Sarah Palin – Tali-bean sa Teach Bhán II

Tá sé á thuairisciú anois ag an AP go bhfuil an eaglais a thaithíonn Sarah Palin ag reachtáil comhdhála go luath agus gurb é téama an chomhdhála sin gur féidir homaghnéasaigh a iompó ón slí beatha aerach le cumhacht na bpaidreacha. 

Creidim go mór i bpaidreacha – ach creidim freisin nach cúis fónta é seo le h-aghaidh paidir.  Ní tinneas é ‘homaghnéasachas’ agus ní féidir é a leigheas le comhairleoireacht siciatrach nó le paidreacha. 

Slí nó stíl beatha é.  Faoin duine féin atá sé an rogha a dhéanamh – agus ba cheart dúinn aire a thabhairt dár ghnó féin seachas bheith ag iarraidh cur isteach mar seo ar shaol dhaoine eile. 

Beidh sé speisiúil a fheiscint an dtabharfar an oiread ocsaigin don scéal seo agus ar tugadh don scéal faoin Tréadaí Jeremiah Wright.

18 de thuairimí ar “Sarah Palin – Tali-bean sa Teach Bhán II

  1. aonghus

    Ní dóigh liom go bhfuil an cheist chomh dubh agus bán sin.

    Cinnte, tá daoine ann a ghlacann go fonnmhar lena gclaonadh gnéis. Tá daoine eile ann atá trína chéile faoi.
    Agus tá daoine a théann i muinín paidreacha agus lia intinne, agus tagann athrú orthu dá bharr.

    Níl aon míniú eolaíoch críoichniúl ag chlaonadh gnéis – agus ní dóigh liom go bhfuil cúis amháin le rud chomh íogair agus chomh lárnach don duine.

    Níl aon baint ag Talibeanachas leis an scéil, ach amháin nuair a úsáidtear lámh láidir le daoine a bhrú i dtreo amháin nó treo eile.

    Cad chuige nach dtabharfadh grúpa eaglasta cabhair do dhaoine ar mian leo an chabhair sin a ghlacadh?

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Cinnte tabharfadh grúpa eaglasta cabhair do dhaoine AR MHIAN LEO GLACADH LEIS. Ach creidim nach é seo atá i gceist anseo – sílim gur seo é grúpa eaglasta ag guí ar son athrú ar chlaonadh ghnéis ar an mbealach céanna a bhíodh pobal Chaitlliceach na hÉireann ag guí ar son athrú creidimh san Aontas Soivéideach glúin nó dhó siar. Cad é a dúirt an Tiarna – an t-é atá gan peaca, caithfeadh sé an chéad cloch! An t-é atá gan peaca guífeadh sé an chéad phaidir ar shon an dream eile. B’fhearr i bhfad go gcinnteoimís go bhfuilimíd féin ag déanamh beart de reir Briathar Dé seachas bheith ag áiteamh ar na comharsain bheith ag déanamh amhlaidh. Bionn an cuma ar na ‘Evangelicals’ gur iad atá ceart agus nach bhfuil aon cheart ag seasamh daoine eile. Seo dearcadh nach n-aontaím leis.

    Freagra
  3. aonghus

    Is mór idir phaidir a rá agus cloch a chaitheamh.

    D’fheadfaí (advocatus diaboli á imirt agam anseo) a mhaíomh go bhfuil tú in aghaidh saoirse cainte, cáinte agus guí!

    Feictear dom go bhfuil slatanna tomhais eagsúla in úsáid. Tá sé allright ag gníomhaí aerach a rá gurbh é “an duine is measa ariamh” é an Papa Beinidict de bharr a sheasamh le teagasc na hEaglaise ar an gceist – ach is homophobia é a rá go m’bhféidir go bhfuil an gníomhaí úd contráilte ina dhearcadh ar na ceisteanna seo.

    Freagra
  4. igaeilge Údar an Ailt

    Tá lan a chirt agat a rá go bhfuil duine mícheart ina dhearcadh. Tá lan a chirt ag duine aerach nó duine ar bith a rá go bhfuil an Pápa Benedict mícheart.

    Tá cead agat guí ar son rud ar bith. Ach sílim go léiríonn sé sotal ar leith nuair atá ag guí ar son athrú dhearcadh dhuine eile. B’fheidir gur ort féin atá an locht?

    Freagra
  5. aonghus

    B’fheidir gur ort féin atá an locht?

    B’fhéidir é. Ach má chreideann tú go daingean go bhfuil an cheist cíortha agat, agus bunús le do sheasamh, nach bhfuil sé mí ionraic gan paidir a rá ar son daoine a chreideann tú a bheith i mbaol?

    Bhí sainmhiniú suimiúl ag Charles Caput, easpag Denver, ar iolrachas, (agus é ag plé leis an méid a dúirt Joe Biden):

    “Real pluralism thrives on healthy, non-violent disagreement; it requires an environment where people of conviction will struggle respectfully but vigorously to advance their beliefs.”

    Freagra
  6. crosbhealaí

    Tacaím le Concubhair- nuair a smaoinionn tu go ndeireann an Eaglais Chaitliceach gur “neamhord intreach” (intrinsic disorder) é an homaighnéasachas (agus na bí ag caint ar an sifaistíocht a bhaineann le hidirdhealú a dhéanamh idir gníomhartha agus claonadh), tugann sin léargas difriúil ar fad ar Críostaithe bheith ag padróireacht dóibh ar mhaithe lena gclaonadh a athrú. Tá rian den bhagairt ag baint leis.

    An dtacaíonn tú le cur síos úd na hEaglaise Chaitlicí, a Aonghuis?

    Freagra
  7. igaeilge Údar an Ailt

    Creidim gurb é mo ghnó phearsanta féin an slí a thugaim adhradh do mo Dhia – fiú go bhfuil Dia agam in aon chorr. Creidim gurb é mo ghnó phearsanta féin freisin an claonadh ghnéis atá agam. Má tá cáirde agam atá aerach, nil mé chun a rá leo go bhfuil mé ag guí ar a son go ‘leigheasfar’ iad. Sonas orthu.

    Níl mé ar shon go mbeadh coisgíní á chaitheamh thart le go mbeadh an tuiscint ann go bhfuil sé maith go leor dul ag bualadh craicinn láithreach.

    Más fíor gur bronntanas ó Dhia an ghnéas – agus níl a sharú mar bhronntanas – nach fíor freisin go bhfuil an ‘claonadh ghnéis’ mar chuid den bhronntanas sin agus mar sin nach mbeadh sé cineal mí bhuioch a bheith ag togáil ceisteanna faoi na bronntanais a fuair na comharsain seachas a bheith ag gabhail buiochas as na bronntanais a fuaireamar féin!

    Freagra
  8. aonghus

    An dtacaíonn tú le cur síos úd na hEaglaise Chaitlicí, a Aonghuis?

    Tacaím. Mar a deirim, ceist chasta atá ann. Agus difear idir gníomhartha agus claonta.

    Is é an tuiscint atá i dteagasc na hEaglaise ná go bhfuil an nádúr daonna buailte de bharr peaca an tsinsir – nach n-éiríonn linn go minic an rud is mian linn, a thuigeann muid a bheith ceart, a bhaint amach.

    Tabhartas is ea an collaíocht, cinnte – ach tabhartas nach féidir a scaradh ó seachadadh beatha gan dochar.

    Mar sin, ní aontaím leat gur bronntanas ná toil Dé an claonadh gnéis.

    Is dóigh liom gur modh bhailí argóint a chuir chun cinn ab ea an agóid úd i Sidní. Agus is dóigh liom gur modh bhailí tuairim a chuir chun cinn is ea comhdháil a eagrú.

    Nílim ag rá go mbeinn páirteach i ceachtar agóid – ach is cuid den saol é agóid.

    Tá teaghlaigh lárnach don Stát agus don pobal – mar sin, ní féidir caitheamh leis na ceisteanna seo mar ceist phearsanta amháin.

    Ach caithfear iad a phlé le meas ar a chéile.

    Nuair a deir Peter Tatchell a leithéidí seo maidir le ceannaire an Eaglais ina bhfuilim i mo bhall, is deacair a argóint a aithint thar an masla.

    Ach is dóigh liom go bhfuil an ceart aige, i sochaí daonlathach, tuairim s’aige a chuir ar aghaidh go tréan.
    Mar atá an cheart ag Sarah Palin a tuairimí a chuir chun cinn.

    Go deimhin, b’fhearr liom go gcuirfeadh polaiteoirí a dtuairimí in iúl go hoscailte agus go hionraic. Is fearr go mór sin ná na tuairimí a cheilt, ach gníomhú dá réir agus iad tofa!

    Freagra
  9. George

    Tá speictrum gnéis ann agus é cruthaithe ag an dTiarna féin, bail ó Dhia air, má chreideann tú a leithéid.

    Is masla é guí ar son athrú claonadh gnéis duine gan a chead siúd a fháil roimhré.

    Freagra
  10. aonghus

    Más duine airithe atá i gceist, aontaím leat.
    Ach de réir mo thuiscint, ní sin atá i gceist san ócáid a luaigh Conchubhar ag an tús.

    Nílim ag moladh ach oiread gur cheart a leithéid a dhéanamh.

    Nílim ach ag rá go bhfuil tuairimí éagsúla ar an ábhar seo, agus go bhfuil sé de cheart ag daoine a dtuairimí a chuir chun cinn.

    Maslófar roinnt daoine – is dóigh liomsa go bhfuil píosa Tatchell thuas maslach amach is amach, mar shampla.

    Ach táim sásta glacadh leis nach ar mhaithe le daoine a mhaslú a scríobh sé é – ach toisc go gcreideann sé go daingean san méid a scríobh sé. Is ceadmhach, dar liom, dul thar fóir beagán chun pointe a dhéanamh.

    Agus is ceadmhach modhanna éagsúla a úsáid chun aird a tharraingt ar do phointe, chomh fada is nach ndéantar dochar d’aon ghnó do dhaoine.

    Freagra
  11. aonghus

    De réir an beagán taighde atá déanta agam ar an comhdháil seo:
    1) is daoine a raibh claonadh gnéis acu i dtreo duine den chineál chéanna atá á reáchtáil.
    2) Níl iachall ar aoinne freastal air!

    Céard go díreach atá cearr leis sin? Cá bhfuil an bagairt?
    Agus cén baint go díreach atá ag Sarah Palin leis, seachas go bhfreastalaíonn sí ar an Eaglais ina bhfuil an comhdháil le tarlú?

    Tá cúiseanna maithe cuir i gcoinne Palin mar rogha leasuachtaráin do SAM. Cúiseanna a bhaineann le heaspa taithí, agus le ceisteanna tromchúiseacha atá le freagairt maidir lena hiompar in oifig go dtí seo.

    Ach ní ceann acu an cheist seo a d’ardaigh Conchubhar. An baol atá ann ná go socrófar toghchán SAM ar neamh cheisteanna mar seo – agus ní dóigh liom gur chun leasa na nDaonlathach a rachaidh an socrú sin! (Ní maith liomsa, ar chúiseanna difriúla, ceachtar rogha uachtarán, ach siad pobal SAM a roghnóidh é)

    Freagra
  12. crosbhealaí

    Dála an scéil, is feidir bheith liobrálach, nó ar son cearta iomlána aerach, agus a aithint go bhfuil fiúntas agus buanna pearsanta ag Sarah Palin, mar mháthair agus mar dhuine. Is féidir bheith ar son cearta frithghiniúna, ach bheith i gcoinne ginmhilleadh. Is feidir tacú le Obama go polaitiúil ach a aithint ag an am céanna go bhfuil roinnt tréithe mítharraingteacha aige- é a bheith beagainín árdnósach, mar shampla.
    Ach conas gur feidir leat masla mar “neamhord inreach” a thabhairt ar bhuanthréith slua ollmhór daoine? Tá tú ag tabhairt breithiúnas ar chumas agus claonadh grá intreach daoine daonna. An cineál Dia féin thú, go bhfuil tú in ann féachaint isteach ina n-anamacha, agus a rá go bhfuil neamhord iontu?

    Freagra
  13. aonghus

    Ní le anam daoine a bhaineann an breithúnas. Agus ní mo bhreithúnas phearsanta atá ann – ach teagasc na hEaglaise.
    Creidimise go bhfuil teagasc na hEaglaise faoi Stiúir ón Spiorad Naomh.

    Mholfainn duit an teagasc ina iomláine a scrúdú, seachas nath theicniúl amháin a sciobadh as.

    http://www.scborromeo.org/ccc/p3s2c2a6.htm

    Eascraíonn an teagasc as an tuiscint go bhfuil feidhmeanna áirithe le collaíocht i nádúr an duine. Agus nach féidir an collaíocht a scaradh ó na bhfeidhmeanna sin – seachadadh beatha ina measc – gan dochar.

    Freagra
  14. crosbhealaí

    ………agus CEANN de feidhmeanna sin na collaíochta ná an cheanúlacht a bheith á leiriú ag beirt dá chéile- is feidhm AMHáIN é an seachadadh beatha- nach bhfuil oscailte mar bhhealach do gach éinne- heitreaghnéasaigh ina measc- ní an t-aon feidhm atá ann. Agus maidir leis an Spiorad Naomh- labhraíonn an Spiorad agus an Críost céanna le iliomad daoine agus níl an fórsa naofa, dofheicthe, dothuigthe seo teoranta chuig struchtúir eaglasta atá cruthaithe ag daoine daonna le tuiscint teoranta, dorcha…. “now we but see throught a glass darkly” srl
    Agus cá bhfios ach go n-athróidh an egalais céanna a intinn-cosúil le cás Ghalileo?

    Freagra
  15. aonghus

    Tá tusa ag iarraidh ormsa séanadh gur ball den Eaglais Caitliceach Rómhánach mé.

    Nílimise ag iarraidh ortsa faic a shéanadh.

    Ní fheicim ciall leis an bplé seo níos mó.

    Ní aontaím le do thuairim, ar na cúiseanna atá tugtha agam thuas. Ach nílim ag seánadh ar dhóigh ar bith do cheart an tuairim sin a bheith agat, agus a phlé, agus iarracht a dhéanamh é chur ina luí ormsa nó le haon duine eile le hargóintí.

    Agus le filleadh ar an mbun cheist: Cén baint atá aige seo ar fad le seasamh Sarah Palin?

    Dála an scéil: Mholfainn duit ceist Ghailileo a chíoradh níos doimhne sula mhaíonn tú gur athraigh an Eaglais a hintinn.

    Gabh an Eaglais léithscéal as gan caitheamh i gceart le Galileo – is fíor sin. Ach croí na ceiste úd ná gur tharraing Galileo – más fíor – iarmhairtí as teoric eolaíochta (nach raibh ar a chumas ag an am é a chruthú)agus rinne iarracht dá bharr ráiteas a dhéanamh faoin gCreideamh.

    Dhá réimse faoi léith atá ann, gaolmhar – ach ní ionann iad.

    Féach taobh thiar des na ceannlínte, maith an fear (nó bean, ach is dócha gur fear tú).

    Freagra
  16. crosbhealaí

    nilim ag iarraidh ort do bhallraiocht den egalaise sin a shéanadh- eaglais go bhfuil meas agam uirthi (agus fiu grá agam di, mar is inti a tógadh mé) in ainneoin a lochtanna uile. seasann rian agus áilleacht na naofachta mar bhuanthréith inti…

    Ach bí ag féachaint lasmuigh de theagasc na heaglaise, maith an fear, tá fiú sagairt agus diagairí ann nach dtagann le teagasc na heaglaise ar cheist an homoghnéasachais nó ar cheist an fhrithghiniúint….ná chreid gach rud a deirtear leat…ta ról ag an coinsias agus an fhéinthuiscint, fiú de reir na heaglaise féin…

    Freagra
  17. aonghus

    Tá. Agus dar liom go bhfuil an cheist, chomh fada agus a thuigeann mé é, cíortha agam.

    Agus tagaim fós le teagasc na hEaglaise.

    Anois, cá bhfuil an bagairt ansin?

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s