Sarah Palin – Tali-bean sa Teach Bhán

 

Sarah Palin

Sarah Palin

Iris Robinson

Iris Robinson

Creidim go bhfuil botún mór déanta ag Poblachtaithe Mheirceá, nach ionann iad agus poblachtaithe na hÉireann, le roghnú mar iarrthóír don Leas Uachtarántacht, Sarah Palin. 

Ar ndóigh tá sí dathúil.  Ach tá go leor ceisteanna faoin mathair seo a chothóidh amhras faoi fheachtas a bhí amhrasach roimhe seo, feachtas John McCain. 

Ní airím an conspóíd atá sna cinnlínte faoi láthair – an í Bristol Palin an chéad cailín 17 bliain d’aois a bhain amach príomh leathnach an Irish Times de bharr gur tháinig sé chun solais go raibh sí ag iompar. 

Ach tá buairt orm faoin gcaidreamh atá ag a mathair, an iarrthóir, leis an Eite Dheis ‘Criostaí’ i Meirceá.  Deirtear go bhfuair feachtas McCain bónas $10m nuair a h-ainmníodh Palin mar uimhir 2 ar thicéad McCain.  Dearbhaíodh freisin nár chas McCain lei ach trí n-uaire. 

Maith go leor.   Ach creideann an bean seo sna rudaí céanna a chreideann Iris Robinson agus a cáirde san DUP ann. Creideann siad nár cheart go mbeadh cead ag lannúnacha aon inscne pósadh. Creideann siad nár cheart go mbeadh cead ag bean rogha a dhéanamh ginmhilleadh a bheith aici sa chás, mar shampla, go n-éagnaitear í.  Creideann siad freisin gur cheart an cruthaitheachas – sé sin gur chruthaigh Dia an domhan agus a bhfuil ann i seacht lá – i ranganna EOLAIOCHTA.   

Is gráin liom an bealach a mheasctar cúrsaí creidimh le cúrsa polataíochta anseo in Éirinn agus i Meirceá.  In ainneoin go maitear go bhfuil ‘deighilt idir an Eaglais agus an Stát’, tá blaiseadh searbh ag baint leis na h-iarrachtai ag daoine mar Sarah Palin agus George Bush roimpí – agus an Taliban san Afganastáin leis an Dlí Sharia – a gcreideamh pearsanta a chur ar chomhchéim leis an dlí.  Ba mhaith leo go mbeadh gach duine chomh ‘morálta’ leo. 

Aisteach an scéal gurb é an Pairtí Poblachtach, pairtí a bhionn i gcónaí i gcoinne láimh a bheith ag an Stat i ghnó an duine, atá ag tabhairt ardán don dearcadh Talibeanach seo. 

Ach b’fheidir nach aisteach.  Thugas faoi ndeara alt i nuachtán Domhnaigh ag an dTóraí Sasanach Simon Burns inar mhaigh sé gur pairtí gránna den eite dheis é Pairtí Phoblachtach Mheirceá.  Nuair is féidir le Tóraí a leitheid sin de liamhaint a dhéanamh id choinnibh, ba cheart duit eirí as….

Aon bean a chaitheann vóta ar son Sarah Palin agus a fhios seo aici faoi pholataíocht an mhnaoi, is cinnte ná raibh si riamh chun votáíl ar son Hillary Clinton nó nil aon chosúlacht in aon chorr idir an bheirt bhan seo. 

Ach tharla rudaí níos aistí sa pholataíocht.  Cé a shamhlaigh, mar shampla, go n-eireodh le Fianna Fáíl, faoi cheannas Bertie Ahern, an triú téarma rialtais a bhaint agus a fhios ag an saol mór go raibh cúrsaí ag athrú chun donais de bharr mí riail an Rialtais?

Aon tuairim amháin ar “Sarah Palin – Tali-bean sa Teach Bhán

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s