Méar an mhileáin ón meatachán

 

Brian Lenihan, an tAire Airgeadais

Brian Lenihan, an tAire Airgeadais

Tá sé deacair na polaiteoirí a sharú maidir le dallamallóg a chuir ar an bpobal agus, níos minicí ná a mhalairt, orthu féin.

Tá Craobh Uile Éireann na Dallamallóige na seachtaine seo buaite ag an Aire Airgeadais, Brian Lenihan, as a shar iarracht an locht a chur ar an bpobal as ucht chomh místuama agus a bhí votairí rialtas Fhianna Fáil a atoghadh arís is arís eile agus ach go h-áirithe i 2007.

In agallamh raidió ag an deireadh seachtaine, bhí seo le rá ag an tUasal Lenihan:

“You know, we’ve got to be honest about this as a people. We decided, as a people collectively, to have this housing boom. We decided not to have property taxes, to demand reductions in stamp duties, to demand interest for those who bought to-let properties, and there was no questioning in any part of the political system about that,” said Mr Lenihan.

Cén uair eile a ghlac an pobal na cinntí seo atá luaite ag an tUasal Lenihan?  Cén uair ach nuair a tugadh an deis dúinn mar phobal votáil ar son Fhianna Fáil i 1997, i 2002 agus arís i 2007.   Bhí a fhios againn cad a bhi á dhéanamh againn, ná raibh?  Bhí fhios againn gur ionann ár votaí ar son an TD áitiúil, an fear nó an bean a ghlaoimíd air nó uirthí chun an t-uisce a chur ar siúl arís nó an leaba a aimsiú dár ngaol san oisbidéal, agus votaí ar son na nithe a luann Brian Lenihan. 

Sea, cinnte, a Bhrian.  Votálamar ar son FF agus bhí a fhios againn cad a bhí á dhéanamh againn.  Bhí a fhios againn go mbeimís ag toghadh rialtas nach mbeadh sásta freagracht a ghlacadh as na droch laethannta cé go raibh an dream céanna lán sasta an creidiúint a ghlacadh as ucht a ‘ndea stiur’ ar an ngeilleagar le linn laethannta an raithiúnais. 

Is ait an mac an saol.  Agus is cinnte gur ait an mac é Brian Lenihan má chreideann sé go bhfuil aoinne sásta glacadh lena bhreith.   Nó nior dhein votairí na tíre faic ach a ndóchas a infheistiú i bhFianna Fáil toghchán i ndiaidh toghchán – de bharr nach raibh aon rogha níos fearr ann, b’fheidir – agus anois níl de thoradh againn ach maslaí ó Fhianna Fáil as ucht sin a dhéanamh. 

Bhí an geilleagar faoi stiur acu i laethannta an raithiúnais ach anois, agus an taoide casta, níl aon smacht air de bharr cuinsí domhanda agus eile.  Tá ar othair fanacht i ndorchlaí fada ar oideas, caithfidh daltaí ealaíne déanamh gan múinteoir ealaíne de bharr nach bhfuil a dhothain airgid ann chun díol as – agus ar aghaidh. 

Bhí an fonn leithscéalach seachantach céanna le braistint ina chaint ag ocáid poiblí go gairid tar éis do teacht i gcomharbacht ar Bhrian O Comhain ag an Roinn Airgeadais.  Dúirt sé an uair sin go raibh sé de mhí adh air bheith ag teacht go dtí an phost nua seo aige ag uair go raibh cúrsaí ag imeacht le fána.  

Amhail is ná raibh sé ina aire sa Chomhaireacht roimhe sin!

Beag iontaoibh a bheadh agam as a leitheid seo de pholaiteoir agus sinn i gcruachás.  

 

Freagra