Maith thú Des!

 

Des Bishop

Des Bishop

 

 

De réir na tuairisce seo ó Mháiréad Ní Nuadháin ó RTÉ, d’eirigh chomh geal le clár Des Bishop, In The Name of The Fáda, go bhfuil leagan DVD den sraith le h-eisiúint in am don Nollag. 

Is cinnte gur sin feirín deas aimsithe againn don Nollaig cheana féin.  

Ach léiríonn na figiúirí i dtuairisc Uí Nuadháin go bhfuil éileamh thar na beartaibh ann don Ghaeilge i measc lucht féachana teilifíse – ach í a chur a lathair i gceart. 

Tá mé fós idir dhá cheann na meá faoi Scannal – sílim go bhfuil an sraith seo ag brath an iomarca ar chartlann RTÉ agus ar dornán bheag iriseoirí chun tuairimí a nochtadh.  Dá mbeadh clár ceart ar nós Cúrsaí ina mbeadh fíor nochtadh fíricí ar RTÉ bheinn níos sasta ach is ainmhí an cineál cláir sin nach bhfaighidh tú ar RTÉ nó TG4. 

Ar aon nós, tá Máiréad, arbh í an eagarthóir coimisúnaithe ar chláracha Gaeilge, ilchultúrtha agus oideachais, an sasta leis an aischothú a fuarthas ó chlár Des. 

Moladh amháin a bheadh agam maidir le clár Ghaeilge.  Ba cheart clár a choimisiúnú nach mbaineann le h-athbheochan na teanga ach a tharlaíonn do bheith i nGaeilge.  Clár siamsaíochta, clár spóirt, dráma, clár iriseoireachta fiosraithí.  Is cuma.

3 thuairim ar “Maith thú Des!

  1. aonghus

    Ba cheart clár a choimisiúnú nach mbaineann le h-athbheochan na teanga ach a tharlaíonn do bheith i nGaeilge.

    Is fíor dhuit.

    Tá méid áirithe ann – cláracha Dermot Somers, abair

    http://www.ctlfilms.com/p1/productions.htm

    Ach tá feidhm le i bhfad níos mó. Is trua go bhfuil TG Fóir ar adhastar na fograíochta.

    Dá mba craoltóir ceart seirbhisí poiblí iad – cosúil leis an BBC nó an ARD sa Ghearmáin – agus maoiniú cheart acu, sílim go mbheadh rudaí i bhfad níos fearr acu.

    Tá éachtaí deánta ag leithéidí Telegael, Nemeton & rl an bheagán airgid.

    Freagra
  2. séamus Mac Seáin

    tá mé go díreach tar éis teacht amach as an oispidéal, i ndhiaidh seal a chaitheamh ann ,agus cád é atá romhaim ach moladh eile ar Des Bishop,go deimhin bhí fonn orm greadadh liom isteach arais.Cad é an galar atá orainn mar Ghaeil go dtágann sceitimíní orainn má léiríonn duine ar bith as baile isteach suim in ár dteanga( leannán a d’fhag mo Gile mear, Séamas A Chaca orainn b’fheidir?).Nífhaca mé féin Des cóir ach aon uair amháin agus agus ní raibh sé féin na á chuid grinn thar moladh beirte.Seo bearla a ba mhó a bhí ann agus cúpla focal Gaeilge caite isteach ann.Dá mbainfí gach FOC agus Cunt amach as a ramhalaíocht is beag a bheadh fágtha.Ma’s sin an bealach leis an teanga a dhéanamh faiseanta tcí Dia sinn

    Freagra
  3. igaeilge Údar an Ailt

    Tá athas orm a chloisteáil go bhfuil tú amuigh ón oisbidéal, a Shéamuis. Thug mé faoi ndeara ná raibh tú thart anseo le tamall. B’fheidir go bhfuil tú abhairín cruaigh ar Des bocht – nó ón meid taithi atá agamsa ar fhir grinn, is droch theanga a gcéad teanga. Mar sin ní h-aon íontas má bhionn na focail gairsiúla atá luaite agat scaipthe trid a chuid cainte.

    Ar aon nós, ní gá a rá nár cheart an DVD nua ó Des a chur chugat mar fheirín Nollag!

    Chuala mé Gerry Ryan ag gabhail don teanga brocach céanna ar chlár teilifíse aréir ar RTÉ – bhí sé ag cur Gordon ‘XXXX’ Ramsey faoi agallamh. Ní miste liom corr droch fhocal ón t-é atá faoi agallamh – ach cuireann sé as dom nuair atá an t-agallamhóir á dhéanamh.

    Chomh fada agus a bhaineann sé liomsa b’é Michael Parkinson an duine is fearr riamh a chuala mé ag cur daoine faoi agallamh i mBéarla agus níor usáid seisean droch chaint riamh beo ar an dteilifís.

    Ach b’fheidir gur sin scéal do lá eile….

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s