Lá Breithe Shona Raidió Fáilte

Dhá bhliain ó shin, cothrom an lae seo, a athsheoladh Raidió Fáilte, an staisiún raidio Ghaeilge pobail i mBéal Feirste agus, mar a deir siad féin, gan bréag, an staisiún raidió is fearr ar domhan. 

Bhí mé ann ag an tús, fiú roimh an Aoine sin, 15 Meán Fómhair 2006, nuair a sheol Bob Collins, iar ard stiurthóír RTÉ, an staisiún pobail seo le h-aitheasc a d’admhaigh an neamart agus leathshúil a bhí ag craoltóírí ar nós RTÉ i leith pobal na Gaeilge agus pobal an tuaiscirt. 

Tá sé trathúil mar sin go bhfuil Raidió Fáilte ag leiriú, má imríodh leath cheal orthu féin, nach bhfuil siad ag léiriú leath cheal i dtreo mionlach eile atá ar an imeall sa tír seo, an pobal Muslamach. 

Go máire sibh an chéad, Raidió Fáilte!  Tá súíl agam nach fada go mbeidh clár uaim á chraoladh agaibh arís.  Táim ag obair air!

4 thuairim ar “Lá Breithe Shona Raidió Fáilte

  1. aonghus

    áimean!

    Is maith liom an scéal seo freisin.

    Is cuimhin liom agus mé i mBeirlín, go raibh stáisún radio nuachta a chraoladh searmanas oscailte na Sabóide gach Aoine (leis an nod i gconaí gur reamhthaifeada a rinneadh roimh an tsabóid a bhí ann!).

    Ach meas tú cad deirfidh an dream úd a bhíonn de shíor ag clamhsán faoi Fáilte an Aingil agus RTÉ faoi?

    Freagra
  2. séamus Mac Seáin

    tá eolas réasúnta maith agam ar Raidio Fáilte agus ar lucht á reachtála. Níl á sarú le fáil ó thaobh díograise agus séiftiúlachta de . éistím leis go minic agus tá sé go maith ach ní thuigim faoi Dhia cad chuige go gcaithfidh siad a rá gurbé an Raidio is fearr ar an domhan é.Is féidir gurb eadh ach ní féidir a bheith cinnte de.Ní ar Raidio Fáilte amháin atá an mhórluachacht seo le braithscint, bhíodh Lá Nua ag dul do chomh maith.Ní mé an rud é a bhaineann leis na sé chontae amháin go gcaithfidh siad a bheith go síoraí ag cur i niúl go bhfuil siad thar barr.An rud atá maith beidh sé soiléir go bhfuil sé maith agus ní héigean a bheith mór luachach faoi.Nach dtuigeann siad má deir siad go bhfuil siad nios fearr na gach duine eile gurb ionnan sin agus caitheamh anuas ar dhaoine eile.Go minic is ionann buailim sciath agus easpa muiníne. Níl abhar easpa muiníne ag Radio Fáilte mar sin stadadh siad den mhór is fiú.

    Freagra
  3. igaeilge Údar an Ailt

    Ar ndóigh tá an ceart agat a Shéamuis -ach ní doigh liom go bhfuil aon dochar sa mhór is fiúachas seo. Creidim freisin go bhfuil obair mhaith déanta ag Raidio Fáílte ach nach bhfuil aitheantas faighte aige taobh amuigh de Bhéal Feirste. obair leitheidí Eoghain Uí Néill, bheadh sé i dteideal duais Oireachtais ach amháin greim daingean docht a bheith ag RnaG ar na gradaim raidio agus gan aon fonn orthu iad a roinnt le staisiún ar bith eile, go h-áirithe leitheidi R Fáilte is Raidio na Life.

    Agus i gcead dúit bhíodh trath ann go raibh buaileam sciath ar siúl ag Lá Nua – ach bhí sé maith go leor nó bhí an nuachtán ar fónamh an uair sin. Tá an cuma ar an nuachtán go bhfuil sé á dhíchoimisiúnú faoi láthair…..

    Freagra
  4. Caitríona Pháidín

    Ar ndóigh tá an ceart agat a Shéamuis…
    Default tús ar aon teachtaireacht

    “Tá an cuma ar an nuachtán go bhfuil sé á dhíchoimisiúnú faoi láthair…..”
    Default deireadh

    Hmmmmm
    searbh nó cad é?

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s