Bean an Tí Bháin?

 

An Gobharnóir Sarah Palin - iarrthóir leas Uachtarántachta Phairti Phoblachtach Mheirceá

An Gobharnóir Sarah Palin - iarrthóír leas Uachtarántachta Phairtí Phoblachtach Mheirceá

Is cosúil go mbeidh bean ag seasamh sa Toghchán Uachtarántachta i SAM i mí na Samhna – ach ní Hillary Clinton a bheidh ann. 

Mathair óg 44 bliain d’aois í Sarah Palin agus tá cúigear paiste aici agus a fear.   Is í an Gobharnóir ar Alaska ó thús 2006 agus is beag taithi atá aici ar pholataíocht ag libhéal náisiúnta SAM. 

Ag an am chéanna tá si tar éis dúshlán a thabhairt do chomhlachtaí ola atá ag taiscéalú in Alaska agus, le cois sin, tá sí tar éis cur as do bhoic móra a pairtí, na Poblachtánaigh, in Alaska.   

D’fhéadfadh seo bheith ina droch scéal ag Obama nó tá sé siúd ag diriú ar vóta na n-óg go mór – agus os rud é nach bhfuil sé ach 47, bhí buntaiste nach beag aige thar McCain, atá 72 inniu.    Anois beidh Sarah Palin in ann dul in iomaíocht thar cheann McCain don aois ghrúpa seo.   

Le cois sin is bean í, mar is léir, agus b’fhéidir go dtabharfaidh sin údar breise do lucht tacaíochta Hillary Clinton gan vóta a thabhairt do Obama, an t-é a bhain na cosa dá laoch le linn feachtas na réamh thoghcháin. 

Agus anuas ar sin is “Criostaí Coimeadach’ í, rud a chiallaíonn go bhfuil sí chun votaí na h-eite deise a mhealladh ar son McCain atá amhras faoina chúmas amhlaidh a dhéanamh de bharr go bhfuil sé ‘ar son rogha na mban’ i gcásanna ginmhillte. 

Tá casadh speisiúil tagtha ar scéal an toghcháin seo.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s