Dúshlán don Ghaelscolaíocht

 

An tAire Oideachais, Batt O'Keeffe

An tAire Oideachais, Batt O

Is cosúil go bhfuil impléachtaí ann don Ghaelscolaíocht de bharr an chúlú eacnamaíochta.   Nó in alt inniu san Irish Examiner, dúirt an tAire Oideachais Batt O’Keeffe go raibh sé ‘amaideach’ bheith ag ceapadh go bhféadfai gach scoil a cheadú a bhaineann amach an íosmhéid dálta de reir mar atá sé leagtha síos ag an Roinn.

Ar ndóigh is fadhb é seo do ghluaiseacht na nGaelscoileanna de bharr go raibh siad ag feidhmiú ar an tuiscint go bhféadfaí scoileanna nua a bhunú chomh fada agus go raibh an íosmhéid daltaí sin ann agus go raibh siad inmharthanach tar éis trí bliana.  

An rud nach mór don Aire O’Keeffe meabhrú air go bhfuil leitheidí Gaelscoileanna agus Educate Together ag déanamh an obair a bheadh le déanamh ag an Roinn Oideachais féin.  Cad a tharla anuraidh nuair a cuireadh páistí ó dhoras i scoileanna i dtuaisceart Chontae Atha Cliath de bharr nach raibh a dhothain spáis ann – agus cúinsí eile b’fheidir a bhain le dath a gcraicinn?  Bhí ar an Roinn Oideachais scoileanna nua  a bhunú agus a thogáil go tapaidh agus d’oscail siad i mbliana. 

Ar ndóígh, ar chúl scoileanna a thogáil mar seo, tá an easpa pleanála a chiallaigh go raibh go leor eastáit tithíochta ar fuaid na tíre gan riar deanta le h-aghaidh scoileanna nó aiseanna poiblí eile iontu.  Cé a bhrostaiigh an togáíl gan pleanáil seo?  Cé eile ach pairtí Bhatt O’Keeffe agus, gan amhras, pairtithe eile na buainíochta a votáíl ar son an forbairt gan srian ciallmhar seo….

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s