Ámaidí Shinn Féin agus ainrial aondachtach

 

Aire Forbartha Reigiúnach an Tuaiscirt, Conor Murphy

Aire Forbartha Reigiúnach an Tuaiscirt, Conor Murphy

Is iomaí slí ar féidir am a chur amú ach ní doigh liom gur féidir Aire Forbartha Reigiúnach an Tuaiscirt [nó Tuaisceart Éireann] a sharú as a chuid iarrachtaí

De réir dealraimh chuir sé iacaill ar a chuid oifigigh eagarthóireacht a dhéanamh ar chaipéis a bhí faofa ag Feidhmeannas an Tuaiscirt le cinntiú gur baineadh gach tagairt ar ‘Tuaisceart Éireann’ ón gcaipéis agus ‘An Tuaisceart’ a chur ina áit.   [Ar ndóigh níl ach leagan Bhéarla den chaipéis ‘barr thabhachtach’ seo.]

Chomh h-amaideach is chomh suarach is atá seo mar bheart, ag déanamh eagarthóireacht ar chaipéis nach léifear ach ar éigean, níl sé ach chomh h-amaideach agus chomh suarach leis an aisfhreagra ó Chéad Aire an Tuaiscirt, Peter Robinson, atá ag cur an dlí ar Conor Murphy as ucht an mbeart eagarthóireachta seo. 

Má theastaíonn ó Conor Murphy cúis ceart dlí a thabhairt do Peter Robinson, ba cheart do ordú a dhéanamh agus comharthaíocht dhá theangach – ar nós Fáilte go Béal Feirste / Welcome to Belfast – a chrochadh ar fuaid an Tuaiscirt/ar fuaid Thuaisceart Éireann.   Fíor bheart radacach a bheadh ansin – agus bheadh sé ag teacht le dea chleachtas sa Bhreatain Bheag agus in Alba!

Toradh é amaidí ar nós an bhirt eagarthóireachta seo ar an bpósadh mí amharach san Fheidhmeannas idir Sinn Féin agus an DUP [agus, ná dearúd, an UUP agus an SDLP].   

Ach níl a fhios agam an bhfuil an réiteach atá molta ag Mark Durkan thar moladh beirte ach an oiread.  Dar leis, dá mbeadh Bille Ceart laidir ann, bheadh cosaint ann do mhionlaigh [ar nós náisiúnaithe an Tuaiscirt]  agus d’fhéadfaí deireadh a chur le córas d’Hondt agus an Feidhmeannas éigeantach roinnte cumhachta.  

Deir SF gurb é an t-aon toradh ar sin rialtas móraimh ag aondachtaithe agus mar sin bheadh sean laethannta Stormont ar ais.  Is cinnte gur céim siar a bheadh ansin nó tá claonadh osnadúrtha i dtreo mí riail ag aondachtaithe – agus ní gá smaoineamh ar an útamáil faoi Acht na Gaeilge agus an calaois a chur deireadh le ré Ian Paisley [sean agus óg] le tuiscint a bheith agat nach rud stairiúil é seo, go leanann sé go dtí an lá inniu. 

Tá gá le Bille Ceart anois agus bille ceart laidir agus ansin, nuair a fheicfear cén bealach a chuirfear i bhfeidhm é agus a dheinfear beart dá réir, beidh sé le feiceáil cad é an socrú a bheidh ann ansin.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s