Máire in éadan Shell

Máire Harrington

Máire Harrington

Cúpla bliain ó shin, agus mé ag obair le Lá Nua, bhí an agóid ar bun ag Cúigear Ros Dumhach faoin phlean chonspóídeach píblíne gáis a leagadh congarach dá dtithe i gContae Mhaigh Eo. 

Chaith siad beagnach 100 lá i bpriosún de bharr gur dhiultaigh siad geilleadh don bhrú ón Stat eirí as an agóíd. 

Go fóíll tá an agóid ar bun.   Inniu chuir Máire Harrington, múinteoir 55 bliain d’aois, tús le stailc ocrais agus tá stad, sealadach is dócha, curtha leis an obair an bpíbline.  D’fhag an long a bhí i mbun na h-oibre, an Solitaire, an ceantar ar maidin agus d’ardaigh a seol le h-aghaidh a thabhairt ar na Cealla Beaga.  

De reir raitis ó Shell, ní raibh aon bhaint ag imeacht an Solitaire le stailc ocrais Mháire.  Dúirt an chomhlacht seo go raibh deacrachtaí teicniúla ag an long.  

Tá míniú eile ar an imeacht, áfach, nó i litir a scrígh Máire chuig maistir na loingeas, dúirt sí ná raibh ach dhá dheireadh leis an scéal seo – go n-imeodh an Solitaire ón gceantar nó go saothródh sí a bás.  De reir tuairisci raidio, tá sé ráite – ach níl sé dearbhaithe – ná raibh Maistir an Solitaire ar a chompórd leis an rogha sin. 

Chas mé le Máire Harrington, Mícheál O Seighin agus a gcáirde is a gcomharsain, agus chuaigh a gcrógacht agus a n-ionraiceas i bhfeidhm orm go mór.  

Thugaidís na ‘Bogoni’ orthu féin mar omós don Ogoni, an treabh sa Nigéir a bhrúigh rialtas na tíre sin faoi chois de bharr a n-agóid faoi iompar Shell ansin. 

Is léir go bhfuil Shell ar an gcúl chos anois, in ainneoin an tacaíocht buan ón stat.  Nó ní fheicimse aon radharc de na staisiúin ‘Shell’ ar fuaid na tíre – d’imigh siad as radharc de bharr na conspóide seo.

Go n-eirí leat a Mháire!

Aon tuairim amháin ar “Máire in éadan Shell

  1. aonghus

    Díoladh na staisúin i bhfad ó shin le Topaz, ní dóigh liom go raibh an bhaint díreach aige le scéal Shell chun Sáile – tá siad tar éis tarraingt as an miondíolaíocht chuile áit go bhfios dom. Comhtharlúint atá ann nach bhfuiltear ag athrú na comharthaí go dtí anois (tharla sé le linn na seachtaien seo i mBÁC/Cill Mhantáin)

    Loic an Rialtais atá ag cuir as dom sa scéal seo. Cuireadh na Gardaí agus an Cabhlach ar fáil chun mianta Shell a chuir chun cinn, beag beann ar tuairimí lucht na háite. Tá rud éigin go hiomlán bun os cionn leis sin.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s