Slán le Village

 

Vincent Browne, iar eagarthóir Village, ag sileadh na ndeor agus bás na h-irise á fhógairt

Vincent Browne, iar eagarthóir Village, ag sileadh na ndeor agus bás na h-irise á fhógairt

 

 

Seo an freagra a thug mé ar an méid a dúirt Eoghan O Néill agus é ag trácht ar bhás Village thall ar An Druma Mór. 

 

Gan amhras tá an ceart agat – ba cheart go mbeadh iris shlachtmhar cúrsaí reatha ann do phobal leitheoireachta na Gaeilge – ach is cinnte go gcuirfidh cliseadh Village isteach ar an moladh sin nó ba iris slachtmhar Béarla é agus nior eirigh leis na cosa a thabhairt leis dá fheabhas é. Anuas ar sin tá irisí ar nós Hot Press agus a thuilleadh nach iad ag fulaingt cailliúintí (chaill Hot Press suas le 40% dá leitheoirí anuraidh de reir tuairisce sa Sunday Times ag an deireadh seachtaine).

Tá cúpla deacracht ann – tá iomaiocht ghéar ann in earnáil na n-irisi ón mBreatain agus tá ag eirí go geal leo mar tá siad saor agus tá teacht acu ar na nithe go bhfuil speis ag an sprioc mhargadh, mná óga ag an ngruagadóir is ag an bhfiaclóir. Irisí ar nós Heat agus Hello atá i gceist agam.

Ar an láimh eile tá iomaíocht fíor ghéar ag irisí cúrsaí reatha ó bhlaganna – ar nós an chinn seo. Ní féidir iris a dhéanamh chomh saor is ar féidir blag a dhéanamh. Bíodh is go bhfuil éileamh ann ó bheagan daoine le h-aghaidh iris clóite – dá fheabhas é ni doigh liom go bhfuil an 300 sintiús aimsithe ag lucht nós* go fóill dá leagan clóite. Is mion imreoirí iad lucht na Gaeilge i margadh na n-irisí agus na meáin clóíte. Nuair nach bhfuil tú ag caint ach ar cúpla míle iris a dhíol ar a mhéid, ní féidir leat dul in iomaiocht le dreamanna atá ag iarraidh cúpla céad míle iris a dhíol.

Ba bhrea liom iris agus is cinnte dá mbeadh níos lú caiteachais ar fhógraí móra dhá theangacha san Irish Times – mar a bhí inniu le h-aghaidh Cúnamh Éireann – go mbeadh níos mó airgid ar fáil le h-aghaidh foilsiú abhair i nGaeilge a bheadh éileamh air agus leitheoirí aige.

Ní miste a lua, chomh maith, go bhfuil margadh níos mó ann do nuachtáin Ghaeilge ná mar atá do leabhair Ghaeilge agus mar sin dá ndíreofaí an t-airgead atá á chaitheamh ar leabhair Ghaeilge ar iris mhaith, b’fheidir go mbeadh fiúntas ansan. Ar an lá is measa dhíolfadh Lá/Lá Nua go maith os cionn 1.500 cóip.  Ar an lá is fearr ní dhíolfadh leabhar Ghaeilge, seachas leabhar Harry Potter b’fheidir, níos mó ná cúpla céad coip.

Ní h-é go bhfuilim i gcoinne leabhair Ghaeilge ach ba mhaith an rud é dá mbeadh tacaíocht ann do leitheoireacht Ghaeilge agus i gcead d’údair Ghaeilge agus d’fhoilsitheoirí leabhair Ghaeilge, cé is móide de leitheidí Leabhar Breac agus Cló Mhaigh Eo agus An Snathaid Mhór, ar eigean go bhfuil furmhór na leabhair eile a fhoilsítear i nGaeilge inléite. Níl siad tarraingteach ar aon nós dá fheabhas iad mar shaothair litriochta. Tá’s agam, mar shampla, go bhfuil foilsitheoir amháin go bhfuil cúpla céad míle leabhar aige i storas agus iad ag lobhadh leo de bharr nach féidir iad a dhíol ar ór ná ar airgead. Is iad sin cothrom na meaisíní leictreonacha votála.   

B’é seo an méid a bhí le rá ag Eoghain féin: 

Drochscéal amach is amach go bhfuil Village, iris Vincent Brown, le dul as gnó. Tá an t-iris le trí bliana, a bheag nó a mhór, agus dála Brown féin thug sé guth difriúil isteach sna meáin Eireannacha, meáin atá coiméadach go maith agus i bhfad róchompórdach. Thug sé ardán fosta do na daoine sin a creideann gur rud dúchasach sa tír seo a bheith ar son iad sin atá thíos seachas cloch a chaitheamh orthu. Margadh thar a bheith deacair margadh na n-irisí in Eirinn (gan trácht ar mhargadh na nuachtán) agus aisteach go leor bhí ag éirí go measartha maith le Village i mbliana sular thosaigh margadh na bhfógraí ag dul i ndísc. Crothnófar Village ach tá mé cinnte de nach fada go dtabharfaidh Vincent Brown faoi thogra eile a bheidh chomh fiúntach céanna. Is é an trua é nár fhoghlaim sé Gaeilge agus go gcuirfeadh sé leithéidí Village ar fáil dúinn i nGaeilge. Maith is uile mar atá Nós (agus beidh mé ag filleadh ar an cheist sin gan mhoill nó tá daoine fós ag scríobh freagraí ar an bhlag sin a rinne mé faoi coicís ó shin) ach maith is atá agus maith is a bheidh Comhar nua nuair a thiocfaidh sé tá iris cuimsitheach cúrsaí reatha de dhíth don ghnáthléitheoir, bíodh sé óg nmó aosta. San áiteamh a sheol mé chuig an fóras maidir leis an chonradh chun nuachtán laethúil a chur amach mhol mé go mba cheart go mbeadh sé i gconradh Foinse agus Lá go gcuirfeadh siad ar fáil iris sleachtmhar mar chuid dá ngáthsholáthar. Creidim ann go fóill. Ní féidir gach rud a rá in alt 500 focal. Agus aisteach go leor tá tóir iontach ag léitheoirí an Irish Times, Indo, Guardian srl ar na hirisí a bhíonn ag na nuachtáin sin.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s