Miley le filleadh…..ar Ros na Rún

 

Mick Lally nó Miley mar is fearr aithne do - ag filleadh ar Thir na Soball

Mick Lally nó Miley mar is fearr aithne do - ag filleadh ar Thír na Soball

Bhuel, a Dhia Bheannaithe, cé seo chugainn ach Miley.     Seacht mbliain tar éis do Miley slán a fhágáil linn ó Ghleann Rua, tá sé ag filleadh ar Thír na Soball ar an dteilifís.  

An uair seo beidh sé ag cur faoi i Ros na Rún, an baile beag Gaeltachta sin idir Gaillimh agus Cárna. 

Is maith an scéal go bhfuil Mick Lally, an t-aisteoir a bhí i bpáirt Miley i nGleann Rua ón gcéad eagrán go dtí an eagrán deiridh, ag filleadh ar ár scáileáin.   

De reir dealraimh beidh sé i bpairt caractair rachmasach a thagann go Ros na Rún agus a fhaigheann amach go bhfuil ceangal é le ceann de na príomh phearsaí sa sraid bhaile. 

Agus nuair a nochtar rúnta a chlainne – agus cad eile a deintear ar Ros na Rún ar aon nós – céard a tharlaíonn?   Tosnaíonn sé ar fheachtas chun díoltas a bhaint amach…..

Agus ar ndóigh níl a fhios againn an beo nó marbh do Jim O’Dowd tar éis an eagrán deireannach den séasúr seo chaite…..Agus cad faoi Ríona bocht, a bhean cheile, an mbeidh sise ag caitheamh cúpla bliain ‘ar saoire’ sa Teach Mhór de bharr an caidreamh mí fhortúnach a bhí aici leis an gcoirpeach seo? 

Beidh seo speisiúil – bígí ag fáire!

 

Jim agus Riona - lannúin mifhortúnach i Ros na Rún?

Jim agus Ríona - lannúin mífhortúnach i Ros na Rún?

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s