Leá an Luain…..ceannlíne na bliana

 

Pláta phráisigh.....

Pláta phráisigh.....

Taithníonn cinnlínte liom go mór nuair atá siad gonta agus glic.   Agus sílim gurb é seo thuas, Leá an Luain, ó eagrán an lae inniu de Lá Nua,  an ceannlíne is fearr a chonac i nGaeilge nó i mBéarla le blianta fada.   

 

 

Mar chur síos ar an dtóin a bheith ag titim as stoc mhalartáin an domhain, tá sé ina chúntas chomh cruínn agus chomh beacht ar a tharla inné, Dé Luain, sna stoc mhalartáin go h-idirnáisiúnta agus in Éirinn de bharr cliseadh tobann an bhainc, Lehman Bros, agus díolachán gan coinne Merril Lynch, gan trácht ar dheacrachtaí phríomh urraí Manchester United, AIG. 

Ní gá dul thar an ceann líne chun brí an scéil a fháil – ach mheallfadh an ceannlíne sin tú chun é a léamh.  Bhuel, níl fhios agam mar gheall ortsa, mheallfadh sé mise ar aon nós.    Chuir sé i gcuimhne dhom ar cheannlíne den scoth eile a bhí i Lá na blianta fada ó shin, an tseachtain tar éis na h-ionsuithe ar Mheirceá, ionsuithe 9/11. 

An ceannlíne ar an bpríomh leathnach an uair úd?  “Idir dhá shléacht” – arís bhí sé beacht, bhí sé cruinn mar chur síos ar an staid ina raibh chúrsaí tar éis gur feallmharaíodh tuairim is 2,800 duine sna h-ionsuithe ar thúir Mhanhattan, an Pheinteagon agus eile, agus bhí sé ina thuar cruínn ar an am a bhí le teacht.   [Táim brodúil as ar an mbonn go gcreidim gur mé féin a chum é….le cabhair agus dea chomhairle ón eagarthóir ag an am, Ciarán  O Pronntaigh!]

Léiriú é arís eile ar chomh sciliúil agus chomh cumasach atá iriseoirí Lá Nua, in ainneoin iad a bheith ag feidhmiú ar leathchois de bharr na giorruithe atá déanta ag an mbainistíocht orthu. 

Agus tugaim faoi ndeara ón bpictiúir ar baineadh feidhm as den pláta phráis ar dhoras an Stoic Mhalartáin nach féidir an locht a chur ar Acht na dTeangacha Oifigiúla as ucht mí-eifeacht na h-institiúide sin nó is cosúil gur beag bheann atá ar ‘Irish’ ag an Irish Stock Exchange.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s