Talamh na Síóg agus Aontas na hEorpa

Dar le comhfhreagraí pholatúil an Irish Times, Mark Hennessy, tá votairí na hÉireann ina gcónaí i dTalamh na Síóg de bharr an vóta ‘Níl’ sa Reifreann ar Chonradh Liospóin i mí an Mheithimh agus a ndearcadh i leith an vóta sin. 

Ag tagairt don staidéar costasach – €163,000 – a choimisiúnaigh an Rialtas tar éis an vóta a bhí an t-iriseoir. Sa tuarascáil sin, dúradh, mar shampla, gur chreid 40% nach mbeadh aon laghdú ar thionchar na hÉireann ar an Aontas de bharr an vóta ‘Níl’ agus gur chreid duine as ochtar gur neartaigh sin seasamh na hÉireann san Aontas Eorpach. 

Cluiche é seo a chaithfear a imirt go cliste agus tá an Irish Times ag glacadh páirt larnach ann, ag iarraidh maistíneacht a dhéanamh ar an dtoghlach, ag tabhairt le fios dúinn ar bhealaí éagsúla, gur dana an mhaise uainn vótáil in éadan Liospóin.  

B’é Éirinn an t-aon tír inar ritheadh reifreann ar Liospóin go beacht – ach bhí reifrinn roimhe seo san Isiltír, sa Fhrainnc, sa Spainn agus i Lucsamburg ar an mBunreacht Eorpach.  Theip ar an mbunreacht san Isiltír agus sa Fhrainnc – an raibh aon chaint sna nuachtáin sin go raibh pobal na Fraince nó pobal na hIsiltíre ina cónaí i dtalamh na síóg.  An raibh Le Monde ag tabhairt íde béil do na votairí ar a ndiultachas don Eoraip.  

Beag an baol. 

Is é an cineal seo maistíneachta agus sotail ón Irish Times agus ó phairtithe ar nós Fianna Fáil, FG, an Lucht Oibre a chuireann soir mé.  Ní miste liom votáil arís ar Chonradh Liospóin cé go mbeadh sé aisteach mura raibh aon athrú ar an dtéacs nó ar na gcoinniollacha.  Ach má táim chun votáil arís, caithfidh an Irish Times agus eile bheith macanta.  Caithfidh siad an t-eolas, ní an bolscaireacht a bhí ar bun ag Mark Hennessy ar maidin, inniu a chur i mo láthair. 

Nior deineadh é sin i gceart an uair dheireannach.  Is léir sin ón suirbhé.  Easpa eolais a luaigh 85% den sampla votairí a ceistíodh mar údar ar a vóta ‘níl’.   

Má tá Liospóin II le bheith ann, caithfidh dearcadh úr macanta bheith mar aghaidh úr ag an dream atá ag lorg ‘Tá’.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s