Eitpheil na Gaeilge II

Is cosúil go bhfuil Sinn Féin glórach arís ar cheist Acht na Gaeilge.  Ar feadh i bhfad bhí siad ina dtost amach is amach – ach anois os rud é go bhfuil eigeandáil sa phroiseas pholatúil, tá an Ghaeilge á lua os ard ag an bpairtí. 

Sa phríomh scéal i Lá Nua inniu, tá sé ráite ag urlabhraí SF nach bhfuil an pairtí sasta glacadh leis nach mbeidh Acht Ghaeilge ann.  Diultaíonn siad don argóínt, mar ar dhiultaigh POBAL rompu, go leanfadh costas ollmhór Acht na Gaeilge mar go mbeadh teangacha eitneacha sa Bhreatain, leitheidí Uirdis agus eile, ag lorg cearta mar an gcéanna.   Rud nach bhfuil fíor.

Ach mar a dúirt mé roimhe faoi iarrachtaí Shinn Féin ar an gceist seo, tá siad glórach maith go leor.  Ach cá bhfuil an gníomh dionghabhailte?   Go fóíll níl siad ag cloí leis an sprioc a leag siad féin síos chun an phairtí a Ghaelú laistigh de 10 mbliain.  

Is mór an trua, freisin, nach bhfuil Lá Nua ag déanamh anailíse ar an scéal seo, faoi mar a bhíodh, seachas gan a bheith ach ag tuairisciú na raitis is déanaí ó SF ar an gceist.   Tá an locht á chur ag an eagarfhocal i Lá Nua ar an dá rialtas – agus tá siad ciontach maith go leor as an neamairt seo a dhéanamh – ach ní leo san a stopann an imirt ach le SF atá mí eifeachtach amach is amach ar an gceist.   Tá SF sásta leanúint ag imirt eitpheile leis an nGaeilge agus á chur sall agus anall thar an líontán – ach níl aon cuma ar an scéal go bhfaighidh siad scór san imirt faoi mar atá sé.

2 thuairim ar “Eitpheil na Gaeilge II

  1. Sinn Feineach

    An contuirt ata ann le d’argoint a Chonchubhar na go mbeadh cuid mhor daoine i SF ag ra, bhal, foc na Gaeilgeoiri, ni feidir iad a shasamh, fiu agus do dhicheall a dheanamh agat.

    Is aisteach liom daoine ag tabhairt tacaiochta don SDLP de bhri nach bhfuil SF laidir go leor!

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Níl SF EIFEACHTACH a dhothain. Nílim ag tabhairt tacaíocht don SDLP – ach níl a fhios agam an difir idir pairtí atá laidir agus mí eifeachtach ag baint na spriocanna amach agus pairtí atá lag agus mí eifeachtach….

    Baineann SF úsáid as an nGaeilge nuair is mian leo. Is ar leas SF atá siad seachas ar leas na Gaeilge. Ba mhaith liom a mhalairt a chreidiúint – ach tá an iomarca gheaitsíochta feicthe agam.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s