áit an chaipitileachais?

Dá mbeadh toghchán ann amarach, an dtoghfaí Joe Higgins ina thaoiseach?   Is cinnte go bhfuil gá lena leitheid anois – eisean agus tuilleadh cosúil leis!

3 thuairim ar “An Chaipitileachas marbh – RIP

  1. aonghus

    N’fheadar. Leigheas an lae inné atá age Joe.

    Bhí cúiseanna gur theip ar lucht na Comharseilbhe. Mórán na cúiseanna céanna atá ag teip ar an caipitleachas nea-liobarálach a la PD.

    An nádúr daonna, saint agus easpa freagarthacht.

    An triú bealach atá de dhíth, anois níos mó ná riamh. Cumasc de fhreagracht an duine aonair, agus an deis aige dul chun cinn, agus riailú/tacaíocht stáit chun an dul thar fóir an láidir agus cos ar bholg ar an lag a chosc.

    Beirlín seachas Boston!

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    An triú bealach atá de dhíth, anois níos mó ná riamh. Cumasc de fhreagracht an duine aonair, agus an deis aige dul chun cinn, agus riailú/tacaíocht stáit chun an dul thar fóir an láidir agus cos ar bholg ar an lag a chosc.

    Beirlín seachas Boston!

    An 3ú bealach, cumasc de fhreagracht an dhuine aonair agus an deis aige dul chun cinn, rialú/tacaíocht stat chun dul thar fóír an laidir agus cos ar bholg ar an lag a chosc…maith go leor.
    Beirlin seachas Boston – níl a fhios agam.
    Níl a fhios agam an bhfuil an 3ú bealach seo ann i gceart in aon áit? An bhfuil sé in áiteanna ar nós Venezuela? Na Criocha Lochannacha?

    B’fheidir go bhfuil an cheart agat faoi Joe Higgins – ach tá gá lena léargas agus bhí an Eite Dheis ina bhuanaíocht ar feadh ró fhada sa tír seo – b’fheidir go bhfuil sé in am dúinn casadh ar chlé, agus níos faide ar chlé ná an Lucht Oibre atá i gceist agam.

    Cuir na bainc faoi cheannas an náisiúin agus cuir na bainisteoirí ar fad ar thuarastal – agus cur deireadh lena chuid bónais. Sin tús phointe!

    Freagra
  3. aonghus

    Bhí mé as líne le cúpla lá.
    Tá corás iar thuaisceart na hEorpa geall le bheith leath bhealadh idir cumannachas agus caipitleachas, Soziale Marktwirtschaft mar a thugtar ar sa Ghearmáinís. Sin a bhí i gceist agam le Berlín seachas Boston, sin agus an nath cáiliúl PDach a chuir droim ar ais.

    Ní dóigh liom gurbh é an caiptileachas per sé an fhadhb anseo, ach an tseafóid atá deánta as an stocmhargadh leis na “derivatives”, “short selling” agus cleasanna cearbhacha eile.

    Rud speisiúl a luaidh ar an Radio ag an deire seachtaine ná go bhfuil an nós ann Bónais a íoc as margadh a dhéanamh – seachas an beartas a chuir i gcrích. Sin an áit gur cheart tosnú leis an atheagar.

    Mar a dúirt Obama, ní raibh aoinne ar féachaint ar ghraithe an tsiopa. Is cuma cé tá i bhfeighil – an Stát nó na Scairsealbhóirí, caithfear súil ghéar a choiméad ar an ngnó. Agus chuige sin is mór an chabhair é leas an duine atá a shúil ar an ngnó a bheith nasctha go dlúth le leas an ghnó.

    Rud nach minic sa chóras Stáit.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s