Airgead sa bhanc…?

An bhfuil airgead agat sa bhanc?  An bhfuil tú chun é a fhagáíl ann agus trí chinn de na bainc is mó iomrá go h-idirnáisiúnta imithe go tóin phoil nó díolta ar bheagán luach le sé mhí anuas? 

Agus an margadh déanta maidir le Bear Stearns i mí na Marta agus Merril Lynch is Lehman Brothers thar an deireadh seachtaine, an féidir linn bheith muiníneach go bhfuil ár gcuid airgid sábhalta i mbanc ar bith?

Cinnte deirtear go  bhfuil bainc na hÉireann slán sabhailte – ach cé deir é ach an Banc Ceannais.  Má bhriseann an chóras, is iad san a bheidh thíos leis agus mar sin de deir siad nach bhfuil an córas briste.   Deir siad sin go bhfuil sé soiléir go bhfuil an córas briste.  Ach ansan tá sé ró mhall. 

Bhí an eacnamaí David McWilliams i mBaile Mhuirne oíche Dé Satharn agus é ag seoladh dluth cheirnín nua ar son an cheoltora, Conal O Gráda.  Is gaol é do bhean ceile Chonaill.   

Ní raibh aon chomhairle aige do lucht freastal na h-ocáide ach má léann tú a chuid altanna ar an Sunday Business Post, tabharfaidh tú faoi ndeara nach aon vóta muiníne iad sa chóras baincéireachta sa tír seo.

I 1929 a tharla an cliseadh mór i Wall Street – agus tháinig na bainc seo, Merril Lynch, Bear Stearns agus Lehman Bros slán.   An uair seo tá siad imithe go tóín phoil nó ar cheant go dtí an tairiscint is lú!

Is maith an rud é nach raibh mé riamh saibhir….

4 thuairim ar “Airgead sa bhanc…?

  1. igaeilge Údar an Ailt

    Tá fáilte romhat teacht anseo agus ionchur a bheith agat sa chomhrá – ach níl aon fháilte roimh an cineáil sin trachtaireachta. Déanfaidh mé mo dhícheall mo chuid gramadaí agus eile a fheabhsú ach cuireann an cineál sin ráitis múisc orm.

    Freagra
  2. aonghus

    Comhartha aitheantais atá ann.

    Nuair a thagann Ridirí tuisceanacha, sár oilte, leathanaigeanta, an Phinn Deirg sa mhullach ort chun comhairle do leasa a chuir ort, tá tú ag ceann scríbe!

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s