Dearcadh aisteach an “GAA” i leith na Gaeilge II

Taispeantas nach bhfeicfear a sharú aris go ceann i bhfad abea an scrios a rinne Cill Chainnigh ar na Déisigh inné i bPáirc an Chrócaigh.  Ar ndóígh ní raibh Port Lairge ar barr a maitheasa – ach ni h-ionann sin agus a rá go mbeadh aon fhoireann i ndán Cill Chainnigh iad a sharú inné, fiú foireann le laochra mór na h-iomána ag imirt leis – leitheidí Christy Ring, Tom Cheasty, Nicky Rackard is eile. 

Ar aon nós ní h-é sin an fath go bhfuilim ag filleadh ar chúrsaí GAA/CLG.  In agallamh atá foilsithe inniu san Irish Examiner, tá an méid seo le rá ag Danny Lynch, Oifigeach Caidrimh Poiblí an GAA faoin nGaeilge agus ról an chumainn ina leith: 

“I think for the 125th anniversary the GAA should refocus, and concentrate on promotion of the main games. Coming from a quasi-Gaeltacht area I have a huge interest in the Irish language, my kids are involved in it, but there are a multiplicity of highly-funded State agencies dealing with the Irish language, and I don’t think we should be taking on the amount of responsibility in that regard that we do. 

Is léir domsa ón ráiteas sin go bhfuil an GAA ag tarraingt siar ón nGaeilge agus ón ‘nGaelachas’ de réir a cheile.    Is léir freisin go gcreideann sé go bhfuil go leor ‘highly funded State agencies’ ag plé le ceist na Gaeilge agus nár cheart don GAA bheith páirteach san obair sin ‘an oiread agus atá’. 

Níl a fhios agam an é atá i gceist aige go bhfuil an oiread iar phearsaí móra le rá ón GAA atá anois ag suí go te in eagras amháin Ghaeilge nó eagras eile.    Leitheidí Liam O Maolmhichíl atá ina chathaoirleach ar Fhoras na Gaeilge nó Peter Quinn atá ina Chathaoirleach ar TG4 nó Seosamh Mac Donncha a bhí ina chathaoirleach ar TG4 agus ina phríomh fheidhmeannach ar an bhForas, ag am chéanna. 

Ar aon nós, tá gá le iniúcadh a dhéanamh ar an ról atá á imirt ag an GAA i leith na Gaeilge ag libhéal náisiúnta.   Faigheann an GAA scáírd airgid ón Rialtas – €100m do Pháirc an Chrócaigh [sin maoiniú in aon bheart amháin nach bhfuil faighte ag Foras na Gaeilge ón am ar bunaíodh é].  Tá ról tabhachtach á imirt ag cumainn ar an dtalamh – agus go leanfaidh sé – ar son na teanga.  

Ar aon nós, creidimse go bhfuil an dearcadh seo aisteach amach is amach ó Danny Lynch a shiolraíonn ó dhúchas ó ‘quasi Gaeltacht’ ar nós an Daingean… ach tugann sé léargas níos fearr dúinn ar dhearcadh an CLG/GAA i bPáírc an Chrócaigh i leith na teanga.  Agus is tarcaisne an t-aon fhocal a úsáidfinn chun cur síos a dhéanamh ar an ndearcadh sin….

3 thuairim ar “Dearcadh aisteach an “GAA” i leith na Gaeilge II

  1. ggn

    Nuair a smaonim ar an bheagan a dheanann an CLG o thaobh na Gaeilge de, cuireann sin scannradh orm.

    An t-aon rud ata fagtha na usaid na Gaeilge ar na clair agus srl.

    An bhfuil se ag iarraidh deireadh a chur le husaid na Gaeilge ar fad i gCLG?

    Freagra
  2. RG Cuan

    Bhuel, nuair a amharcann tú ar a laghad a dhéanann CLG ar son na Gaeilge – agus ar na deiseanna iontacha atá acu an teanga a chur chun cinn – ní iontas é an méid a dúirt an tUasal Ó Loinsigh.

    Níl lucht stiúrtha na n-eagríochtaí seo sásta eolas a chur ar an obair atá riachtanach – tá a fhios againn gur pobal na Gaeilge amháin a dhéanfaidh an difear agus ní lucht an mhaorlathais, bíodh siad in eagrais Ghaeilge nó eile.

    Freagra
  3. igaeilge Údar an Ailt

    Ní thuigim cén fath go mbeadh sé fánach bheith ag iarraidh ar TG4/CLG suí síos le cheile chun teacht ar shocrú réasúnta maidir le beo chraoladh i nGaeilge ar na cluichí móra ó fheilire an CLG. Is céist é sin ar cheart a réiteach.

    Mar an gcéanna le Cumann Sacair na hÉireann – is maith liom a léinte úra agus ”Éire” agus ”Captaen” le léamh go soiléir orthu – ach cén fath nach féidir le lucht leanúna an tsacair amharc ar na cluichí seo le trachtaireacht i nGaeilge. Mar an gcéanna le lúthchleasaithe agus imreoirí rugbaí agus eile.

    Creidim go bhfuil eagrais Ghaeilge ar nós Foras na Gaeilge agus TG4 á úsáid mar páirceanna féarach do boic mhóra an CLG ag an Rialtas. Chomh luath is atá an obair déanta acu – Peter Quinn ag forbairt Páirc an Chrócaigh, Joe McDonagh agus an obair a rinne sé ar Riail 21 agus Liam O Maolmhichíl agus an solathar ticéid d’airí rialtais is eile – faigheann siad ‘sinecure’ deas in earnáil na Gaeilge. Is iad na ‘lámha sabhailte’ – sé sin le rá ní dhéanfaidh siad tada a chuirfidh as don ‘status quo’. Táim ag díriú ar an dtriúr seo mar ba cheart go mbeadh an cumhacht acu, eatarthu, mar shampla a chinntiú go mbeadh an craoltóireacht beo ar TG4 do chluiche ceannais na hÉireann sa pheil. Cuirtear san áireamh go bhfuil triúr ó fhoireann Chiarraí ar cainteoirí ó dhúchas iad agus go bhfuair Kieran Donaghy a dheis ó na Underdogs agus, cinnte, tá roinnt Gaeil ar fhoireann Thír Eoghain freisin, ní lú ina measc, mas buan mo chuimhne, Stephen O’Neill!

    Tá RG ceart faoi na tosaíochtaí nach bhfuil ag lucht stiurtha na n-eagraíochtaí Ghaeilge, leitheidí an Fhorais agus TG4, ach caithfear é a chur in iul doibh ar bhealach feiceálach agus nach dtabharfaí suas ar an bhfeachtas.

    Tá tosaíochtaí eile ag daoine eile seachas an cheann a luaimse, an beo chraoltóíreacht – ach creidim go bhfuil an cath aonarach atá á fhearadh agam inbhuaite ach cloi leis. Agus sin a dhéanfaidh mé! Tá fáilte roimh tacaíocht ar ndoigh agus geallaim mo thacaíocht d’fhiontair agus d’fheachtais fhónta eile, leitheidí nós*, na Gaeil Óga, Raidio Fáílte.Rí Rá., Na Life etc.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s