Eitpheil na Gaeilge

De réir phríomhscéal Lá Nua inniu, tá iarracht eile déanta deireadh a chur leis an feachtas ar son Acht na Gaeilge ó thuaidh.   An iarraidh seo is le bréaga agus droch thuairisciú atá an feachtas á chur ó mhaith is cosúil.   

Nó is é sin atá le léamh sa nuachtán Shasanach The Observer in alt de chuid eagarthóír Éireannach an nuachtáin, Henry McDonald.

De reir an ailt, tá Sinn Féin agus an lobaí ar son Acht Ghaeilge ag lorg go mbeadh an Ghaeilge ar chomhstadas leis an Bhéarla.   

Níl seo fíor.  San éileamh is  uaillmhianaí a cuireadh faoi bhráid an phobail ag POBAL, scath eagras na Gaeilge ó thuaidh, ní raibh sin á lorg.   Bhí cosaint reachtúil á lorg don Ghaeilge i réimse rannóga ach ní raibh sé riamh i gceist go mbeadh An Ghaeilge ar chomh chéim leis an Bhéarla.    Aitheantas ar nós an aitheantas atá ar fáíl theana féin don Bhreatnais agus do Ghaeilge na hAlban atá á lorg. 

Ar ndóígh nuair a fuair an dhá theanga sin aitheantas oifigiúil i reachtaíocht Westminster, ní raibh caint ann faoi na h-impléachtaí do theangacha nach teangacha dúchasacha iad, leitheidí Urdu is eile.    Ní raibh mar ní bhaineann siad le h-abhar. 

Tá mise ar son reachtaíocht a thugann tacaíocht don Ghaeilge i réimsí tabhachtacha dár saol – san earnáil oideachais, i réimse na meáin cumarsáide, sna cúirteanna.    Nílim ar son breis maorláthais Ghaeilge nó ar son focal amháin a aistriú go Gaeilge nach bhfuil éileamh air. 

An deacracht le Sinn Féin – agus deir siad é san alt i Lá Nua inniu: 

“Ní h-amháin go bhfuilimíd ag troid leis na hAontachtóirí agus le Rialtas na Breataine ach tá muid ag comhoibriu le Rialtas Bhaile Atha Cliath féachaint caidé is féidir tabhairt isteach,” arsa urlabhraí de chuid Sinn Féin. 

Sea.  Tá sibh á dhéanamh sin cinnte – ach céard atá bainte amach agaibh?  Cad é an plean?  Nó an é an plean bheith ag troid libh i gcónaí gan faic á bhaint amach ach ógánaigh a mhealladh chughaibh féin chun leanacht leis an dtroid?    Is feachtas gan deireadh é mar sin agus níl mar aidhm aige ach an feachtas a choimead beo seachas an rud atá luaite mar sprioc an fheachtais a bhaint amach. 

Tá sé in am fán dtrath seo athmheas a dhéanamh ar na spriocanna agus na straitéisí a bhaineann le hAcht na Gaeilge.  An bhfuil siad réalaíoch? Céard atá á bhaint amach leo?  An bhfuil aon toradh orthu?   Mura bhfuil tá gá le filleadh go dtí an cúl seomra chun plean eile gniomhaíochta a chumadh agus, b’fhéidir, sprioc difriúil a chumadh.  Cad faoi cosaint na nGaelscoileanna?  Nó cur leis na meáin Ghaeilge?  Nó cead cainte sna cúirteanna – béim a leagadh ar na rudaí phraicticiúla seachas an rud siombalach. 

Tá ard mheas agam ar Janet Muller agus POBAL as ucht an méid atá déanta aici agus ag an scath eagras ar son cearta teanga ó thuaidh.   Is iad, thar aon phairtí pholatúil, atá ag brú an fheachtais ar son na teanga ó thuaidh.   Tá toradh níos fearr tuilte acu seachas liathroíd pholatúil a bheith á dhéanamh den Acht Ghaeilge agus í ag eitilt ó rialtas go rialtas mar a bheadh eitpheil i gcluiche craoibhe sna Cluichí Oilimpeacha! 

Thall ar an mbalcóin, tá foilsitheoir Lá Nua, Máirtín  O Muilleoir ag nochtadh a bharúil faoi thuairisc McDonald.  Tagaim leis. 

Thall ar Slugger, tá an diospóireacht ag eirí teasaí ar an abhar seo.  Tá fear amháin a chreideann gur ionann reachtú Acht Ghaeilge agus glacadh leis go mbeidh córas iompar do Ghaeil amháin ó thuaidh.    Is léir gur réalt thaistealaí mo dhuine….

Aon tuairim amháin ar “Eitpheil na Gaeilge

  1. Ceithearnach

    Ceart ar fad ag na Ceithearna Coille dar liomsa. Chreid muidne i gcónaí narbh fhéidir Acht Gaeilge, feachtas gnímh dírí atá de dhíth as seo amach, tá gach doras eile druidte ag an ciníochas lom.

    Ar aghaigh linn!

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s