Moladh stuama ó Jim Allister!©§¢#!?

Sin thuas cúig fhocal nár cheap mé go n-úsáidfinn riamh i dteannta a cheile.  

Ach seo an moladh – agus mo aguisín. 

Dar leis an bhFeisire Eorpach, ba cheart go mbeadh comharthaíocht ar na bóithre cois teorainne ag cur fáílte roimh chuairteoirí go Tuaisceart Éireann.  Dar leis gur cheart comharthaí ag cur fáilte a la:  Welcome to Northern Ireland. 

Sílimse go bhféadfadh Conor Murphy seo a dhéanamh ach bheadh ar an gcomharthaíocht seo bheith dhá theangach, i mBéarla agus i nGaeilge. 

Fáílte go Tuaisceart [na h-] Éireann, Jim.

Ar ndóigh, d’fhéadfai comharthaí eile a chrochadh taobh amuigh de shráid bhailte agus bailte móra, comharthaí dhá theangach ar nós Welcome to Belfast/Fáilte go Béal Feirste. 

Maith thú Jim!

2 thuairim ar “Moladh stuama ó Jim Allister!©§¢#!?

  1. séamus Mac Seáin

    dar ndóigh ‘sé an rud is mó is ata ag cur as do Jim cóir nach bhfuil an teorainn idir na 6 co. agus na 26 co. le feiceáil nios mó ó d’imigh na botháin slandála a bhíodh ann le linn na dtrioblóidí agus cronaíonn sé an deighilt. níor cheart géilleadh dá mheoin críochdheighilteach fiú dá mba ar mhaithe leis an Ghaeilge féin a bhí sé.Ba inmholta an smaoineadh é fáilte a chur roimhe dhaoine go Co.Thír Eoghain, Co. Árd Mhaca, srl i nGaeilge,rud ata ann cheana féin anseo a’s ansiud.

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Sílim dá mbeadh an rogha ag Allister, an criochdheighilt nó an Ghaeilge, go m’bhfearr leis an criochdheighilt a chailliúint ach an Ghaeilge a sheachaint. Sin ceist do Jim anois…..

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s