Dearcadh aisteach an “GAA” i leith na Gaeilge

 

Lá mór na h-Iomána Dé Domhnaigh - na Déise abú!

Lá mór na h-Iomána Dé Domhnaigh - na Déise abú!

Agus lá mór na h-iomána ag teannadh linn – go n-éirí libh a Chait agus a Dhéisigh – tá sé á thuairisciú ag Lá Nua nach mbeidh aon suiochán ar fáil dá dtuairisceoir sa bhosca phreasa i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh. 

Is cosúil go bhfuil ‘easpa spáis’ sa bhosca i mbliana agus, ar mhí amharaí an tsaoil, níl spás ann don t-aon nuachtán laethúil Gaeilge sa tír. 

Ar na cúiseanna a luaitear leis an diultú seo, tugtar le fios nach bhfuil an ticéad órga á eisiúint an Domhnach beag seo de bharr ná raibh tuairisceoir Lá Nua ag tuairisciú ón láthair ar na cluichí móra eile go dtí seo sa chraobh iomána.  

Tá údar gearáín ag an GAA ansan, cinnte.  Ach ní ar Lá Nua an locht go h-iomlán.  Tá an nuachtán ar a mhíle dícheall ag iarraidh nuachtán laethúil Gaeilge a fhoilsiú agus is éacht é gach lá a fhoilsítear é.  Tá an fhoireann chomh beag nach féidir tuairisceoirí a sparáíl le h-aghaidh turas a thabhairt go Páirc an Chrócaigh nó Páirc Semple nó eile gach Domhnach le linn an tSamhraidh. 

Tá go leor a cheapann nach bhfuil aon obair i gceist 12 leathnach in aghaidh an lae a líonadh, nó 16 leathnach go laethúil mar a bhí le linn domsa bheith sa chathaoir te, amhail is gur féidir é a dhéanamh agus tú ag suí go socúil agus cnaipe a bhrú agus tá sé déanta.  Caitear gach scéal a fhiosrú, a scríobh, a cheartú, eagarthóireacht a dhéanamh air, a cheartú, a chur ar an leathnach, a dhearadh, a eagarthóíreacht…..

Ní h-iad lucht CLG amháin a cheapann go bhfuil sé thar a bheith éasca nuachtán laethúil Gaeilge a fhoilsiú – ach lucht Fhoras na Gaeilge [nach féidir leo tuairisc bhliantúil a fhoilsiú ach cúig bhliain i ndiaidh na bliana a dtagraíonn sé do!]  agus fiú an ard bhainistíocht ag Lá Nua a cheapann go bhfuil sé maith go leor iriseoirí a chailliúint ón bhfoireann agus gan ionadaithe a fháil agus go leanfaidh an nuachtán ag foilsiú ar an gcaighdeán céanna i gcónaí.  Is léir nach dtuigeann siad Lá Nua!

Creidim go bhfuil droch dhearcadh ag Foras na Gaeilge i leith Lá Nua agus go raibh i gcónaí.   Ní maith leo an nuachtán neamhspleach seo bheith ag díriú orthu lá amháin agus ag lorg cúnaimh an lá ina dhiaidh sin.  Ceapann an Fhoras má thugann siad deontas – fiú mas deontas suarach é – go gceannaíonn sin na moltaí ón nuachtán a fhaigheann é.   Ní cheannaionn.  

Is minic a duradh liom, le linn dom bheith im eagarthóír, nár cheart bheith ‘ró chruaigh’ ar an bhForas mar gheall ar an dtuiscint sin, nach mbeadh aon cheann de na comhaltaí sásta seasamh ar ár son ag na cruinnithe boird.    

Uaireannta ghlac mé leis an gcomhairle agus choinnigh mé mo bhéal dúnta, mo riomhaire ina thost.   Uaireannta eile, thug mé an dhá bharaille doibh.     Dhein mé de reir mo choinsias agus de reir pé tuiscint atá agam ar mo bhlianta taithi iriseoireachta.  

Is mór an trua go bhfuil ar leitheidí Lá Nua brath ar dhream cosúil le Foras na Gaeilge chun cúnamh a thabhairt don nuachtán.  Nó níl fís ag an bhForas ar an rud is feidir a bhaint amach leis an cumhacht a thugann sparántacht an Rialtais doibh -níl siad ach ag iarraidh a chinntiú nach ndíreofar méar an mhilleáin orthu má iompaíonn sé ina chac. 

Sa chás seo tá reiteach ag Foras na Gaeilge ar chruachás Lá Nua maidir le cluiche an Domhnaigh – agus cluichí eile amach romhainn, an cluiche idir Ciarraí, ar a mbeidh ar a laghad triúr ón nGaeltacht sa chéad cúigear deag, agus Tír Eoghain san áireamh.   Dá gcuirfeadh cathaoirleach an Fhorais, iar Ard Stiurthóir an GAA, Liam O Maolmhichíl glaoch guthán ar Danny Lynch, Oifigeach Caidrimh Poiblí an CLG, ó Dingle/Daingean Uí Chúis ó dhúchas, agus a h-iarradh air an gar seo, is cinnte go mbeadh ticéad ann do Lá Nua.  

Ní gá airgead.  Ní gá ach an toil chun tionchar a imirt ar leas na Gaeilge.    Aon duine nach dtuigeann gur ar leas na Gaeilge, seachas ar leas Lá Nua, a bheadh sé ticéad don bhosca phreasa a bheith ag an nuachtán laethúil Gaeilge Dé Domhnaigh, ní thuigeann sé nó sí leas na Gaeilge. 

Mar eolas, bhí an deacracht seo agam ag tús mo ré le Lá Nua ach lean mé ag lorg na dticéad agus sa deireadh tháinig siad.  Fuair mé ticéad do shuiochán in Ardán Uí Ogáin i 2004 agus bhain mé sult as bua Chorcaigh ar na Cait.  An bhliain dar gcionn agus gach bliain ó shin go dtí i mbliana bhí mé sa bhosca phreasa.

2 thuairim ar “Dearcadh aisteach an “GAA” i leith na Gaeilge

  1. séamus Mac Seáin

    Ní fear mór spóirt mé ach chuirfeadh sé iontas orm murar ndéarnadh tuairisciú ar chluichí uile na bliana ó Pháirc an Chrocaigh ar Lá Nua bíodh sé ó’n láthair nó ó’n seomra suí.Táthar ann a déarfadh gur fearr radharc na téilfíse na radharc Sheastáin Uí Ógáin féin.Is ioma deacracht atá ag Lá Nua ach níl ganntanas suíocháin i bPáirc a’ Chrócaigh ar an cheann is tabhachtaí acu.An seachtain seo chuirfeadh dhá leathánach iomlána amú le háistriúchán Gaeilge ar scéal goirid de chuid Agatha Christe. Go sabhála Dia sinn ach tá muid ag scríobadh tóin an bháraile gan amhras

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Ní h-é an ganntanas suiochán is measa – ach an tarcaisne a bhaineann le dearcadh an GAA – cumann atá in ainm is a bheith ‘Gaelach’ ach nár thug cothrom na Féinne don Ghaeilge riamh.
    Léiríonn an scéal seo i Lá Nua chomh lag is atá an nuachtán i bhfirinne agus chomh lag is atá na meáin Ghaeilge i gcoitinne. Mura bhfuil an CLG sásta spás a thabhairt do nuachtán laethúil Ghaeilge in aice leis an Roscommon Champion don cluiche Dé Domhnaigh, mura bhfuil an GAA sásta cearta beo chraoltóireacht i nGaeilge a dhíol le TG4 ar phraghas réasúnta, leiríonn sé gur beag leis an eagraiocht an bunreacht atá acu. Cén fath nach bhfaigheann siad reidh le Riail 4 mar a fuair siad reidh le Riail 21, 42 agus eile mas é sin a ndearcadh?
    Reiteach sealadach mí shasúil é bheith ag tuairisciú ón seomra nuachta ar chluiche ceannas na hÉireann. Reiteach é mar sin féin – ach níl an tuairisceoir pioc nios fearr ná an t-é atá sa bhaile ag amharc ar an dteilifís é féin. Cén fath go gceannódh an t-é sin nuachtán nach bhfuil aon léargas nios fearr ann ná an léargas a bhí aige nó aici féin?
    Anuas ar sin creidim go bhfuil eagrais Ghaeilge ar nós TG4 agus Foras na Gaeilge lom lán le lucht CLG. Tá Peter Quinn ina chathaoirleach ar Bhórd TG4. Tá Liam O Maolmhichíl ina chathaoirleach ar Fhoras na Gaeilge. Bhí Seosamh Mac Donncha ina phríomh fheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge agus ina chathaoirleach ar Bhórd TG4, ag an am chéanna! Cad a fuair an Ghaeilge as seo? Faic na fríde go foill. Cad a fuair na fir seo as – post ard phroifíl agus gradaim. Tá sé in am na ceisteanna a chur ar na daoine atá ag fáíl an gradam agus an tuarastal na ceisteanna a fhreagairt….céard a dhein tú ar son na Gaeilge le déanaí?

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s